Míreanna
-
Gleann Colmcille 'Gleann Colmcille', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 4, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Daingin 'Daingin', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 4, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Rataí-Thiar agus Toir 'Rataí-Thiar agus Toir', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 4, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Corca Duibhne 'Corca Duibhne', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 4, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Cloicheannaola 'Cloicheannaola', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 4, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Sin Ceist Eile 'Sin Ceist Eile', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Aerstad Uran Mór 'Aerstad Uran Mór', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Glanadh Eitinn Bóachta 'Glanadh Eitinn Bóachta', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Baol do Bradain na hÉireann 'Baol do Bradain na hÉireann', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Aith Breithniú ar Cúrsaí Telefís Éireann 'Aith Breithniú ar Cúrsaí Telefís Éireann', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Bánú na Tuaithe - Fadhb Pleanla 'Bánú na Tuaithe - Fadhb Pleanla', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 3, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Ardú beag Airgid 'Ardú beag Airgid', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 2, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
An tAthrú san i Trial Labhairt na Gaeilge 'An tAthrú san i Trial Labhairt na Gaeilge', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 2, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Scéalta Grinn 'Scéalta Grinn', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 2, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Míshásta le hÚsáid na Gaeilge 'Míshásta le hÚsáid na Gaeilge', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 2, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Ionad agus Comhartha Forlamhas Shasana 'Ionad agus Comhartha Forlamhas Shasana', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 2, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Coláiste Teicneolaíochta ar £400,000 'Coláiste Teicneolaíochta ar £400,000', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 1, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
An tAthrú san i Trial Labhairt na Gaeilge 'An tAthrú san i Trial Labhairt na Gaeilge', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 1, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Cúrsaí le hIascairí a Oiliúnt mar Scipéirí 'Cúrsaí le hIascairí a Oiliúnt mar Scipéirí', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 1, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Dáiliú Scoláireachta Gaeltachta 'Dáiliú Scoláireachta Gaeltachta', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 1, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Eagarfhocal 'Eagarfhocal', cóip scanta d’alt ó Imleabhar 9, Uimhir 1, Leathanach 1, den nuachtán Amárach, 01 Eanáir, 1965. -
Seanscoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seanscoil Sailearna. An í sin Cáit Bn. Uí Chiardha i mbun ranga lá breá gréine sna caogadaí? -
Beartla Stiofáin Ó Conghaile agus a bhean, Jude Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Beartla Stiofáin Ó Conghaile agus a bhean, Jude -
Máirtín Mór Ó Tuairisg as an Lochán Beag Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Máirtín Mór Ó Tuairisg as an Lochán Beag -
Coláiste Lurgan Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Mhárthainn Phádhraic/An Mhárthainn Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
An Deoraí Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Agallamh Beirte: An tAsbal agus an Filí Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Biseach Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Litreacha i mBiseach 1968 Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
An tAth. Seán Ó Gráda S.P. Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Amhrán an Chaora Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
An Sean-Fhear agus an Ministéara Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
An Gearrán Bán Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Feilm in Éirinn Fadó Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Bliain na nArda Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Biseach 1968: Eagarfhocal Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Biseach 2019 Biseach 2019, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1968 Biseach 1968, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Maitiú Ó Tuathail Rugadh Maitiú Ó Tuathail, nó Matt Mhicilín mar is fearr aithne air, ar an gcéad lá d’Fheabhra 1919 i dteach beag ceann tuí i mBaile na hAbhann, Coill Rua Thiar. Dá réir sin, bhí sé 100 bliain d’aois Lá ’le Bríde na bliana seo. Micheál Ó Tuathail a bhí ar a athair, agus ba as Baile na hAbhann, Coill Rua Thiar dó. Bhí sé pósta ag Sorcha Ní Loideáin, as an mBóthar Buí, paróiste an Chnoic. Chomh fada le mo bharúil phós siad i 1916. Bhí triúr clainne acu – Máire, Maitiú agus Jude. Bhí Máire ar an mbean ba shine, Maitiú ar an dara duine agus Jude ar an duine ab óige. Fuair Micheál bás nuair a bhí Maitiú 7 mbliana. -
Gaibhne i gCeantar an Spidéil Chonaic mé ceárta an tSiáin ag obair thart ar 1950. Chonaic, cé gurb é mo chloch nirt é cuimhneamh siar chomh fada sin. Is cuimhneach liom Tom an Ghabha ag iompar na hinneonach taobh thoir den cheárta. Níl a fhios agam cén meáchan a bhí san inneoin mhór sin ach bheadh sé ag bordáil ar 150 punt meáchain. Fear láidir a bhí ann agus is cuimhneach liom é a fheiceáil freisin ag siúl suas bóithrín na ceártan, tráthnónta tar éis a chuid oibre, é glanbhearrtha, le go n-ólfadh sé cúpla pionta thiar i sráidbhaile an Spidéil. -
Aighneas Iascaireachta 1935 I lár shamhradh na bliana 1935 thug tuairim is cúig fhear fhichead de chuid mhuintir na háite – an Tulaigh, Baile na hAbhann, an Chloch Mhór – aghaidh ar Loch na Creibhinne, nó Loch Bhaile na hAbhann, agus chuaigh siad ag iascach sa loch, a bhformhór ón mbruach, ach chuaigh triúr nó ceathrar amach i mbád. Iascach mar dhea a bhí ar siúl ag an gcuid is mó acu – d’admhaigh duine den lucht eagraithe, Séamus Ó Conghaile as Baile na hAbhann (Séamus Phat Shéamuis), ina dhiaidh sin gur slat sailí agus píosa twine ceangailte de a bhí aige féin. Tamall ina dhiaidh sin tháinig an té a mba leis cearta iascaireachta na locha, Michael Wallace, ar an láthair, le beirt ghardaí, agus tógadh ainmneacha. -
An Tannery i nGaillimh Ní mba teach é an tannery a raibh daoine ag iarraidh mórán eolais a chuir air, mar a deireadh an seandream ‘teach tórramh na mart’. B’áit é a raibh cur síos mór air agus diabhal mórán duine nár chuala caint air. Is ann isteach a thugtaí gach a mbíodh go chraicne caorach agus beithíoch ag an slaughter house gan trácht ar bith ar an méid eile a thagadh isteach ann ó chuile áit ar fud an chontae mar mharaíodh go leor go mhuintir na tuaithe a gcuid beithíoch agus caorach fhéin. B’amhlaidh a shaillidís an mart nó an beithíoch go díreach glan mar a shaillidís an mhuic, é a ghearradh suas ina phíosaí agus é a chuir i mbairille picil. -
Cá bhfuil ár dTriall? Shíl mé ar feadh scaitheamh maith den bhliain seo caite gur ar liosta na marbh a bheadh m’ainm san iris seo. Ba mhaith an tsíleachtáil dhom é: bhí ráig den ailse tar éis mé a chur ar chúl mo chinn, mar a dhéanann an galar míthrócaireach céanna le mórchuid daoine atá i bhfad níos óige ná mise. Deirtear nach maródh an deabhal an drochrud. Más fad nó gearr é, tá mise ar an taobh ceart den scraith go fóill agus mórchuid de na hathruithe atá feicthe agam ag seársáil anonn is anall trí m’intinn. -
An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin as Cor na Rón As agallamh a rinne Donncha Ó hÉallaithe leis an gcomhairleoir contae nua, Daithí Ó Cualáin, go gairid tar éis an toghcháin. Daithí Ó Murchú a rinne an tras-scríobh -
Scoil Sailearna: Focal Buíochais ón bPríomhoide Thosaigh mé mo thréimhse mar phríomhoide i Scoil Sailearna i Mí Feabhra na bliana 2001. I Scoil Iognáid istigh i nGaillimh a bhí mé ag múineadh ag an am nó sa “Jes” mar is fearr aithne air. Cé go raibh mé an-sásta i Scoil Iognáid ba é mian mo chroí i gcónaí a bheith i mo chónaí agus ag obair sa nGaeltacht. Bhí cáil na Gaeilge, na drámaíochta agus an chultúir Ghaelaigh ar Scoil Sailearna agus ar cheantar Chois Fharraige agus nuair a fógraíodh an post thapaigh mé an deis agus bhí an t-ádh orm gur mise a ceapadh mar phríomhoide nua ar an scoil. -
Ballaí Uí Chadhain Nuair a shiúlann tú suas Cor na Rón Láir, baile beag gnóthach é, tá go leor ar siúl. Trácht ag dul suas agus anuas, daoine ag teacht agus ag imeacht. Páistí ag súgradh, daoine ag obair, comharsan ag caint agus ag comhrá lena chéile...cosúil le aon bhaile eile in aon tír eile is dóigh, ach amháin má shiúlann tú cúpla míle suas an bóthar is scéal an-difriúil é. Scéal níos dorcha, scéal faoi thithe tréigthe i lár portaigh Chor na Rón, tréigthe i rith bhlianta an drochshaoil -
Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin... Thall sa Róimh a pósadh muid leathchéad bliain ó shin ar an 18ú Lúnasa 1969. Ní éirí in airde de chineál ar bith a thug chomh fada leis an Róimh muid ach cinneadh fíorphraiticiúil. Bhí chuile scilling dá raibh muid a shaothrú caite ar theach nua a bhí muid a thógáil. Bhí sé mar aidhm againn é a chríochnú de réir a chéile agus gan aon mhorgáiste a chur faoinár muineál. Sheet chipboard a bhí mar dhoras tosaigh againn agus pleainc ina aghaidh ón taobh istigh, ach bhí muid chomh sásta nach raibh aon deoir anuas orainn is dá mba in óstán ceithre réalta a bheadh muid. -
Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG) – Comhairleoir Nua do Chonamara Theas Daithí Ó Muirí a thras-scríobh an t-agallamh seo a rinne Donncha Ó hÉallaithe le Pádraig -
Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P. Tagann an bás gan cás gan cuireadh agus ba é a fhearacht sin agamsa agus an scéal truamhéalach a chuala mé ón mbaile leis an maidneachan i dtús mhí Eanáir na bliana seo. Níos measa ná sin arís, bás tobann. Thall i bPerth na hAstráile a bhí mé ag scaoileadh tharam an gheimhridh ar feadh trí mhí mé féin agus mo bhean Máire ag fanacht i dteach m’iníne, Mairéad. Sheas sise i mbéil dorais an tseomra codlata agus labhair i nglóir ómósach urramach íseal, “drochscéala ón mbaile,” a deir sí, “tá Dan básaithe”. B’éigean di é a rá trí nó ceathair de chuarta mar gur shíl mé go raibh mé ag brionglóidigh nó ag rámhailligh. Chinn sé ar m’inchinn é a shú isteach agus a phróiseáil an tráth sin den mhaidin. -
Ag Breathnú Siar … Aonach ar an Spidéal 1983. Pic. John Coffey, Co Chill Chainnigh -
Nan Thaidhg Píosa a bhí scríofa i bpáipéar áitiúil de chuid Stát Maine i Meiriceá faoi bhean as an Spidéal a chuir siar ar bhóithrín na smaointe mé. Ba í Nan Ní Choncheanainn, nó Nan Thaidhg mar a bhí aithne uirthi sa Spidéal, a bhí faoi chaibidil i n-eagrán den pháipéar The Portland Evening Express a foilsíodh i mí Eanáir 1956. Ba í mo chol seisear, Gerie Huppe, a chuir chugam gearrthán as páipéar. Bí gaol ag an mbeirt againn le Nan agus bhí an t-ábhar seo bailithe ag Gerie mar chuid den stór mór eolais a bhí curtha i dtoll a chéile aicí ar chrann ginealaigh ár muintire. -
Muilte Chois Fharraige Ní ceantar é Cois Fharraige a shamhlaítear le muilte sa lá atá inniu ann, ach is cosúil go raibh muilte fairsing go maith anseo sna céadta a chuaigh romhainn. Go deimhin, is as Éirinn a thagann an fhianaise is luaithe san Eoraip do cheard na muilleoireachta sa Meánaois, idir thagairtí don saer muileann, don lind (lochán an mhuilinn) agus don taídiu (sruth an mhuilinn) sna lámhscribhinní, agus a bhfuil fágtha de na fothraigh féin. Is féidir a bheith cinnte go raibh muilte beaga coitianta go maith timpeall na tíre sa luath-mheánaois, ach is ó dheireadh na 17ú hAois a thosaigh ré órga na muilleoireachta in Éirinn. -
Conallach sa Spidéal - Domhnall Ó Duibhne Dá dhúthrachtaí, dá dhíograisí agus dá dheisbhéalaí iad ceannródaithe na hAthbheochana, ní fhéadfaidís an cuspóir a chuir siad rompu a thabhairt i gcrích mura mbeadh slua den ghnáthphobal ann ar fud na tíre a rinne sclábhaíocht i gcaitheamh na mblianta ar son na cúise. Tá iarracht ar bun le roinnt blianta anois le haitheantas a thabhairt dá leithéidí sin agus, más mall is mithid. -
Ag Breathnú Siar ... Kevin Mhaidhc Ó Conghaile a bhailigh agus a d’ainmnigh na pictiúir -
Leathchéad Bliain Craoltóireachta ag SBB Daithí Ó Muirí a thras-scríobh an t-agallamh seo a rinne Seosamh Ó Braonáin le Seán Bán -
Cill Treasa Ros an Mhíl Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na dtríochadaí socraíodh Cill Treasa a thógáil ar shuíomh álainn, ag breathnú siar ar Chuan Chasla. Is leathpharóiste leis an Spidéal é Cill Treasa. Cónaíonn an sagart paróiste sa Spidéal. Nuair a bhásaigh an Canónach McAlliney, S.P. a bhí ar an Spidéil i 1931 tháinig an Canónach Ó Donghaile i gcomharbacht air. Tháinig An tAthair Liam Ó Móráin mar shagart óg go Ros an Mhíl in 1932. De réir na leice atá ar an mballa, osclaíodh Cill Treasa in 1933. -
Cás Cúirte Spéisiúil sa Spidéal 1919 Céad bliain ó shin, tugadh triúr ball den RIC os comhair na cúirte sa Spidéal agus cúiseanna curtha ina leith faoi fhear áitiúil darbh ainm Peter Curran a ionsaí. Gearradh fíneáil 5 scilling ar bheirt den RIC chomh maith le costais £1 agus caitheadh amach an cás in aghaidh an tríú duine. Mr. Kilbride R.M a bhí ina chathaoirleach ar an gcúirt agus in éindí leis ar an mbinse bhí an Tiarna Killanin. -
Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922 I rith an naoú céad déag tháinig an pobal faoi thionchar stát na Breataine ar bhealaí nár tharla roimhe sin. Tá an t-alt seo chun leathshúil a chaitheamh ar laethanta deireanacha cheann d’institiúidí móra an stáit sin, Constáblacht Ríoga na hÉireann, An Royal Irish Constabulary. Ba é an RIC an fórsa póilíneachta armtha a bhí sa tír agus iad ag feidhmiú chuile áit seachas i mBaile Átha Cliath. 9,656 fear a bhí san RIC i Meán Fómhair 1919, mar shampla, agus iad scaipthe timpeall na tíre in thart ar 1,400 beairic. Ó thaobh an cheantair seo de, bhí beairicí ag an RIC i mBearna, sa Spidéal, in Inveran mar a ghlaoigh Fórsaí na Breataine ar an mbeairic, ar an gCeathrú Rua agus ar an nGort Mór i Ros Muc. I rith Chogadh na Saoirse scriosadh go leor de bheairicí an RIC agus faoi 1922, nuair a cuireadh deireadh leis an eagraíocht, ní raibh fágtha de na beairicí áitiúla sin ach beairic an Spidéil. Go deimhin féin, scriosadh an bheairic sin sa gCogadh Cathartha. -
Éalú de Valera ó Lincoln, 3ú Feabhra 1919 Ar an gcéad deireadh seachtaine d’Fheabhra i mbliana thug mé féin agus Áine, mo bhean, cuairt ar bhaile stairiúil Lincoln i lár tíre Shasana. Le comóradh a dhéanamh ar éalú Éamoin de Valera agus beirt eile ón bpríosún ar an 3ú Feabhra a chuaigh muid ann. -
Oíche Fhéile Shan Seáin Ba chuid de thuiscint ár sinsear é go raibh an bhliain roinnte ina dhá leath, mar atá, leath an gheimhridh agus leath an tsamhraidh. B’fhéile mór acu tús gachroinne acu seo (Samhain agus Bealtaine) agus b’fhéilte móra acu freisin laistigh de gach ceann den dá roinn seo, tús shéasúr an earraigh (Lá ’le Bríde) agus tús shéasúr an fhómhair (Lá Lúnasa). D’eascair an leagan amach seo ar fhéilte na bliana as an saol tréadach, an stíl bheatha bunaithe ar thalmhaíocht a chleacht siad. Ach bhí aird acu freisin ar fhéilte a thug aitheantas do thimthriall reanna neimhe agus go sonrach do ghrianstad an gheimhridh agus do ghrianstad an tsamhraidh, féilte a raibh ceiliúradh mór orthu in a lán cultúr. -
Teailithe Thoghchán na Comhairle 2019 Donncha Ó hÉallaithe a bhailigh -
An Filí – Ceannródaí agus Urlabhraí Pobail Ba sa mbliain 1908 a rugadh Joe Shéamuis Sheáin nó Filí Bhaile na mBrobhach. Ba as Baile na mBrobhach a athair, Séamus Sheáin, agus ba as an mbaile ó theas de, Baile na hAbann a mháthair, Nóra Ní Chualáin. Ba iad na tithe cuarta, na tithe tórraimh, cruinnithe ag crosbhóithre agus ag geata an tséipéil a mhúin béaloideas Chois Fharraige don fhilí agus do na céadta leis. Bhí sé de cháil riamh ar mhuintir Bhaile na mBrobhach a bheith an-tráthúil ag caint. Cé nach ndeachaigh an filí le tráthúlacht ina chuid filíochta, chuidigh an tráthúlacht leis lena intinn a aibiú agus leis an bhfocal ceart a chur san áit cheart ina chuid filíochta. -
An Chreach Oileáin Tá chuile sheans ann dá gcuirfeá ceist ar bhuachaillí Rang 5 & 6 i scoil bhreá nua Sailearna na laethanta seo céard é nó cá bhfuil an Chreach Oileán gur beag acu a bheadh in ann tú a fhreagairt agus is cuma sin. Ach ba mhór i gceist é agus mise i mo mhalrach sna ranganna céanna sa seanscoil fadó. Ní hí an ceann a leagadh faoi éint an chinn nua seo atá i gceist agam ach an oiread, ach an seanscoil a bhíodh taobh le caidéal an uisce agus leis an bpinniúr liathróide láimhe. Tá siad siúd imithe anois, ach buíochas le Dia agus leo siúd a thuig go mba cheart sin a dhéanamh, tá foirgneamh na seanscoile ina sheasamh i gcónaí agus bail i bhfad níos fearr air ná nuair a bhí mise inti. -
Líon Scoláiri i Scoileanna Chois Fharraige 2019-2020 Máire Ní Fhlathartaigh a bhailigh an t-eolas -
Toghchán 1969, Bliain Chearta Síbhialta na Gaeltachta Caoga bliain ó shin, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCois Fharraige. San alt seo cuireann Donncha Ó hÉallaithe síos ar an gcaoi a bunaíodh an Ghluaiseacht agus ar an dtoghchán inar sheas Peadar Mac an Iomaire mar iarrthóir ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. -
Dubhach' na Leanbh In alt fada a scríobh mé faoi Tigh Mholly agus a foilsíodh i mBiseach 2004, bhí an abairt seo agam ann; “Naonúr muirín a bhí orthu (.i. Pádraig Ó Tuairisg agus Molly Ní Allmhúráin) Nóra, May, Thomas, Delia, John, Annie, Kathleen, Michael agus Winnie”. Bhí sé sin fíor ach, déanta na fírinne, bhí easnamh mór ag roinnt leis an abairt nach mba léir dhom go dtí le fíordheireanas. Rugadh páiste eile dhon bheirt sin. Naonáinín beag soineanta ar tugadh Annie uirthi a tháinig ar an saol ina marbhghin, nó nár mhair mórán achair héis a breithe, nó nár baisteadh dhe réir dheasghnátha na hEaglaise shul má bhásaigh sí. -
Cuid de na Daoine atá Curtha i nDumhach na Leanbh Bhí sé d’ádh orm go raibh mé ag comhrá le Paddy Mháirtín Pháidín Ó Droighneáin as an Teach Mór, Indreabhán, ar an 24 Samhain 2009 agus as an gcomhrá tarraingíodh anuas Dumhach na Leanbh. Bhí corr-ainm ar eolas agam féin faoi dhaoine a bhí curtha ann ach ní mórán é. Ach ní mar sin do Phaddy. Thug sé roinnt mhaith ainmneacha dhom lom láithreach agus mo bhrón fágadh an scéal mar sin. Dúirt mé leis a bheith ag smaoineamh ar éinne eile a thiocfadh isteach ina cheann agus go bhfeicfinn aríst é. Ach mo léan, ní dhearna mé beart de réir mo bhriathair. D’imigh an t-am agus d’imigh Paddy, beannacht Dé leis agus thug sé stór mór eolais leis. -
Biseach 2019: Eagarfhocal: Údarás Daonlathach atá uainn Leathchéad bhliain ó shin chuir Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta tús le feachtas fada le hÚdarás, a bheadh tofa go daonlathach, a fháil don Ghaeltacht. Nuair a bunaíodh an tÚdarás 40 bliain ó shin, fágadh faoi phobail na Gaeltachta 7 den 13 ar Bhord an Údaráis a thoghadh go daonlathach agus reáchtáladh an chéad toghchán i mí na Nollag 1979, ag ar toghadh Pól Ó Foighil agus Seán Ó Neachtain ó Chonamara Theas. Rinne siad ionadaíocht bhríomhar agus ghlórmhar - trodach amanntaí - ar son an phobail a thogh iad ag cruinnithe an Údaráis agus ba mhinic iad le cloisteáil ar RnaG á gceistiú faoi céard a bhí ar bun ag Údarás na Gaeltachta. -
Biseach 2018 Biseach 2018, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2017 Biseach 2017, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2016 Biseach 2016, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2015 Biseach 2015, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2011 Biseach 2011, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2010 Biseach 2010, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2009 Biseach 2009, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2008 Biseach 2008, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2007 Biseach 2007, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2006 Biseach 2006, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2005 Biseach 2005, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2004 Biseach 2004, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2003 Biseach 2003, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2001 Biseach 2001, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 2000 Biseach 2000, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1998 Biseach 1998, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1989 Biseach 1989, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1987 Biseach 1987, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1983 Biseach 1983, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1981 Biseach 1981, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Biseach 1979 Biseach 1979, Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Leagan digiteach den Iris, agus ar thaifeach laghdaithe, i bhfoirm PDF. Tá ailt éagsúla ón Iris seo ar fáil ar an ardán seo freisin. -
Corn an Iarthair san Iománaíocht ag An Spidéal Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo an tuairisc focal ar fhocal a bhí san Connacht Tribune ar an 4 Deireadh Fómhair, 1968. "Bhí cúis mórtais sa Spidéal oíche Dé Domhnaigh, nuair a thriall na hiománaithe abhaile ó Pháirc an Phiarsaigh, Gaillimh, le Corn Sóisir an Iarthair. Seo é an chéad uair ó 1958 anall a bhuaigh an cumann an Corn agus cé gur scór dúbalta é an toradh deireannach, ní go héascaidhe a fuaireadar an gearraí barr ar Chaisleán Gearr. Den chéad uair ó bhunadh na gceithre roinn sa chondae in 1914, bhuaigh an Spidéal Corn an Iarthair san iománaíocht agus sa bpeil. Cúpla seachtaine ó shin bhuaigh siad an craobh sa bpeileadóireacht den chéad uair." -
Ó Chois Fharraige go hOileán Leòdhais Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag a cheap muid ar an gcéad lá de Mheitheamh, agus muid ag caitheamh na leabhra scoile ar an áiléar go ceann roinnt míonna, go dtiocfadh muid ar thuras chomh heachtrúil, ceolmhar agus cultúrtha sin taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí samhradh fada, leisciúil, leithleiseach ag síneadh amach romhainn agus muid ag súil go mór leis. Bhí roinnt seachtainí caite againn agus muid ag imeacht le haer an tsaoil nuair a tháinig ár dtuismitheoirí chugainn le scéala go raibh fios curtha orainn go hAlbain. Bhí cinneadh le déanamh faoi dheifir. Gan fios againn cá raibh ár dtriall ná an mbeadh Wifi ná hairdryer san áit, shocraigh muid go dtabharfadh muid faoin eachtra. -
Féile na nGael 2018 i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Meitheamh na bliana seo ghlac foireann iomána faoi-14 CLG Mícheál Breathnach páirt i gcomórtas Náisiúnta Fhéile na nGael. Reáchtáiltear an comórtas iomráiteach seo i gContae nó i gCúige difriúil chuile bhliain agus b’iad Cúige Chonnacht a bhí i mbun a eagraithe i mbliana. D’fhág sé sin go raibh deis ag foirne iomána an chúige páirt a ghlacadh sna himeachtaí, a nglacann 5,000 gasúr páirt iontu, fad agus go raibh siad sásta foireann as contae éigean eile a óstáil. -
Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ag Craobh Liathróid Láimhe an Domhain, 2018 Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuile thrí bliana a bhíonn Craobh an Domhain sa liathróid láimhe ar siúl agus i mbliana is i Minnesota Mheiriceá a tionóladh an chomórtas. Seachtar ón gCumann a shocraigh dul in iomaíocht ar an stáitse is mó dá bhfuil ann sa spórt seo. Toghadh Frances Uí Churraoin ón gCumann mar Oifigeach Idirchaidrimh le foireann na hÉireann. Shroicheamar Minnesota trí lá roimh an gcomórtas – bíonn sé tábhachtach na cúpla lá sin a bheith agat le dul i dtaithí ar an aeráid agus ar an éifeacht a bhíonn aige ar luas na liathróide, na cúirteanna agus ár ndóigh an tuirse aerthurais. -
Meáirt Churraoin Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sna hAille, Indreabhán, a rugadh Meáirt Churraoin ar an 12 Nollaig 1913 agus is ann a tógadh é. Is ann freisin a chaith sé an chuid eile dá shaol, seachas roinnt ama a chaitheamh ar an Eachréidh. B’as na hAille a athair, Pádraic, ó thús agus b’as an gCaorán a mháthair, Nóra. Bhí ochtar clainne acu, cúigear iníon agus triúr mac – Meaig, Nóra, Bríd, Sarah, Máire, Micheal, Andy, agus Meáirt féin. -
An Phleanáil Teanga Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ghlac an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le Plean Teanga Fhóram Chois Fharraige ag deireadh na bliana seo caite. €100,0000 agus fostaí amháin a thairg an Roinn leis an bplean a chur i bhfeidhm. B’é tuairim thomhaiste an Fhóraim, agus é sin léirithe go grinn, beacht sa bplean, go dteastódh €250,000 agus triúr fostaithe san áireamh ar an airgead sin, in aghaidh na bliana, leis an bplean a chur i bhfeidhm. Rinne an Roinn athbhreithniú ar a raibh á thairiscint aici, leasaíodh na critéir mhaoinithe agus cuireadh tairiscint eile faoi bhráid an Fhóraim: €150,000 in aghaidh na bliana agus beirt fhostaithe an babhta seo. -
Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le tamall anuas tá ceangal láidir cothaithe idir an eagraíocht Pastime Chonamara agus Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. D’fhreastal daltaí Rang 1 agus Rang 2 ar Ranganna Ceardaíochta Bunúsacha Dátheangacha faoi stiúir an Teagascóra, Máirtín Davy. Bhí na ranganna ar siúl ar feadh cúig seachtainí agus, ag críochnú dóibh le gairid, bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Sean Kyne, T.D., teastais ar na daltaí in Áras Bhóthar na Trá, Gaillimh. Tá daltaí as roinnt mhaith tíortha ar fud na Cruinne ag freastal ar Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach agus roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha acu mar go bhfuil an chuid is mó den fhoireann teagaisc líofa i nGaeilge. -
An Connacht Tribune 1918 Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ach an oiread le gach áit ar domhan eile tháinig an Fliú chomh fada le Conamara i bhfómhar na bliana 1918. Cé go dtugtar an ‘Fliú Spáinneach’ air, ceaptar gur i Meiriceá a thosaigh sé agus gur leathnaigh sé go dtí an Eoraip le saighdiúirí ag tíocht ó Mheiriceá ag troid taobh leis an mBreatain in aghaidh na Gearmáine, le linn an Chogaidh Mhóir. Leathnaigh sé sna hospidéil míleata agus thug saighdiúirí an víreas abhaile leo ag filleadh ón gcogadh. Ceaptar gur cailleadh thart ar 50 milliún duine leis an bhfliú, nó 5% de dhaonra an domhain ag an am. An rud ab aistí faoin bhfliú in 1918, gur mharaigh sé níos mó daoine a bhí i mbarr a sláinte ná mar a mharaigh sé seandaoine. -
An Fliú Mór 1918-19 Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an ghráin shíolta dhearg shíoraí ag na seandaoine ar an ngaoth anoir. Deiridís nár tháinig tada maith ariamh aiste ach aicíd agus chuile shórt dá dhonacht. Amach sa Márta ba mhó a shéideadh an ghaoth chéanna, láidir fuar feannta dhá réir. Chloisinn iad a rá, “is as an deabhal d’áit sin thoir a tháinig an fliú an chéad lá ariamh”, cothrom an ama seo anois, céad bliain ó shin le linn an Chéad Chogaidh Mhór. Siúráilte go maith féin a bhí siad, agus chuala mé na céadta uair, gur tháinig an aicíd as na trínsí sa bhFhrainc, na coirp a bhí ag lobhadh a ceapadh. Tugtar an fliú Spáinneach air freisin ach go háitiúil níor chuala mise mórán tagairt dó sin ag fás aníos.