Cumann Forbartha Chois Fharraige

Item

Teideal
Cumann Forbartha Chois Fharraige
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I Márta na bliana 1966 a bunaíodh an Cumann Forbartha, cúpla seachtain roimh chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca. Bhí an pobal i gCois Fharraige an t-am sin in ísle brí ag an eisimirce mar gur beag deis mhaireachtála a bhí ar fáil san áit. Ní raibh aon fhorás ar thurasóireacht agus cé gur breathnaíodh ar an nGaeilge go náisiúnta mar acmhainn nádúrtha, ní fhaca siad siúd í a raibh sé de nós acu í a iompar leo ó ghlúin go glúin ach mar bhac cumarsáide orthu sna háiteanna a raibh orthu a dhul le greim a mbéil a shaothrú dóibh féin agus dá gcúram.
Údar
Peadar Mac an Iomaire
Ábhar na hIrise
Forbairt Phobail
Bliain
2016
Aitheantóir
BI2016A02
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige