Oíche Fhéile Shan Seáin
Item
-
Teideal
-
Oíche Fhéile Shan Seáin
-
Cur Síos
-
Ba chuid de thuiscint ár sinsear é go raibh an bhliain roinnte ina dhá leath, mar atá, leath an gheimhridh agus leath an tsamhraidh. B’fhéile mór acu tús gachroinne acu seo (Samhain agus Bealtaine) agus b’fhéilte móra acu freisin laistigh de gach ceann den dá roinn seo, tús shéasúr an earraigh (Lá ’le Bríde) agus tús shéasúr an fhómhair (Lá Lúnasa). D’eascair an leagan amach seo ar fhéilte na bliana as an saol
tréadach, an stíl bheatha bunaithe ar thalmhaíocht a chleacht siad. Ach bhí aird acu freisin ar fhéilte a thug aitheantas do thimthriall reanna neimhe agus go sonrach do ghrianstad an gheimhridh agus do ghrianstad an tsamhraidh, féilte a raibh ceiliúradh mór orthu in a lán cultúr.
-
Údar
-
Pádraig Ó Héalaí
-
Ábhar na hIrise
-
Béaloideas
-
Bliain
-
2019
-
Aitheantóir
-
BI2019A09
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige