Míreanna
-
Toghchán 1918 i gConamara Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag atá ar eolas faoi thoghchán 1918 i gCois Fharraige. ’Sé an peaca é ach, sin mar atá sa gcás seo. Ceann d’éachtaí móra Éirí Amach na Cásca ná cur in iúl do náisiúntóirí na hÉireann go raibh rogha eile ar fáil dóibh, mar ionadaithe pobail, seachas an Páirtí an Rialtais Dúchais. Roimhe sin, níor tuigeadh é sin i ndáiríre cé go raibh mionpháirtithe ar nós Sinn Féin ann. Is annamh a thug na mionpháirtithe sin dúshlán Pháirtí an Rialtais Dúchais. Bagairtí fisiciúla agus eacnamaíochta, easpa misnigh, easpa tacaíochta sna meáin agus easpa infreastruchtúir pholaitiúil chomh maith le tuiscint ar an stádas pobail a bhí ag Páirtí an Rialtais Dúchais. An rud a thug an tÉirí Amach do dhaoine ná an tuiscint go raibh daoine ann a bhí sásta príosún a dhéanamh, troid agus fiú bás a fháil ar son na poblachta (nó saoirse éigin a bhí níos iomláine ná Rialtas Dúchais). -
Tigh Johnny Sheáin, Ceannáras Fíbín Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Fíbín in 2003 is i seomra codlata i Leithrinn a bhí muid lonnaithe agus thug muid faoi dhráma amháin a dhéanamh, ‘An Gabha agus a Ghasúir’. Níor chreid mé go deo go mbeadh muid, ní hamháin fós anseo agus dhá chomhlacht faoi leith againn (drámaíocht agus teilifís), ach go mbeadh an teach tábhairne cáiliúil Tigh Johnny Sheáin á thógáil ar láimh againn freisin. Cé go gcaithfidh mé a admháil nár ól mé fhéin ann an-mhinic, bhí cáil ar an áit mar gheall ar na daoine a bhíodh ann, Johnny Chóil Mhaidhc ina measc. Craoladh Murphy’s Irish Stout Commercial óna 1990í ann agus atá le fáil ar YouTube fós agus is fiú breathnú air aríst, agus craoladh cláracha ar nós Geantraí ón teach céanna ag tús ré TG4 nó TnaG mar a tugadh air in 1996. Tá an-áthas orainn go mbeidh muid ag cur fúinn sa teach seo faoinar scríobh nó ar chum Johnny Chóil Mhaidce roinnt mhaith drámaí, rannta agus scéalta. -
Scoil Nua Sailearna Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is sa mbliain 1999 a cuireadh an plean i dtoll a chéile ar dtús. Ba iad Douglas & Wallace na hailtirí a bhí ceaptha ag an Roinn Oideachais don chúram. Ba é Tomás Ó Ráighne príomhoide na scoile ag an am agus ba é an tAthair Míchéal Ó Flannabhra a bhí mar chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta. Ba ceannródaithe agus ceannairí pobail iad an bheirt uasal seo agus faraor, tá siad beirt ar shlí na fírinne anois, beannacht Dé lena n-anam uasal. -
An tSlat Cainte Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chaith mé deich mbliana i gCalifornia. Bhí cónaí orm i Saratoga i nGleann Silicon, timpeall leathchéad míle ó dheas de San Francisco. Bhí cúram orm fhéin agus ar an sagart eile a bhí liom dul ag pharóistí áithrid a thug cuireadh dhúinn, le labhairt leis an bpobal faoi obair mhisinéireachta Chumann Naomh Pádraig san Aifric agus sa mBrasaíl. Bhí muid ag brath go mór ar na deontais ó na paróistí sin. Bhí go leor taistil i gceist mar bhí na paróistí scaipthe i sé Stát: Washington, Oregon, California (atá 800 míle óna thuaisceart go dtína dheisceart) Nevada, Arizona agus, ó am go chéile, cúpla paróiste i Texas. -
Leagan Giorraithe d’Agallamh a chuir Seán Ó Tuairisg ar Tim Johnny do Raidió na Gaeltachta Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh é an bhliain chéanna ar tógadh Scoil Shailearna ar an gCnoc, Indreabhán, sa mbliain 1885. Bhí sé ina gharraíodóir ag an sean-Lord Killanin. Chuaigh sé isteach sna seanphóilíos, nó san RIC, an bhliain ar bhásaigh Micheál Breathnach, 1908. D’imigh sé as an RIC sa mbliain 1922. Ansin chuaigh sé go Maryland, sna Stáit Aontaithe, áit ar chaith sé geábh sna State Police agus bhí motorbike aige ansin, a deir sé. Tamall eile mar oifigeach príosúin i mBaltimore agus ina dhiaidh sin tháinig sé abhaile go dtí a bhaile dhúchais, an Spidéal, áit ar cheannaigh sé teach ósta, a bhí aige go ceann i bhfad ina dhiaidh sin agus atá fós cáiliúil mar An Crúiscín Lán. Sin é Tim Johnny, nó Tadhg Ó Cualáin. I mBoth Chuanna, díreach taobh thiar de dhroichead an Spidéil, a rugadh é, ach cér daoibh é? -
An Garraí Glas Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uaireanta éiríonn le daoine an rud a dheanamh a dheireann chuile dhuine nach féidir. Agus nach maith an rud é sin nuair a stopann tú isteach sa siopa glasraí, An Gharraí Glas, in Indreabhán i rith an tsamhraidh le do chuid glasraí úra orgánacha, a cheannach ón úinéir agus an feirmeoir Aonghus Chóil Mhaidhc. -
Billeachaí, An Fear agus an Bád Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Fear: De réir scéil ba aniar as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a tháinig Liam Mór ’ac Conghaile go Tóin an Chnoic i Ros an Mhíl, cé gurbh as Leitir Mealláin ó dhúchas é. Ba as Sruthail i gCo. Mhaigh Eo do Julia Acton, an bhean a phós Liam Mór. Tháinig sí mar chailín aimsire ag a dearthair, a bhí ina shagart ar an gCeathrú Rua.. Bhásaigh sí go hóg, in aois a naoi mbliana agus dhá scór, agus tá sí curtha i reilig Mhaighrois ar an mBánrainn, an reilig sin tá in aice le bád agus toibreacha Cholm Cille. Ba col ceathrar Liam Mór agus Páraig Mhicíl a bhí pósta ag Máireóg Deáirbe sa Rinn ar an gCeathrú Rua, agus ba col ceathracha dhó freisin Marcaisín Mhichíl Phádraig, an saothar báid as Cladhnach, agus Tón Mór ’ac Conghaile, captaen an Brig St. John, de réir an tseanchais, cé nach a bhfuil a ainm luaite ar aon cháipéis oifigiúil a bhain leis an mBrig údaí a báthadh amach ó chósta Bhostúin. Lucht farraige agus bádóirí a bhí iontu siúd ar fad. -
Pádraic Mór Ó Fátharta Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá mé a cheapadh anois dá mairfeadh sé go mbeadh sé cúig scóir agus ceithre bliana. Chítear dhom go ndeiridís gur in 1914 a rugadh é. Mhair sé amach go lár na naochaidí. Páidín Ó Fátharta a thugtaí ar a sheanathair agus go réir mar a chloisinn go mba aniar as Leitir Caladh é. Chaith sé tamall ina chónaí ar an Teach Mór sul má chuaigh sé amach go Clochar na gCon. Tá a fhios agam go bhfuil garraí ar an Teach Mór a dtugtar Garraí Pháidín Uí Fhátharta air. Fear ard láidir a bhí ann. -
Ros na Rún sa 23ú Séasúr agus anois in HD Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aithníonn daoine Ros na Rún mar shobaldráma ar TG4 agus níl aon dabht ach go bhfuil an-tóir ag an lucht féachana ar na carachtair agus iad anois ag dul thríd an saol sa 23ú séasúr. Ach meas tú an bhfuil an oiread áirde tughta ar an sobal seo mar ghnó, mar áis agus mar thionscal sa gceantar atá ag cur fostaíochta agus traenála ar fáil le os cionn scór bliain. -
Clár Monitor an BBC 1961 Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fágann teacht TG4 gur ar nós chuma liom anois a bhíonn pobal Chois Fharraige nuair a fheiceann siad criú teilifíse i mbun a gcuid oibre thart timpeall an cheantair sin. Mise á rá leat nach amhlaidh a bhí in 1961 nuair a tháinig lucht an BBC chuig teach mo sheanathar Micilín Mháirtín Eoghain Ó Neachtain i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal, áit ar chaith siad dhá oíche i mbun taifeadadh ar chlár de shraith teilifíse darbh ainm Monitor a bhí an stáisiún a chraoladh ag an am. Clár ealaíne ab ea Monitor a craoladh idir 1958 agus 1965. Feicim anois gur Breathnach a raibh Huw Wheldon air a bhí ina cheannas (déanadh ridire dó in 1976) agus b’fhéidir go mba é an ceangal Ceilteach a chuir ina chloigeann siúd in 1961 gur bhfiú clár a dhéanamh faoin gcaoi ar mhair pobal beag Gaeltachta i gceantar a bhí iargúlta go leor ag an am. -
Dumhach na Leanbh: Comhthéacs Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní mór an t-iniúchadh is gá a dhéanamh ar an mbealach traidisiúnta ina ndéileáiltí le bás linbh sula dtabharfar faoi deara gur lú an t-aitheantas a tugadh tráth don bhás sin ná mar is gnách a thabhairt dó inniu. Tá meon i leith an linbh agus dearcadh ar a stádas léirithe i ndeasghnátha traidisiúnta atá an-difriúil ar fad ón tslí ina láimhseáiltear agus ina mbreathnaítear ar bhás linbh sa lá atá inniu ann. Is cuid den láimhseáil thraidisiúnta ar an mbás, mar shampla, iad na comharthaí a thugann réamheolas ina thaobh de réir an tseanchais. Tá siad seo bunaithe ar an tuiscint go mbíonn treoir le fáil ón dúlra nó ón saol eile faoi bhás atá le tarlú agus tugtar le fios sa tslí sin gur cúram dóibh é. Níor ghnách a leithéidí á lua le bás linbh agus is annamh ar fad a luaitear tuairisc ar an gceann is aithnidiúla díobh, caoineadh na mná sí, amhail is nár spéis léi bás linbh. -
Coisín Chríost Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sleamhnaíonn uisce an phortaigh timpeall mo chuid buataisí. Sheas mé ansin ar feadh tamaill agus líon mé mo chuid scamhóg le haer úr; níl aon áit ar domhan chomh deas le portaigh Cor na Rón. Níl a fhios ag mórán cá bhfuil Coisín Chríost nó lorg choiscéim Chríost atá i gcloch i lár na portaigh i gCor na Rón Láir. Níor thug mé cuairt ar an áit bheannaithe seo ó bhí mé i mo chailín óg, ach le gairid thosaigh mé fhéin agus mo Dhaidí ag labhairt faoi agus ó bhí an mhóin críochnaithe againn, chuaigh muid ar thóir clocha beaga beannaithe nach raibh feicthe againn leis na blianta. -
An Gorta Mór i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dar le daonáireamh na bliana 1841, 11,278 duine a bhí ina gcónaí i bparóiste sibhialta Chill Aithnín ina bhfuil Cois Fharraige suite (2,000 teaghlach – díobh sin bhí 1,710 ag plé le talmhaíocht). Den mhéid sin, bhí léamh agus scríobh ag 593 duine; léamh amháin ag 264 duine, agus bhí 8,763 nach raibh léamh ná scríobh acu. Áiríodh 1,920 teach sa bparóiste sibhialta. Díobh sin, bhain trí cinn leis an gcéad ghrád; 27 leis an tríú grád; 872 leis an tríú grád; 1,018 teach a bhí sa gceathrú grád. Níorbh ann don chúigiú grád. Mar sin, sa gcuid seo den tír, is féidir a rá go raibh an pobal beo bocht, ag plé le talmhaíocht amháin, agus gan léamh ná scríobh acu – dream a bhí ag brath ar an mbarr sin a bhí éirithe chomh forleathan sin le céad bliain anuas, agus a mba chúis, cuid mhaith, le fás mór sa daonra ó trí mhilliún i 1750 go dtí ocht milliún in 1841. Agus, ar ndóigh, dá fhaide síos an dréimire dá raibh duine, ba mhó an seans go raibh siad i dtuilleamaí fataí amháin mar phríomhchothú bia. Agus dá gclisfeadh ar na fataí, mar sin, iadsan ba mhó a bheadh thíos leis. Tháinig an tuar faoin tairngreacht. -
Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba mhór le rá é Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh i gcaint agus i gcomhrá na ndaoine i gceantair an Spidéil. Nuair a thagadh comhluadar le chéile ar cuairt thart timpeall an teaghlaigh san am a caitheadh bhíodh Flaitheartach na Páirce go mór faoi chaibidil acu. Ba údar iontais agus mórtais dhíobh go raibh an scoláire mór seo ina chónaí ina measc agus is iomaí insint a bhí ar na tréithe léinn agus oideachais a bhain leis. Ba díobh féin é, de shliocht uasal Gaelach a raibh flaitheas acu ar an taobh seo tíre san am a caitheadh. Cosúil leo féin, díshealbhaíodh é óna thalamh dhúchais chun cur faoi sa stráice achrannach seo in aice na farraige. Nárbh é an Flaitheartach a bhaist an taobh tíre seo den chéad uair i Laidin nuair a thug sé mar seoladh “Armorica Galviensi” nó Cois Fharraige na Gaillimhe. -
Ruairí Ó Flaitheartaigh, Ardfhear Léinn Iar-Chonnacht Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Scoláire cumasach a tharraing cáil ar a cheantar dúchais, Iar-Chonnacht, mar gheall ar a shaothar léinn ab ea Ruairí mac Aodha Uí Fhlaitheartaigh. Rugadh Ruairí i Maigh Cuillinn – i gcaisleán a athar is dócha – sa bhliain 1629. Cailleadh a athair in 1631 nuair a bhí Ruairí fós ina leanbh. Phós a mháthair, Eilís Ní Dhorchaí, an dara huair; ba é Seán Mac Fheorais (John Bermingham), deartháir le barún Bhaile Átha an Rí, an dara fear céile aici. Deirtear gur cailleadh Eilís sa bhliain 1636, ach tá fianaise áirithe ann gur botún cló é ‘1636’, agus gurb é ‘1666’ an dáta ceart. Chaill Ruairí cuid mhór de thailte a shinsear in Iar-Chonnacht sa choigistiú a lean Cogadh Chromail sna 1650í, agus chaith sé na blianta fada ina dhiaidh sin ag iarraidh, trí mheán an dlí ghallda, na tailte sin a fháil ar ais, ach is beag rath a bhí ar na hiarrachtaí céanna. -
Micheál Ó Droighneán, ‘the most dangerous man at large’ Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céad bliain ó shin bhí Micheál Ó Droighneán, ón Tuar Beag, ar cheann de na ceannairí ba thábhachtaí a bhí ag Sinn Féin in Iarthar na hÉireann. Ball den IRB a bhí ann, curtha faoi mhóid an Bhráithreachais roimh Éirí Amach na Cásca ag Éamonn Ceannt, a bhíodh ag tarraingt ar an Spidéal ag an am. Tá Micheál luaite go minic sna tuairiscí rialta a chuireadh RIC an Spidéil agus na Gaillimhe go Caisleán Bhleá Cliath, an ceanncheathrú a bhí ag an fórsaí an choróin in Éirinn. I dtuairisc amháin a cuireadh go Bleá Cliath i Meán Fómhair 1918, dúradh faoin Droighneánach gurb é ‘the most dangerous man at large in the Riding and that he is responsible for the Sinn Féinism that prevails in the Spiddal district’. Tá an cód a bhí á choinneál ag an RIC ar an Droighneánach scrúdaithe agam agus is ar na tuairiscí sin atá an t-alt seo bunaithe. -
Muintir Leaice as na hAille Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo scéal beag faoi Mhalachy Concannon (20/03/1796 go dtí 12/02/1875) agus a bhean, Ellen nó Helen Costello (18/02/1801 go dtí 25/02/1886) arbh as na hAille di. Is é an t-eolas a fuair mé ná go dtáinig seisean as Tuaim Dhá Ghualainn ina fhear óg, phós sé Ellen Costello agus chuir siad fúthu sna hAille. Tugadh ‘Leaice’ mar leasainm ar Mhalachy. Is dóigh go raibh an t-ainm ‘Malachy’ cloiste ag muintir a’ bhaile agus lean an t-ainm a chlann agus a gharchlann. Bhí ceathrar clainne acu, Timothy, Bríd, Páidín agus Catherine. Chuaigh Tim agus Páidín go Meiriceá. Phós Catherine agus Bríd go háitiúil. Faoi Bhríd Leaice an scéal seo. -
Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “A nation of shopkeepers’ a thug Napoleon ar an mBreatain. Dúirt daoine gur le drochmheas a dúirt sé é sin, ach dúirt sé féin gurbh iad na siopaí beaga a chuir an Bhreatain chun cinn i saol na tráchtála. D’fhéadfaí an rud céanna a thabhairt ar an tír seo san am a caitheadh. Sa bpíosa seo tá cur síos ar na siopaí a bhí ann idir an Spidéal agus Ros an Mhíl ach nach bhfuil ann níos mó. Bhí siopa nó dhó i chuile bhaile fearainn. Bhí siad ann mar ní raibh carranna ann agus chaithfeadh duine siúl. Bhí go leor daoine i chuile theach agus bhí go leor earraí ag teastáil. Bhí go leor curadóireachta ar siúl. Dhíol na siopaí ar fad mórán na rudaí céanna, tae, siúcra, tobac, snaoisín, milseáin, subh, ola mhór, (pairifín), earraí a theastaigh i chuile theach ach bhí cuid acu a dhíol málaí móra plúir, bran, iasc saillte i mbairillí, suimint, láí, speal, sleán, etc. Bhí siopa i gcuid de na tithe ósta. -
Comhrá le Seán Ó Tuairisg, Cathaoirleach nua Chomhairle Chontae na Gaillimhe Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Iúil seo caite roghnaíodh mo chomharsa, Seán Ó Tuairisg, ina Chathaoirleach ar an gComhairle Chontae. Chas mé leis ina theach sna hAille, i mí Lúnasa seo caite, le labhairt leis faoina shaol agus faoin gcúram nua atá air. Mar chathaoirleach ar an gComhairle Chontae bíonn ar Sheán freastal ar an iliomad ócáidí: ag bronnadh duaiseanna; ag oscailt féilte is ócáidí; ag fáiltiú roimh cuairteoirí go Gaillimh chomh maith le cruinnithe an Chomhairle Chontae a stiúradh. As an ualach breise oibre, tugtar liúntas €10,000 don chathaoirleach. “Bíonn an t-uafás taistil i gceist agus bíonn orainn íoc as roinnt ócáidí as an liúntas sin. Ní chlúdaíonn sé na costais, ach is onóir é domsa”, a dúirt sé liom. -
Biseach: Eagarfhocal 2018 Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rud amháin a tháinig as an gcruinniú poiblí a thionól an Cumann Forbartha faoi cheist na talún trasna ó Shéipéal an Chnoic ná gur léirigh sé tacaíocht don Chomharchumann i measc na ndaoine a bhí ann. Ach léiríodh chomh maith smaointí éagsúla i measc na ndaoine a bhí i láthair faoi na áiseanna a theastaíonn ón bpobal nach bhfuil againn faoi láthair: ionad spóirt ina mbeadh gym agus fiú linn snámha; ‘Cró na bhFear’; áit a bhféadfadh mná le páistí óga tíocht le chéile ar maidin le haghaidh cupán tae nó caifé; Mol nó Hub don Óige mar atá i mBearna; agus Reilig nua. -
Blianta Tosaigh Chumann Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an t-alt Cumann Peile Mhichíl Bhreathnaigh sa Cló Gaelach, mar a bhí an t-ábhar ar fad i mBISEACH 1967 agus ba é ‘M.J.Sh.’ a scríobh é. Níl aon athrú curtha ar a alt ach go bhfuil an Cló Rómhánach curtha air agus go bhfuil corr-cheartúchán cló déanta. -
Cumann Liathróid Láimhe MB Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá fás thar cuimse tagtha ar an líon imreoirí liathróid láimhe sa gceantar le blianta beaga anuas. Cumann fíorghníomhach muid agus muid ag glacadh páirte i gcomórtais ar fud na tíre agus go deimhin, ar fud an domhain. Pinniúr 40 x 20 d’ard chaighdeán, le balla cúil gloine agus áit féachana den scoth atá againn anseo ar an gCnoc. Thógamar cúirt Aon Bhalla seachtrach in 2016 ar a chúl agus tá an t-ádh linn go bhfuil úsáid halla Scoil Sailearna ag an gcumann – a mbuíochas sin le Fearghas Mac Lochlainn. Bíonn grúpa mná ón gcumann ag imirt gach Luan & Máirt i Scoil Sailearna agus baineann siad an-tairbhe as. -
Sacar i gCois Fharraige faoi Bhláth Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Cumann Sacair Chois Fharraige sa bhliain 2004. Cuireadh foirne chun páirce faoi 14, faoi 16, faoi 18, chomh maith le foireann sóisir agus tugadh deis do chách ó cheantar Chois Fharraige sacar a imirt le foireann áitiúil, in áit dul ag imirt i nGaillimh nó le Cumann Sacair Mhac Dara ar an gCeathrú Rua. -
An Club Óige Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déanta na fírinne, ba go drogallach a ghlac baill nua choiste Chlub Óige Lurgan lena gcuid cúramaí bliain ó shin. Nach raibh aon duine eile a dhéanfadh é? Cé a d’fhéadfadh paca déagóirí a láimhseáil? -
Claí na Teorann Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí sin scéal atá cloiste agus léite agam faoin drochbhail a cuireadh ar pháistí a rugadh do mháithreacha nach raibh pósta san am a d’imigh agus ar ndóigh an drochbhail a cuireadh ar na máithreacha freisin. Ach, tá scéalta eile nach bhfuil mórán cainte déanta fúthu fós, agus ’siad sin ná na scéalta a bhaineann leis na páistí a rugadh marbh, nó fuair bás gan iad a bheith baiste. Má fuair siad bás san ospidéal is deachar a rá cár cuireadh iad, agus má fuair siad bás sa mbaile cuireadh iad faoi chlaí na teorann nó i nDumhach na Leanaí. -
Aistí faoi Logainmneacha Áitiúla an Cheantair Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aistí faoi Logainmneacha Áitiúla an Cheantair -
Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí na Márta, 2016 shocraigh grúpa ‘díograiseoirí’ tús a chur le ‘Seisiúin Ghaeilge’ i gceantar an Spidéil, agus ghlaodar Club Foghlaimeoirí Gaeilge an Spidéil orthu féin. Athraíodh an t-ainm ó shin, mar go mbíonn foghlaimeoirí as ceantar Chois Fharraige ar fad ag freastal ar na seisiúin seo. Go deimhin féin, tagann foghlaimeoirí ó chomh fada ó bhaile leis an gCeathrú Rua chuig an seisiún a bhíonn ar siúl sa gCrúiscín Lán chuile mhaidin Dé Máirt le bliain go leith anois. -
Peter Folan (Peadar Mac Fhualáin) Príomhchonstábla san RIC 1913-1921 Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinne Peadar Mac Fhualáin cur síos ar a shaol san RIC i dtuairisc a thug sé don Bhiúró Staire Míleata sa mbliain 1947. Is i mBéarla a thug sé an tuairisc. Sa bPáirc, soir ón Spidéal a rugadh Peadar sa mbliain 1896. Máirtín a bhí ar a athair agus Mary Geraghty a bhí ar a mháthair. Bhí deichniúr sa gclann, ceathrar dearthár agus cúigear deirfiúr. Ba deartháir é le Johnny Folan, a raibh siopa aige i sráidbhaile an Spidéil tráth. Bhí Peadar pósta le Mairéad Bairéad as Magh Cuillinn, múinteoir i mBaile Átha Cliath. -
Go Kilimanjaro Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 8ú Iúil thug muid aghaidh ar an Tansáin chun tabhairt faoin sliabh is airde san Afraic a dhreapadh, Sliabh Kilimanjaro (Uhuru Peak). Bhuail muid lenár gcomhghleacaithe ar fad in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí cúigear déag eile ag tabhairt faoin dúshlán céanna. Ina measc bhí ceannaire an ghrúpa, Mary Gunning ón gcomhlacht Earth’s Edge agus an dochtúir Edel McEntee. Ón gcéad nóiméad sin, ba léir go mbeadh atmaisféar gealgháireach agus réidh i measc na ndreapadóirí uile. -
An Battery, Túr Martello Ros an Mhíl Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sheas mé taobh amuigh den Bhattery cúpla geábh le roinnt bliana anuas, agus mé ag breathnú suas ar an doras dúshlánach, agus ar an rópa atá ag síleadh anuas as! Ag cuimhneamh ar dhul isteach ann a bhím, ach theip ar mo mhisneach chuile gheábh go dtí an lá cheana, agus thug mé faoi, ach ní dheachaigh mé thar an doras. Mar sin tá orm cuimhní cinn agus cuntas a thug mo uncail, Colm Ó Maoileoin, ar an mBattery a úsáid sa bpísín seo atá curtha le chéile agam faoi. -
Beagán Eolais faoi Chuid de Ghasúir mo Cheantair a bhí i Seanscoil Sailearna Fadó Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Beagán Eolais faoi Chuid de Ghasúir mo Cheantair a bhí i Seanscoil Sailearna Fadó -
Mo Chuimhne ar an Teilifís Bradach Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An oíche ar taispeánadh an scannán faoin dornálaí Sean Ó Mainnín i Ros Muc bhí an Chrannóg lán go doras. Bhí muintir Ros Muc bródúil astu féin an oíche sin agus ar ndóigh bhí siad thar a bheith ríméadach as a raibh le feiceáil ar an scáileán acu. Ba tráthúil an ní é freisin gur trí TG4 a tháinig an scannán. -
Muirísigh an Spidéil Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba de shliocht Normannach iad Muirísigh na Gaillimhe. Bhíodar ar cheann de cheithre threibh dhéag na c thrach. Tá an chéad thrácht ar an gclann i saol Chathair na dTreabh in 1486 nuair a luathaítear Risteard Mares (an litriú a bhí ar an sloinne ag an am) ina bháille sa chathair. Ba é William Mares an chéad duine den chlann a bhí ina Mheara ar Ghaillimh sa tréimhse 1527-28. Ba ag tús an seachtú céad déag a chuirtear síos orthu faoin sloinne Morris agus ba mhór le rá iad i saol polaitiúil agus gnó an bhaile mhóir. -
Muintir Thuathail agus Durkin Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ina leabhar ‘Oidhreacht na nOileán’ tá sé ráite ag Pádraic Ó Biadha gur tháinig Seán Ó Tuathail aniar as oileán Iomaí agus gur chuir sé faoi in aice le Laidhean in Eanach Mheáin. Bhí Seán ina stíobhard ag Sinéad Ní Sheachnasaigh a raibh cónaí uirthi in Lettermore House agus a bhí ina gníomhaire ag an Tiarna Talún, Christopher St. George. Rugadh R.H. Ó Tuathail in Eanach Mheáin in 1881 do Sheán Ó Tuathail agus dá bhean Sabina Ní Mháille. Richard a thugadh a mhuintir féin air, Dick Toole a thug muintir na háite air agus R.H. O’Toole an t-ainm gnó a bhí aige. -
I gCuimhne an tSiopadóra Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh a leithéid ann agus ollmhargadh sna tuathcheantair agus mise ag fás aníos, caoga bliain ó shin. Bhíodh an cruth céanna, beagnach, ar na siopaí uile. Bhíodh cuma tí orthu ón taobh amuigh, le fógra de chuid ‘Players’ nó ‘Sweet Afton” crochta amuigh faoin díon, le cur in iúl do dhuine gur siopa a bhí ann. Bhíodh cannaí ‘Batchelors Beans’, agus boscaí púdar níocháin ‘Rinso’, leagtha ar an bhfuinneog taobh istigh, chomh maith le hearraí eile. Bhíodh an dath imithe de na boscaí agus na cannaí seo go minic, an dath glanta díobh ag an ngrian, dá bhfágfaí iad rófhada ar an bhfuinneog. -
Litir an Phiarsaigh Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cóip de litir ó Phádraig Mac Piarais, a chuir sé go dtí Seán a’ Ghabha ar an gCnocán Glas ar an 19 Deireadh Fómhair 1904. Tá an bhunchóip ag Breandán Ó Droighneáin ar an gCnocán Glas. -
Muintir Mhic Giolla Phádraig, an Teach Mór agus Speireadh na mBó Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá scór bliain ann, beagnach, ó iarradh orm alt a réiteach do shraith cainteanna ar Raidió na Gaeltachta faoi stair na bpobal Gaeltachta, a foilsíodh ina dhiaidh sin sa leabhar Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán (Gearóid Ó Tuathaigh, eag., 2000). Thosaigh mé ag léamh agus ag déanamh taighde fúm agus tharam, agus mar chuid de seo tháinig mé ar chaiséad fuaime sa rannóg chlosamhairc i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. ‘Scéalaíocht agus Filíocht’ a bhí scríofa ar an gclúdach, agus dánta, scéalta agus seanchas as Cois Fharraige an t-ábhar a bhí faoi chaibidil ag an mbeirt nó triúr cainteoir a bhí le cloisteáil air. Ach ní raibh a fhios cé a bhí ag caint, ná cén uair a rinneadh an taifeadadh, ná cé a thug don leabharlann an chéad lá riamh é. D’éist mé leis ar chuma ar bith agus luaigh duine de na cainteoirí agus é ag trácht ar an Teach Mór, nó Baile an Tí Mhóir, an baile fearainn atá idir an Lochán Beag agus Cor na Rón, go raibh tiarna talún ann sa seanreacht darbh ainm Éamonn Mac Giolla Phádraig agus go gcaithfear gur drochthiarna a bhí ann, mar gur speireadh a chuid beithíoch. -
Liam Ging Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aon uair amháin a leag mé súil ar Liam Ging. M’anam nach bhfuil mórán beo inniu a chonaic é má tá duine ar bith. Bhí mo mhuintir amuigh in áit éicint agus ní raibh istigh ach mé fhéin, a maise bhí mé an-óg ag an am. Ara ón gcaoi ar tháinig an seanfhear seo isteach agus folt fada liath féasóige air, ag iarraidh splaince le haghaidh tine an phortaigh a bhí sé. Bhí portach aige siar ó theach mo mhuintire i gClochar an Locha, siar píosa go bhóthar an Chnoic Bhig ó dheas go bhóthar san áit a dtugtar Gleann an Tairt air. -
Cumann Béaloidis Chonamara Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bhliain 1987 shocraigh an Cumann le Béaloideas Éireann tionól bliantúil a eagrú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath mar chuid dá n-imeachtaí feasta agus tugadh an chéad tionól díobh sin le chéile ar an gCeathrú Rua, 24-6 Aibreán, an bhliain sin. Cuireadh foireann bhreá cainteoirí ar fáil agus ócáid spreagúil thaitneamhach a bhí inti inar deineadh cíoradh ar scéalaíocht, ceol, seanchas agus damhsa an cheantair. Ba le linn an tionóil sin, nuair a theip ar an Ollamh Caoimhín Ó Nualláin a nótaí féin a léamh agus é ag tabhairt léachta, a chaith sé an chaint atá athráite go minic ó shin: ‘Mo leithscéal,’ ar seisean, ‘nach féidir liom mo scríbhneoireacht féin a léamh, ach ar a laghad táim sásta an dearbhú sin a bheith agam nach púca mé.’ -
Acmhainní Nádúrtha i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an t-ádh orainn i gConamara Theas go bhfuil acmhainní nádúrtha den scoth againn, acmhainní nach bhfuil aon smál fágtha orthu ag an duine, den chuid is mó. Tá Cuan na Gaillimhe ann, portaigh Chonamara, iliomad de gharrantaí beaga, an coimín oscailte agus, ar ndóigh, an gréasán aibhneacha agus lochanna anoir ó Bhearna siar chomh fada le Baile na hAbhann. -
Príomhfheidhmeannach nua an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chas mé le Micheál Ó hEanaigh in oifigí an Údaráis sna Forbacha ar an 19 Meán Fómhair. Ní raibh sé ach seachtain ina phost nua mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Is é Micheál an dara duine ón nGaeltacht agus an dara duine ó Pharóiste an Chnoic, mar a tharlaíonn, a ceapadh i gceannas ar an Údarás. Steve Ó Cúláin ó Bhoth Chuanna a bhí sa phost roimhe ar feadh cúig bliana. -
Cois Fharraige 50 Bliain ó Shin de réir na Nuachtán Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bhliain 1967 cuireadh an chéad eagrán den iris BISEACH os comhair an phobail, é foilsithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, eagraíocht pobail a bunaíodh an bhliain roimhe sin. Is léir ó nuachtáin na bliana 1967 go raibh borradh faoi phobal Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin agus spiorad nua sna daoine; go raibh scamall dorcha duairc an lagmhisnigh a d’éirigh as bánú an cheantair ag an imirce, ag ardú agus lóchrann an dóchais ag leathnú. Tugtar léargas sna scéalta seo thíos, atá pioctha ag Donncha Ó hÉallaithe ó na nuachtáin INNIU agus AN CURADH CONNACHTACH, ar a raibh ag tarlú sa gceantar leathchéad bliain ó shin. -
Seanscoileanna ón gCoill Rua go dtí sruthán thiar an Locháin Bhig Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí scoil bheag a bhí scaipthe abhus is thall ar fud na tíre agus is amhlaidh a bhí sa gceantar seo freisin. Bhí ‘Scoil Scairte’ Liam Uí Laoi sa gclais ghainimh gar don áit a bhfuil mo theachsa sa lá atá inniu ann. Níl ‘fhios agam cé na blianta atá i gceist. Bhí scoil bheag ceann tuí i gCoill Rua sa mbliain 1026 agus ba é Riocard Ó Maoilruaidh an múinteoir a bhí sa scoil sin. Bhí scoil bheag eile sna hAille fadó síos Bóithrín Wallace, ó dheas de Choláiste Cholm Cille. -
Cuimhneachán an ‘Mine’ 2017 Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Lá uaigneach, a dúirt Pádraig Willie”, nuair a bheannaigh muid dá chéile taobh amuigh den Phoitín Stil, trathnóna Déardaoin, an 15ú Mheitheamh, Lá Cuimhneacháin an Mine. Bhí deora troma sillte ag na spéartha o mhaidneachan lae. Lá salach. “Timpeall an ama seo, a dúirt sé, “céad bliain ó shin, lá salach gruama a bhí ann.” -
Biseach: Eagarfhocal 2017, Teorannacha na Gaeltachta & Pleanáil Teanga Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an cuma ar an scéal nach mbeifear in ann Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm ina iomláine ceal dóthain maoinithe. Plean cuimsitheach uaillmhianach agus ilghnéitheach a réitíodh leis an nGaeilge a bhuanú mar theanga pobail i gCois Fharraige. Tá an chuma ar an scéal anois nach bhfuil Roinn na Gaeltachta sásta idirdhealú a dhéanamh idir ceantair Ghaeltachta, cosúil le Cois Fharraige, ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go forleathan i measc an phobail, agus ceantair ‘Ghaeltachta’ inar tháinig deireadh le húsáid laethúil na Gaeilge glún nó dhó ó shin. -
Boscaí na Gaeltachta san Olltoghchán 2016 Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Boscaí na Gaeltachta san Olltoghchán 2016 -
Roinnt Saothar ó Choláiste Cholmcille Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí riar eile aistí agus sleachta filíochta leis an mbailiúchán seo ach cheal spáis ní rabhthas in ann iad a chur san eagrán clóite seo de Bhiseach. Tá siad ar fáil ar líne, áfach, ar shuíomh Chumann Forbartha Chois Fharraige ag www.coisfharraige.ie. -
Mallacht na Baintrí Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De ghnáth ní bhíonn i bhfocail dúinn ach lipéid áisiúla ag tagairt d’fheiniméan éigin - uirlisí a chuireann ar ár gcumas an saol inár dtimpeall a thuairisciú. Ach ag an am céanna tuigimid gur féidir cumhacht a bheith i bhfocail nuair a bhíonn siad lochtaithe le mothúchán agus brí. Mothaímid a gcumhacht i bpíosa ealaíonta cainte nó i ndréacht sciliúil liteartha mar go n-imríonn siad orainn agus go spreagann siad freagairt inmheánach ionainn. -
Yanks le Gaeilge Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl sé i bhfad ó shin nuair a bhí mé fhéin agus mo mháthair sa mbaile ar saoire, chuaigh muid ar cuairt ag bean aitheantais. Ní raibh sí istigh ag an am ach bhí na gasúir ann. Níor fhág muid aon teachtaireacht leo ach nuair a tháinig bean an tí abhaile bhí “scéal cailleach an uafáis” ag an gclann go raibh beirt bhan théis a bheith ar cuairt acu. Ach cé iad fhéin a d’iarr an mháthair de na cailíní? Ní raibh ’fhios acu cén t-ainm a bhí orainn ach dúirt siad “Yanks a bhí iontu, Yanks le Gaeilge”! Rinne siad an oiread iontais! -
Poitín Mhicil Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Briseann an dúchas trí shúile an chait agus is amhlaidh an scéal liomsa é. D’fhás mé féin aníos ag éisteacht le seanchas agus scéalta an phoitín agus ina theannta sin d’éirigh liom an tseancheird a fhoghlaim ó mo sheanathair, Jimmí Chearra. Is beag iontais é mar sin go bhfuil mo chroí agus a m’anam sa cheird seo. In ómós do Mhicil Mac Chearra, mo shin-sinsin- seanathair a baisteadh an táirge seo – an poitín céanna a bhi á dhéanamh ag mo mhuintir i gcaitheamh an ama sin. Tá caint go dtí an lá atá inniu ann ar eachtraí Mhicil i mbéaloideas na háite, Cearra na gCaorach, agus tá roinnt samplaí ag mo sheanathair ina leabhar, Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige. -
Sa Bhearna Bhaoil Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fada ó fuair mé an oiread sásaimh as leabhar is a fuair mé as leabhar nua Chormac Uí Chomhraí “Sa Bhearna Bhaoil”. Is mór an pléisiúr í a léamh. Cuntas mion atá inti ar an réabhlóid a tharla i gContae na Gaillimhe idir 1913 agus 1923. -
Dúnmharuithe Mhám Trasna agus Paróiste an Chnoic Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a tháinig mise chun cónaithe i gceantar Chois Fharraige i dtús na n-ochtóidí ba é an tAthair Micheál Mac Aoidh a bhí ina shagairt paróiste ar an gCnoc. Ní raibh mórán aithne agam air ach sílim nach bhfuil dul amú orm má deirim go bhfacthas é mar shagart den seandéanamh – fear a sheas le traidisiúin agus nósmhaireachtaí seanfhaiseanta na heaglaise. -
Maureen ‘Little Mo’ Connolly Serena Williams a linne Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le teacht na gcomórtas i Wimbledon chuile shamhradh cuimhním ar scéal a bhíodh ag m’athair, go ndéana Dia trócaire air, go mba de bhunadh mhuintir Chonghaile Chois Fharraige í Maureen Connolly, nó ‘Little Mo’ mar a baisteadh uirthi – duine de na himreoirí leadóige ab fhearr a bhí riamh ann. -
Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe 1976 Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An stailc a bhí ar bun ag oibrithe banc na tíre le dhá mhí roimhe a bheith tagtha chun críche, comórtas Rós Thrá Lí a bheith buaite ag Marie Soden as Nua Eabhrac agus diúltú Pháirc an Chrócaigh d’agóid iománaithe na Gaillimhe faoin gcúl conspóideach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann (in aghaidh Loch Garman) a bhain ceannlínte an nuachtáin Scéala Éireann amach maidin Dé Céadaoin an 1ú Meán Fómhair 1976. Ach i bParóiste an Chnoic, níor mhiste leo mura n-osclódh aon bhanc go Nollaig mar go raibh Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe tugtha leo ag Micheál Breathnach den chéad uair ariamh an tráthnóna roimhe sin. -
Máirín na mBreathnaigh Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dteach beag cheann tuí, ar an 19ú de Mheán Fómhair, 1926, rugadh an dara duine de chlann le Máire agus Seán Ó Cualáin, (Mary Bhreathnach agus Seáinín Sheáin Pheaid), iníon darbh ainm Máire Treasa. Bhí mac acu cheana, darbh ainm John Joe, a rugadh sa mbliain 1925, agus rugadh Pádraig sa mbliain 1928, ansin rugadh Siobhán sa mbliain 1930. -
Sleachta as Léacht Uí Chadhain Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Joe Steve Ó Neachtain a thug Léacht Uí Chadhain na bliana seo sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Beidh an léacht ar fad á foilsiú níos deireannaí ach fuaireamar cead roinnt sleachta beaga spéisiúla a fhoilsiú. -
Pádraig Ó Donnghaile Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh Pádraig Ó Donnghaile sa Ghleann Mór, Cuailgne, in aice le Dún Dealgan in 1887. Feirmeoir agus tuíodóir ab ea a athair, Tomás, agus bhí 14 clainne aige féin agus ag a bhean, Máire Ní Néill. Táilliúir ab ea Pádraig agus mar fhear óg sna 20í chuaigh sé isteach san IRB agus i 1913 sna hÓglaigh i nDún Dealgan chun bheith ullamh go míleata. Domhnach Cásca 1916, rothaigh Pádraig isteach ó Chuailgne agus in éineacht le 90 fear eile thosaigh siad ar a mbealach go Baile Átha Cliath agus an tÉirí Amach. -
Mo Bheirt Sheanuncailí agus 1916 Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Samhlaigh an t-iontas a bhí ar mo mhac Oscar níos luaithe i mbliana nuair a tháinig an túdar agus an staraí Cormac Ó Comhraí isteach ina rang i scoil Sailearna agus d’fhiafraigh cá raibh mac Shorcha Ní Mhonacháin. Bhí a chuid taighde déanta go maith ag Cormac mar is gnáth leis – d’úsáid sé scéalta ghaolta na ndaltaí i scoil Sailearna le léargas a thabhairt do na páistí ar imeachtaí a tharla céad bliain ó shin. D’inis sé d’Oscar agus dá chomrádaithe ranga faoin dóigh ar chuidigh sagart le mo sheanuncail, Ailbhe Ó Monacháin, éalú ón RIC i nGaillimh roimh Sheachtain na Cásca 1916. -
Mícheál Ó Droighneáin agus Éirí Amach na Cásca Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Idir 1910 agus 1912 bhí Mícheál Ó Droighneáin, fear óg as ceantar an Tuair Bhig sa Spidéal, ag múineadh i mBaile Átha Cliath. Ansin in 1912 d’fhill sé ar an Spidéal agus chaith sé bliain ag múineadh ann sula bhfuair sé post ag múineadh sna Forbacha. Thug an post sin stádas dó ina phobal féin. I mí Eanáir 1915 scríobhadh go raibh an-mheas ar an Droighneánach toisc go raibh oideachas aige agus go raibh ‘Most of the people of that locality are very ignorant and semi-illiterate.’ Mhair cuimhní sa bpobal ar a laethanta teagaisc ar feadh i bhfad ina dhiaidh. -
Oíche Cheiliúrtha Johnny Connolly Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is dóigh go bhfuil sé soiléir don chlann le fada an t-ómós atá ag daoine do mo Dheaide mar cheoltóir agus mar dhuine, ach ní raibh sé i gceist againn oíche cheiliúrtha a eagrú dó. Sílim go raibh níos mó fiúntais ag baint leis an oíche mar gheall nach muid fhéin a d’eagraigh é. Bhí an chéad smaoineamh ag Tom Giblin, fonnadóir agus ceoltóir giotáir as Gaillimh atá curtha faoi aige sa Spidéal. Luaigh sé lena dheartháir Ned é sa bpub oíche amháin agus rug siad ar Pháidí Ó Lionáird agus é ar a bhealach amach as an teach ósta an oíche chéanna. Bhí Páidí an-tógtha leis an smaoineamh agus bhunaigh siad coiste le beirt seanchairde liom fhéin agus le m’athair, Meaití Joe Shéamuis agus Martina Goggin. Ansin ghlaoigh siad ormsa le cinntiú go mbeadh an chlann sásta lena leithéid d’ócáid (rud go raibh) agus an mbeinnse sásta ceoltóirí, fonnadóirí agus damhsóirí a thabhairt le chéile don oíche. -
Ceol agus Ceoltóirí Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh an oiread ceoil riamh i gCois Fharraige is atá ann sa lá atá inniu ann agus na céadta ceoltóirí óga ag freastal ar ranganna ceoil an Ghaelacadaimh, ranganna go deimhin atá ar siúl ar fud Chonamara ar fad. Tá na ceoltóirí óga ag freastal ar ranganna ceoil le Scoil Cheoil Gannon sa Spidéal, scoil atá á reáchtáil ag Colm agus Kelly Gannon agus ar ndóigh tá ceoltóirí eile i mbun ranganna freisin, ceoltóirí ar nós banríon na feadóige, Mary Bergin. -
Muintir Mhic Phiarais Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba sin-seanuncaileachaí liom iad Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca i 1916, agus a dheartháir Willie (Liam Mac Piarais) a cuireadh chun báis freisin i bPríosún Chill Mhaighneáin sa mbliain 1916. Ba údar mór bróid dhúinn an gaol seo agus muid ag fás aníos i mBaile Átha Cliath. -
Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dúirt Máirtín Ó Cadhain, mórscríbhneoir Chonamara agus go deimhin duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge riamh anall, ina thiomna liteartha dheireadh saoil, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, go raibh sé ag scríobh i gcaitheamh a shaoil ar uireasa traidisiúin liteartha, ‘cés moite de na filí tuaithe’. Bhí cuid áirithe den cheart aige sa méid sin, ar ndóigh, má tá i ndán is go gciallaíonn traidisiún liteartha riar scríbhneoirí ardréime a bheith romhat sa líne a mbeadh corpus canónda úrscéalta, drámaí, filíochta (i gciall liteartha na hardfhilíochta, go háirithe) agus gearrscéalta foilsithe acu agus léitheoirí iomadúla acu, gan trácht ar litríocht fhairsing chritice a bheith ar fáil lena saothar a “mhíniú” don domhan mór. -
Blácaigh na Tulaí Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De bhunadh na Breataine Bige iad Blácaigh na Gaillimhe, agus ‘Cadell’ nó ‘Cadwell’ an sloinne a bhí orthu. Ba é Richard Cadel an chéad duine acu a luaitear le Gaillimh (ag deireadh an 13ú haois–tús an 14ú haois) ach bhí leasainm air: ‘Niger’, dubh sa Laidin, nó ‘le Blak’ (a ndearnadh ‘Blake’ ina dhiaidh sin de). Ba dream mór le rá i gcathair na Gaillimhe iad ar feadh na gcéadta bliain agus stádas agus gradam dá réir acu: bhí postanna móra acu sa gcathair, agus bhí scór Blácach éagsúil ina méaraí ar chathair na Gaillimhe. Bhí easpaig ina measc chomh maith le bairnéid, ridirí agus teachtaí parlaiminte. Ba teaghlach gustalach, tábhachtach, mór le rá iad Blácaigh na Gaillimhe, mar sin. -
Comhrá leis an Aire Stáit, Seán Kyne T.D. Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dtús mhí Lúnasa chasas leis an Aire Stáit nuacheaptha, an Teachta Dála Seán Kyne, ina oifig ar Bhóthair an tSléibhe, Maigh Chuilinn agus chaitheas uair an chloig ag comhrá leis faoi féin, faoi na cúramaí atá air mar Aire Stáit agus faoin méid atá sé ag iarraidh a bhaint amach agus é i gceannas ar Roinn na Gaeltachta. Ní fear é Seán Kyne a mbíonn aon ghaisce ar bun aige. Labhraíonn sé go stuama agus le bheith féaráilte dhó freagraíonn sé ceisteanna a sheachnódh go leor polaiteoirí eile. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I Márta na bliana 1966 a bunaíodh an Cumann Forbartha, cúpla seachtain roimh chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca. Bhí an pobal i gCois Fharraige an t-am sin in ísle brí ag an eisimirce mar gur beag deis mhaireachtála a bhí ar fáil san áit. Ní raibh aon fhorás ar thurasóireacht agus cé gur breathnaíodh ar an nGaeilge go náisiúnta mar acmhainn nádúrtha, ní fhaca siad siúd í a raibh sé de nós acu í a iompar leo ó ghlúin go glúin ach mar bhac cumarsáide orthu sna háiteanna a raibh orthu a dhul le greim a mbéil a shaothrú dóibh féin agus dá gcúram. -
Biseach: Eagarfhocal 2016, Soláthar Oideachais Iarbhunscoile i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dhá bhliain ó shin cuireadh tús le staidéar maidir le soláthar oideachais iarbhunscoile i gceantar Chois Fharraige, féachaint an bhféadfaí an dá scoil iarbhunoideachais sa gceantar – Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán – a chomhnascadh. Cuireadh deireadh tobann leis an próiséas i Márta 2015 nuair a fógraíodh gur léirigh taighde na Roinne Oideachais ‘go mbeidh gá leis an dá scoil a choimeád agus a fhorbairt’ mar ‘go bhfuil fás suntasach le teacht ar líon na scoláirí sa cheantar go dtí 2026’. -
Plean Teanga do cheantar Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl aon amhras ach go bhfuil an Ghaeltacht sa tréimse is cinniúnaí ariamh. Níl aon uireasa tuartha éadóchais ann agus tá an tuairimíocht ina leith sin ag fáil neart ardán agus poiblíochta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil fianaise ann a thacódh leis an mbarúil go bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail go mór faoi bhrú agus go bhfuil athrú an-mhór ar an nGaeltacht mar a tuigeadh í. Ní gá liodán na gcúiseanna a ríomh anseo ach is fiú a lua gurb iad muintir na Gaeltachta féin is fearr a thuigeann foinsí agus comharthaí na fianaise. -
Líon Scoláirí i Scoileanna Chois Fharraige ag Tús na Scoilbhliana 2015-2016 Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Líon Scoláirí i Scoileanna Chois Fharraige ag Tús na Scoilbhliana 2015-2016 -
Pisreoga Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba chuid an-tábhachtach de chreideamh agus de shaol na tíre seo iad na pisreoga sa tseanaimsir. Bhain siad leis an réamh- Chríostaíocht. Cé gur glacadh go fonnmhar, is cosúil, leis an gCríostaíocht, ag an am céanna bhí go leor daoine a choinnigh cois sa gcampa eile, in ainneoin caint na cléire. Go deimhin is iontach an rud gur mhair cuimhne ar na pisreoga anuas go dtí an lá inniu cé gur fíorfhánach an duine a thugann aon aird ar aon cheann acu anois. Anseo thíos tá roinnt pisreoga a bhailigh mé ó m’athair timpeall na bliana 1964. -
Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga, Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge i gCois Fharraige 2006 - 2011 -
Ó Chois Fharraige go Chicago Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fáilte go tír na saor,” a deir sé. Samhradh 2010, Chicago, Illinois agus ceann scríbe domsa agus mo bhaile nua. Tháinig mé anseo os cionn cúig bliain ó shin le bheith in éindí le mo ghrá geal agus chun tús a chur le mo chuid staidéar ar dhoctúireachta san eolaíocht. Ag Ollscoil Illinois i Chicago (UIC) a bhí mé le mo staidéar a dhéanamh i gCógaisíocht Bhiteicneolaíochta (pharmaceutical biotechnology). Saol nua, tír nua, cultúr nua. Cé go raibh na féileacáin ag cur dinglis i mo phutóga ag an tús, smaoinigh mé ar na sean-imircigh a tháinig anseo thar na blianta le meall mór ina gcroíthe mar nach bhfeicfidís an baile go deo arís. Ní raibh rudaí chomh dona sin i mo chás féin. Bhí go leor feicthe agam faoi Mheiriceá sna scannáin agus ní mór dom anois mo bhealach a dhéanamh anseo idir an t-olc agus an mhaith. -
Peileadóirí Mhicheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sé is dóigh go bhfuil fáil ar Sky Sports sna Flaithis agus má tá bí cinnte gur dó a bhí Paddy Mhatt Mac an Iomaire agus Ned Mháirtín Ned Ó Finneadha greamaithe tráthnóna Sathairn an chéad lá de Lúnasa seo caite. Bhí Paddy agus Ned, go ndéana Dia trócaire orthu, ar bheirt a raibh lámh mhór acu in athbhunú Chumann Mhicheál Breathnach i ndeireadh na 1960í agus fearacht aon duine eile a raibh baint acu leis an gclub roimhe ná ó shin, bhí gliondar ar a gcroíthe ag féachaint síos ar cheannáras CLG agus triúr as an gclub ag seasamh an fhóid do Ghaillimh i gcluiche sinsear craoibhe ar an bpáirc is cáiliúla in Éirinn. -
Fís ’74 – Céard a Tharla Di? Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tionóladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige i gConamara, an chéad uair ar tugadh an fheile mhór amach ón ardchathair go pobal Gaeltachta ó athbhunaíodh an tOireachtas sa bhliain 1939. Céim eile a bhí anseo sa straitéis a bhí á cur i bhfeidhm ó dheireadh na seascaidí ag ceannairí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta: ‘sé sin, tús áite a thabhairt do bhuanú agus do neartú na mbunphobal Gaeltachta in aon pholasaí nó in aon bheartas teanga a bheadh á cheapadh feasta ag an Stát nó ag gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge. An bunphobal Gaeltachta a chumasú le cur ar a shon féin: b’shin, i mbeagán focal, an fhís a bhí taobh thiar de ‘spiorad’ 1974 i gCois Fharraige. Cuspóir an ailt ghairid seo, comhthéacs nó fráma tagartha a thabhairt don spiorad nó don fhís seo, le focail scoir faoi cad d’imigh uirthi. -
An tIolar agus An Sicín Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Maidin bhreá ghrianmhar amháin, le linn dhó fhéin agus dhá chuid cairde, na sicíní, a bheith ag piocadh grán ón talamh, chlúdaigh scamall mór an spéir os a gcionn. D’ardaigh sé a cheann agus bhreathnaigh sé suas agus bhí sé faoi dhraíocht ag an radharc a chonaic sé, iolar álainn ag trasnú na spéire. Neamhchosúil leis na sicíní agus na héanlaith eile a bhí ag deanamh iarracht eitilt, is cosúil gur tháinig an eitilt go nádúrach dhó seo, ní raibh strus dhá laghad air. Lena chuid sciatháin oscailte amach mar a bheadh pluid ann, bhí sé ag eitilt chomh réidh agus chomh stuama sin agus é ag athrú treo agus airde gan anró ná strus dhá laghad. -
Cois Fharraige Le Mo Linnse Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is minic aird dírithe ar na cosúlachtaí atá idir an teacht le chéile a tharlaíonn ag seoladh leabhair agus an fháilte a chuirtear roimh leanbh nuashaolaithe — gura slán an comórtas. Tá fírinne áirithe ar ndóigh sa tsamhail sin. Tar éis an tsaoil bíonn a thréimhse luí seoil curtha de ag an údar, agus tá an toradh ar an seal a chaith sé ó sí ag saothrú go dian, curtha amach anois go feiceálach os comhair an domhain mhóir. Tá an bábán beag tagtha ar an saol, agus is rud annádúrtha é, go mbaileodh cairde agus comharsana isteach chun fáiltiú roimhe agus bheith páirteach i gcóisir bheag ina ómós. -
Diarmuid Mac an Adhastair Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Séamus Mhicil Tom nó Diarmuid Mhic an Adhastair, pé ar bí cé acu é. Tá go leor daoine ar fud na tíre nach gcreidfeadh go bé an duine céanna é agus sílim go mbíodh sé fhéin idir dhá chomhairle go minic. -
Tomás Ó Con Cheanainn (1921-2015) Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is maith is cuimhneach liom an chéad uair a leag mé súil ar an scoláire iomráiteach agus ar an nGael uasal Tomás Tom Shadhbh Ó Con Cheanainn a bhí ina Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1969-86, agus ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1990. Samhradh gréine na bliana 1969 a bhí ann, mé féin i mo dhalta iar-Ardteiste ag dul faoi scrúdú cainte na scoláireachtaí iontrála i léachtlann mhór aduain sa gColáiste Ollscoile a bhí lonnaithe an uair sin in Ardán Phort an Iarla. Fear ciúin séimh dea-labhartha a bhí romham a chuir an mac léinn neirbhíseach seo ar a shocracht ar an bpointe agus a labhair liom i nglan-Ghaeilge Chois Fharraige ar nós go raibh seanaithne againn ar a chéile. Is beag a cheap mé an uair sin go raibh treoir á fáil agam ó dhuine de mhórscoláirí Gaeilge a linne. -
Comóradh Oireachtas Chois Fharraige 1974 Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé tráthúil gur anseo, sa bPoitín Stil, atá dlús á chur leis an gceiliúradh, mar gur ar an suíomh ceannann céanna seo i 1974 a cuireadh dlús leis an gcéad Oireachtas oifigiúil dár reáchtáladh sa nGaeltacht ariamh. Taobh thiar dhínn anseo, san áit a bhfuil an carrchlós anois, a bhí halla mór an Phoitín Stil ag an tráth sin, agus ba éacht ann fhéin é gur shuigh os cionn cheithre chéad duine chun boird ag ócáid na hoscailte. -
An Spidéal Caoga Bliain ó Shin Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is éard atá anseo roinnt de na scéalta óna nuachtáin 50 bliain ó shin, a bhain leis an Spidéal, curtha le chéile ag Seosamh Ó Cuaig, Iarchomhairleoir Contae agus Iarbhall Tofa ar Údarás na Gaeltachta. Níl anseo ach cuid de na scéalta a bhí luaite ag Seosamh sa chaint faoin teideal ‘An Spidéal Caoga Bliain ó Shin’. a thug sé i gColáiste Chonnacht mí Feabhra seo caite, mar chuid de shraith léachtaí, eagraithe ag Cumann Staire is Seanchais Chois Fharraige. Seo cuid de na nithe a bhí luaite ag Seosamh ina chuid cainte. -
Áit Bhreithe an Scríbhneora, Máirtín Ó Cadhain Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain i mbaile fearainn an Chnocáin Ghlais ar an 20 Eanáir 1906. Cé gurb é an 4 Eanáir atá curtha síos dó i leabhar an bhaiste i Séipéal an Chnoic agus 13 Feabhra ar a theastas breithe ó oifig an Chláraitheora. Bhíodh m’athair Pádhraic, a dheartháir, ag rá riamh gurb é an 20 Eanáir a lá breithe. Bhí sé ar an duine ba shine den chlann a mhair. Bhí trí dhuine dhéag de mhuirín ar a thuismitheoirí, Seán Ó Cadhain agus Bríd Óg Nic Conaola. -
Chomharchumann Shailearna Teo. Straitéis Cúig Bliana Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é spriocráiteas Chomharchumann Shailearna Teo. - Forbairt an duine, an teaghlaigh agus an phobail trí oideachas, trí oiliúint, trí sheirbhísí agus trí ghníomhaíochtaí a fhásann as teanga agus as dúchas na Gaeltachta. Bunaíodh CST i 1984 le folús a líonadh i gceantar Chois Fharraige de thoradh éirí as trádáil Chomharchumann Chois Fharraige an bhliain roimh sin. -
Iarrthóirí sna Toghcháin Áitiúla 2014: Boscaí Chonamara Theas Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Iarrthóirí sna Toghcháin Áitiúla 2014: Boscaí Chonamara Theas -
Coláiste Cholmcille 60 Bliain ar an bhFód Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coláiste Cholmcille suite i mbaile na hAille in Indreabhán, Conamara. Tá sí trí scóir bliana ar an bhfód anois. Is í Coláiste Cholmcille an féirín is fearr agus is fóiniméidí a tháinig go Cois Fharraige go dtí sin. Bhí an ceantar foirgthe ag aicíd agus ag anachain na himirce le blianta. Nuair a bhíodh na gasúir réidh leis an mbunscoil ní raibh i ndán dóibh ach an Bád Bán soir nó steamer Mheiriceá siar, cé is moite de chorrdhuine a d’fhan lena muintir sa mbaile. Ní raibh mórán foráis i ndán dóibh ag stracadh agus ag strácáil, ag strachailt agus ag tiaráil ar ghiodán creagach, gann gortach. Is minic go bhfanfadh beirt sa mbaile agus go roinnfí an giodán eatarthu, rud a d’fhágfadh cúrsaí níos measa agus iad fágthaí i dtuilleamaí na spáide ag scríobadh creaga. -
Na Coimínigh agus Dúiche Shailearna sa 19ú hAois Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa mbliain 1796 phós Laurence Comyn Jane Lynch, iníon le Nicholas Lynch as Bearna agus Catherine Blake as Baile na Cille. Bhí léas 999 bliain ag Nicholas ar “Sellernamore” ón mbliain 1774, tráth ar thóg a athair, Marcas, léas 31 bliain ar thailte “at Spiddal and Sellernamore” ó Oliver Martin, Tul Aighre, Contae na Gaillimhe. Tá “Sellernamore” marcáilte ar léarscáil an Down Survey (1656– 8) idir Abhainn Chromghlinne agus Abhainn an Chnoic. (Síneann “Sellernabeg” ar an léarscáil chéanna siar ó Abhainn Chromghlinne, ag cuimsiú cheantar na Mine, na Tulaí agus Bhaile na hAbhann siar chomh fada le Ros an Mhíl.) -
Biseach: Eagarfhocal 2015, Focal ó Chathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céard tá i ndán do Ghaeltacht Chois Fharraige? Léiríonn an Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh níos túisce i mbliana go bhfuil meath suntasach tagaithe ar úsáid na Gaeilge mar theanga pobail i bparóiste an Chnoic, an paróiste a mbíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige ag plé leis. Thit céatadán na ndaoine a deir go núsáideann siad an Ghaeilge go laethúil ó 67% i 2006 go dtí 63% i 2011. Bhí an titim ansuntasach i gceantar Shailearna, an ceantar idir Abhann an Chnoic agus Abhainn Chromghlinne, ó 72% go 65%. -
An Nádúr Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Filíocht agus Litríocht an Óige -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige 1981-2011 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an cumann seo againne 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá muid ag dul ó neart go neart. Bhí cóisir cheiliúrtha againn in Óstán na Páirce i mí Márta seo caite agus ba í Geraldine McGrath, Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe, a bhí mar aoi speisialta. Bhronn sí boinn ar na foirne faoi 9, faoi 10, faoi 11, faoi 13 agus faoi 16 mar gheall ar na comórtais a bhuaigh siad i rith na bliana 2010/2011. Bhronn sí Gradam Imreoir na Bliana ar na buaiteoirí faoi 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 agus sóisir. Bhí an-oíche ag chuile dhuine den 183 a bhí ann agus an ceol á chasadh ag Buckley agus a Chairde. -
Iománaíocht i gCois Fharraige – Bliain stairiúil ag Cumann Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain stairiúil a bhí in 2011 do Choiste Iomána Chumann Mícheál Breathnach. Ba é buaicphointe na bliana gan amhras ar bith an cluiche a imríodh ar an 5 Samhain i mBaile an Doirín nuair a bhuaigh an fhoireann Sóisear B Craobh an Chontae gur cháiligh don ghrád Sóisear A den chéad uair, céim mhór eile sa dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann ó bhíodar sa ghrád Sóisear C Speisialta in 2004. As sin go Sóisear C, ansin go Sóisear B in 2007, agus anois beidh siad ag imirt sa Chraobhchomórtas Sóisear A in 2012. -
Peil Sinsir i gClub Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. A leithéid de bhliain! Agus mé á scríobh seo, tá muid fós ag fanacht ar chluiche a imirt i gcoinne Sheamróga Chortúin, i gCraobh Peile Sinsir na Gaillimhe. Tá a fhios ag madraí an bhaile céard is cúis leis an moill agus mura bhfuil, cuireadh siad ceist ar éinne a bhfuil suim acu sa bpeil agus míneoidh siad dóibh é. Mar phainéal imreoirí, tá muid ag traenáil mar is gnáth agus fócas iomlán againn ar an gcéad chluiche eile. -
Craobh Uile-Éireann faoi 21 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ag siúl amach ar Pháirc an Chrócaigh dom, ag éisteacht leis an slua ag tacú linn ar lá Chraobh Uile-Éireann faoi 21, bhí mé ar mhuin na muice. Tá cuimhne mhaith agam ar chluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, mo chéad thuras go Páirc an Chrócaigh in 2000 agus a bheith i láthair don bhua iontach i gcoinne na Mí in 2001. Bhíodh imreoirí na laethanta sin ina laochra agam. Ag breathnú timpeall orm féin, bhí lúcháir chroí orm go raibh mé féin agus na leaids i ndiaidh dul chomh fada leis an gcluiche craoibhe agus bhí a fhios agam go raibh sé tuillte againn a bheith ann. -
Cúrsaí Liathróid Láimhe 2011 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is áit fíorchruógach, ach thar a bheith spleodrach pléisiúrtha, é pinniúr an chumainn sin againne ar an gCnoc ó cheann ceann na bliana mórán ag óg agus aosta, ní hé amháin lena mbíonn d’imirt agus de thraenáil ann ach mar gheall ar an méid spraoi agus spóirt a bhíonn taobh istigh de cheithre ballaí an ionaid féin. Go deimhin, is ionad iontach sóisialta é, áit a gcloistear gacha le scairt bhreá gháirí go minic ag baint oiread macalla taobh istigh ann is a níonn lascadh liathróide in aghaidh na mballaí céanna! -
Cumann Mícheál Breathnach 2011 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá bliain eile curtha dínn anseo in Indreabhán agus bhí go leor ag tarlú i gcaitheamh na bliana. Idir na foirne faoi aois agus na foirne Sóisir agus Sinsir, tá an oiread cluichí imeartha agus traenáil déanta i gcaitheamh na bliana. Chomh maith leis sin d’fhág muid slán ag ár gCathaoirleach, Pádhraic Joe Shéamuis Ó Fatharta. Ba mhaith liom thar ceann an Chumainn - na baill agus na foirne agus na fochoistí ar fad - buíochas a ghlacadh le Pádhraic as ucht an obair a chuir sé isteach sa gCumann ar feadh na mblianta. B’ambasadóir iontach don Chumann é agus aireoidh muid uainn go mór é. Faoi láthair is é Tadhg Mór Ó Curraoin a sheas isteach sa mbearna. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis na bainisteoirí, traenálaithe agus imreoirí a rinne a ndícheall i gcaitheamh na bliana. Is iontach an chreidúint sibh ar fad do Chumann Míchéal Breathnach. -
Cluichí Pobail i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireadh tús leis na Cluichí Pobail i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1968 le deis a chur ar fáil do ghasúir páirt a thógáil i gcluichí de gach cineál. Cuireadh an bhéim i dtosach ar an lúthchleasaíocht. Níor thóg sé i bhfad ar an eagraíocht leathnú ar fud na tíre, ó thuaidh is ó dheas, agus leathnaíodh amach an raon imeachtaí ina mbíonn comórtais. -
Club Óige Lurgan 2010/2011 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tagann Club Óige Lurgan le chéile chuile Aoine i gColáiste Lurgan in Indreabhán agus is deis iontach é do dhaoine óga na háite bualadh le chéile ar bhonn sóisialta. Is Club lán-Ghaeilge é an club seo agus bíonn béim ar leith ar na daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus chun bród a mhúscailt iontu as a dteanga dhúchais. Is é bunaidhm an chlub spás sábháilte a chur ar fáil do dhéagóirí, ní hamháin chun bualadh lena gcuid cairde ach, chomh maith leis sin, chun scileanna sóisialta nua a fhoghlaim. Spreagtar na daoine óga go gníomhach chun cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin agus chun seilbh agus freagracht a ghlacadh ar an gclub. Is é Coiste na nÓg, i gcomhar leis na daoine fásta atá ar Choiste an Chlub féin, a dhéanann na himeachtaí a phleanáil. Is tuismitheoirí iad formhór na ndaoine fásta seo, daoine a bhfuil suim ar leith acu a bheith ag obair le déagóirí agus ag iarraidh iad a chumasú. Bíonn neart oibre agus pleanála i gceist leis an gclub seo a rith agus, ar ndóigh, bíonn muid i gcónaí ag cuartú oibritheoirí deonacha chun cúnamh a thabhairt dúinn. -
Abairleat! BEO Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. AbairLeat! BEO is ainm don suíomh pobail sóisialta atá á fhorbairt againn i gColáiste Lurgan, i gcomhar leis an gcomhlacht idirghníomhach domhanda, F-i (Fantasy Interactive Inc.) atá lonnaithe i Nua-Eabhrac. Beidh an leagan trialach ar fáil ar www.abairleat.com faoi thús mhí na Nollag 2011. Beifear á sheoladh go náisiúnta mí Feabhra 2012. -
Coiste Pobail na Tulaí Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireadh deireadh leis an obair athchóiríthe a déanadh ar Halla na Tulaí agus tá sé in úsáid go rialta anois ag grúpaí spóirt agus le haghaidh oícheanta sóisialta don phobal uilig. Tá muid thar a bheith buíoch as an tacaíocht a fuarthas ó mhuintir an cheantair agus ó na grúpaí éagsúla a bhaineann úsáid as an halla. Táthar ag réiteach le hoíche chártaí (cúig fichead) a chur ar bun gach Déardaoin sa halla agus beidh fáilte roimh aon duine atá ag iarraidh imirt nó láimh a thabhairt. -
Tearmann Éanna – Tearmann don Aosach Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is i dtús na nóchaidí a cuireadh tús le Coiste na nAosach/Tearmann Ainnín agus le himeacht ama bunaíodh an comhlacht Tearmann Éanna Teo. le seirbhísí den scoth agus d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’aosaigh agus d’easláin an cheantair. Is eagraíocht dheonach Tearmann Éanna Teo. ar a bhfuil Bord Stiúrtha de dheichniúr stiúrthóirí agus beirt bhall coiste ag feidhmiú go deonach. Tá muid ag brath go hiomlán ar mhaoiniú agus ar dhea-thoil na n-eagraíochtaí stáit cuí leis na seirbhísí a chothú agus a chur chun cinn don Aosach. Tá tríocha a dó Teach Sóisialta, Ionad Lae, Ionad Sláinte agus Aireagal Phóil, lena mbaineann naoi n-árasán, tógtha go dtí seo ag Tearmann Éanna Teo. -
Sconsa Scoil Shailearna Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag duine a théann siar bóthar Chois Fharraige ó dheireadh an tsamhraidh seo caite nach dtugann faoi deara an sconsa breá atá ag síneadh amach roimhe ar thaobh na láimhe deise ag ceann thiar chlós Scoil Náisiúnta Shailearna agus leath bealaigh ó thuaidh comhthreomhar leis an scoil. Tógadh an sconsa nuair a leagadh na crainnte idir ‘Tigh Kheane’ / ‘Tigh Mhiss Conneely’ agus an scoil. Tosaíodh ar an obair thart ar mhí an Mheithimh 2010 agus cuireadh an chloch dheiridh in áit thart ar dheireadh an tsamhraidh 2011. -
Sonny Robert (Séamus Ó Caisín ón Aill Bhuí) Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Airíonn muid uainn thú, a sheanchaí ghreannmhair ón Aill Bhuí, do chuid eachtraí agus scéalta móra, ach mar sin féin, ní bhfaighidh an aois an ceann is fearr go deo ort mar fuair tú an bás ab ansa leat – ar do shuimreas i measc cairde a bhí go fial flaithiúil agus a chuir go minic Fáilte Uí Cheallaigh isteach romhat san áras ar a dtugtar an t-ainm draíochta sin “Tír na nÓg”.