Míreanna
-
An Colún Cócaireachta Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl muid cinnte cé chomh fada siar a théann traidisiún an cháca bacstaí ach deirtear gur i rith réimeas Eilís I Shasana, thart ar 1600, a thug Walter Raleigh na fataí go hÉirinn den chéad uair. Spéisiúil go leor, ba i lár tíre, i dtuaisceart Chonnacht agus i ndeisceart Uladh ba mhó a bhí tóir ar an gcáca bacstaí. Is cosúil gurbh iad na daoine bochta is mó a d’úsáid é mar is cáca fataí na mbocht a thugtaí air freisin. Caithfidh mé a rá nach bhfaca mé féin an cáca bacstaí á dhéanamh ariamh nó má chonaic, níor thug mé mórán suntais dó. Is é an uair a bhí muid ag déanamh píosa cócaireachta don chlár Siamsán Maidine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roinnt blianta ó shin, an chéad uair a rinne mé iad. Theastaigh ó Mháirtín Jamsie an bacstaí a dhéanamh ar an gclár. Bhraith mé féin nach raibh mé sách eolach le tabhairt faoi agus chuir mé tuairisc le mo mháthair agus is uaithi a fuair mé an t-eolas. Ní haon iontas gur tugadh cáca fataí na mbocht air mar níl tada ann ach fataí agus gráinne salainn. Seo a leanas an t-oideas a thug mo mháthair dom. Tá sí féin ar shlí na fírinne anois, go ndéana Dia grásta uirthi. -
Cois Fharraige Céad Bliain ó Shin – nótaí ar Dhaonáireamh 1911 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é an Toghroinn Ceantair nó an District Electoral Division an bunaonad faoinar tugadh faoi Dhaonáireamh na bliana 1911. Don tsracfhéachaint seo ar cheantar Chois Fharraige, rinneadh staidéar ar thorthaí as trí cinn de na toghranna: Sailearna, lena n-áirítear na hAille, Both Bhrocháin, Clochar na gCon, Cor na Rón, Formaoil, Gleann Mhac Muirinn, Glionnán, an Cnoc agus an Lochán Beag; Cill Ainnín, lena n-áirítear Both Chuanna Thoir agus Thiar, Both Loiscthe Íochtair agus Uachtair, Clochar na Lára, Fionnán, Coill Rua Thoir agus Thiar, Leitir Fir agus Seanadh Mhóinín; agus Cill Chuimín, lena n-áirítear Baile an tSléibhe, Baile na hAbhann, Bánrach Bán, Cartúr agus Cartúr Leathan, na Doireadha, Doire Choill, Doire Bhriosc, Gleann Trasna, na hUillinní, Indreabhán, Caorán na gCearc, Cnoc Aduaidh, Léim Thoir agus Thiar, Leitir Móir, Log an Ime, na Mine, Muiceanach Choille, Ros an Mhíl, an Seanbhaile, Tóin an Chnoic agus an Tulach. Mar is léir, níl na bailte fearainn seo go léir i gCois Fharraige: tá bailte uilig Shailearna, go leor de bhailte Chill Ainnín, agus roinnt bailte i gCill Chuimín. Mar a thuigfí, is é an ceantar sin atá buailte ar an bhfarraige, Cois Fharraige, is é sin, ó Abhainn an Spidéil siar go hAbhainn Chromghlinne, agus b’fhéidir Crosbhóthar na Tulaí, atá faoi chaibidil, ainneoin go bhfuil cuid mhaith amhrais ann faoi theorainneacha an cheantair. -
Féile Náisiúnta Drámaíochta 2011 i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Agus drámaí Gaeilge ó phobail éagsúla timpeall na tíre ar stáitse i gConamara ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2011, bhí sé tráthúil gur san amharclann phobail i Seanscoil Sailearna a déanadh an ceiliúradh seo. Is cosúil gur fhás an amharclann seo ón bpobal: ina scoil, ina seanscoil, ina hionad pobail, ina hamharclann bheo. Is deacair cúlra ná siombail níos fearr don drámaíocht a shamhlú agus ár mbuíochas leis na daoine a spreag agus a spreagann an bheocht seo. -
Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe 2011 Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Idir an 14-18 Feabhra 2011 chruinnigh 40 scoil (idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna) as Co. na Gaillimhe le chéile in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, chun drámaí as Gaeilge a chur ar stáitse. Bhí meascán iontach drámaí le feiceáil idir dhrámaí nuascríofa, sheandrámaí agus cheoldrámaí. Lean an Fhéile ar aghaidh ar feadh na seachtaine agus ba iad Norette Ní Laoithe agus Seán Ó Murchú a rinne an mholtóireacht. Bhíodar antógtha leis an gcaighdeán fíorard a bhí ar an stáitse. Bhain na gasúir ar fad antaitneamh as na drámaí agus bhí an Halla lán go doras chuile lá. D’éirigh chomh maith leis an bhFéile gur reáchtáladh Féile Chonnacht ann coicís ina dhiaidh sin agus d’éirigh thar cionn leis sin freisin. -
Nach aoibhinn beatha an scoláire! Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí bliain eachtrúil, shuimiúil, spreagúil, lomlán le himeachtaí éagsúla againn i Scoil Sailearna i mbliana. Teicneolaíocht an Eolais: Bhí clár bán idirghníomhaíochta nó teilgeoir digiteach againn i ngach seomra ranga den chéad uair i mbliana. Bhain scoláirí agus múinteoirí an-leas, tairbhe agus taitneamh as na háiseanna nua-aimseartha seo. Tá buíochas mór ag gabháil do Mhícheál Ó Foighil (Coláiste Lurgan) a thug trí cinn de chláir bhána idirghníomhaíochta ar iasacht don scoil! Go bhfága Dia an tsláinte aige! Bhain muid úsáid as an gcóras Textaparent den chéad uair i mbliana freisin le tuismitheoirí na scoile a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí na scoile. Ar ndóigh, tá suíomh idirlín ag an scoil anois agus chuile eolas agus scéal nua le fáil ar www.scoilsailearna.ie! -
Scoil Cholmcille na Tulaí - Ceithre chéim! Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céim a 1: Tógadh an foirgneamh ina bhfuil Scoil Cholmcille faoi láthair sa mbliain 1961 agus osclaíodh na doirse den chéad uair ar an 7 Bealtaine 1962. Trí sheomra ranga agus bloc leithris a bhí ann. Mar gheall ar an gcónascadh le Scoil Bhríde sna Minna sa bhliain 1970, tháinig méadú ar líon na ngasúr a bhí ag freastal ar an scoil agus ceapadh an tríú cúntóir i 1981 agus ceannaíodh seomra réamhdhéanta chun freastal ar an rang breise. -
Fíbín Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí aisteoireacht déanta agam cheana ag aisteoireacht ar an scáileán ar an sobalchlár Aifric agus le cúpla gearrscannán agus tá mé ag aisteoireacht ar stáitse ó bhí mé sna naonáin bheaga i Scoil Cholmcille, an Tulaigh, agus an bealach ar fad tríd an meánscoil i gColáiste Cholmcille in Indreabhán. Ach, fiú ó thosaigh mé ar an tríú leibhéal in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí an samhradh seo, ní dhearna mé seó ná aisteoireacht cosúil leis an seó samhraidh ag Fíbín (Finscéalta Fíbín) do na coláistí samhraidh ar fud na tíre. -
Biseach: Eagarfhocal 2011, Focal ó Chathaoirleach Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Ní neart go cur le chéile” adeir an seanfhocal agus, ar ndóigh, seasann an ráiteas sin gan dabht do pharóiste an Chnoic. Níl orainn ach breathnú taobh istigh agus taobh amuigh den iris Biseach agus is léir dúinn an cur le chéile agus an obair iontach atá ag tarlú ó cheann ceann an pharóiste, go háirithe ar son na hóige. Is iontach an éacht atá déanta ag lucht na liathróide láimhe agus iad ag treabhadh leo ar fud na tíre gan trácht ar na huaireanta feighleoireachta a déantar an fhad agus a bhíonn óige an cheantair ag cur allais thoir sa bpinniúr. Ní haon eisceacht iad Cumann Peile agus Iománaíochta Mhícheál Breathnach ná lucht peile na mban ná, ar ndóigh, na gaiscígh chamógaíochta. -
Páidín An Bhata Mhóir Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí fear agus bean ann fadó agus a raibh mac acu ar bhaiste siad Páidín air. Chuir a athair crann an lá a rugadh Páidín. Faoin am a raibh Páidín seacht mbliana d’aois, chuir a athair amach é ag baint an chrainn. Níor éirigh le Páidín an crann a bhaint an chéad bhabhta seo. D’fhan na tuismitheoirí go dtí go raibh Páidín cheithre bliana déag d’aois. Amach leis arís agus d’fhéach sé leis an gcrann a strachailt as an talamh ach diabhal stangadh as an talamh ach diabhal stangadh féin a bhain sé as. -
Breathnaigh na Cathrach Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bailiúchán é seo a chuir Máirtín Tom Bán ar fáil do Bhiseach. -
Siar sna Blianta Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sean-ghrianghraif de cheantar Chois Fharraige. -
Siúlóid Ability West Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an eagraíocht Ability West i gcathair na Gaillimhe i 1963 chun cuidiú le daoine a bhfuil míchumais meabhrach orthu a gcuid aidhmeanna agus a mianta saoil a bhaint amach. Ó 1974 i leith, tá cúig Ionad Oideachais agus Forbartha do Leanaí bunaithe ag an éagraíócht ar fud an chontae agus cuireann siad sin oideachas agus oiliúint speisialta ar fáil do dhaltaí go mbeidh siad ocht mbliana déag d’aois. Tá ceann de na hIonaid sin lonnaithe ar an gCeathrú Rua. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain eile iontach a bhí ag an gCumann i mbliana, i gcéin agus i gcóngar. Chuaigh na déaga go Portland Oregon i mí Dheireadh Fómhair chuig an gComórtas Domhanda, áit ar bhain na cailíní amach trí Chraobh Dhomhanda, Ciana Ní Churraoin dhá chraobh Faoi-13 agus Sinéad Ní Ainlí an chraobh do Mhná Grád C. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhag trí bhus ó Pháirc na mBreathnaigh ag a 8.00am ar an 12ú Meán Fómhair agus muid ag tabhairt ár n-aghaidhe ar Bhaile Átha Chliath do Chluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann. Bhí 45 dhuine fásta agus 80 cailíní óga sa slua! Chuile dhuine ar bís ag súil leis an lá mór. Bhí beirt d’fhoireann na Gaillimhe a raibh súil againn iad a fheiceáil ag imirt an lá sin; Aislinn Ní Chonghaile ón gCaisleán Gearr agus Veronica Curtin as Cinn Mhara. Iníon le John Connolly, an t-iománaí cailiúil, í Aislinn agus tá baint mhór ag a muintir le Conamara. -
Cumann Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is 2010 ag teacht chun críche, agus muid ag tarraingt ar bhliain nua úr i 2011, tá Cumann Mhícheál Breathnach fós i dul i bhfeabhas sa bpobal agus muid ag freastal ar mhuintir na háite ó Droichead an Spidéil chomh fada le Droichead Chasla. Tá ag eirí go híontach leis an gCumann ar an bpáirc agus fiú amháin dhó. Tá muid tar éis tosú ar an fhorbairt a bhí geallta againn le blianta anuas agus formhór an bhuíochais sin ag dul dóibh fhéin, ár gcuid baill agus locht leanúna. Tá céim a haon don togra tógála a bhí leagtha amach againn faoi lán tseoil. Is gcearr go mbeidh an Pháirc Spraoi críochnaithe in aice leis an seastán agus nach deas an áis é a bheith le fáil taobh na páirce d’aos óg na háite. Le cúnamh Dé beidh muid ag tosú ar an dara céim don togra tógála, an Pháirc Uile-Aimsire, go an-luath i 2011. -
Cá ndeachaigh an bhliain? Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl teora leis an oideachas agus ní as leabhra amháin a fhaightear é. Tá sé tábhachtach nach gcuirfí teora le foghlaim sna scoileanna trí dhíriú isteach ar scrúdaithe agus ar chóras na bpointí go huile is go hiomlán. Is iomaí sin saghas oideachais ann agus is iomaí sin tallann atá ag an duine. Déanann muid chuile iarracht na tallanna seo a chothú sa scoil trí bhéim a chur ar na healaíona chomh maith leis an spóirt agus ar ndóigh an léann. -
An-bhliain i Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Oireachtas na Gaeilge Ghlac suas le scór gasúr páirt sna hagallaimh beirte agus sa damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn faoi Shamhain. Bhain chuile dhuine a ghlac páirt an-sásamh as agus d’éirigh le Sinéad Ní Mhaoláin agus Emma Ní Choisdealbha an dara háit a bhaint amach sna hagallaimh bheirte faoi-12. Bhain Mairéad Ní Chonghaile agus Rebecca Ní Fhátharta amach an dara háit faoi-15. D’éirigh thar cionn le Caoimhe Ní Chonghaile agus bhí sí ar ghearrliosta na ndamhsóirí ar an sean-nós. Ghlac sí páirt sa gclár teilifíse “Steip” ar TG4. B’iontach go deo an oiread de phobal na scoile a fheiceáil agus iad gafa, gníomhach agus lárnach in imeachtaí an Oireachtais. -
Imeachtaí eile i Scoil na Tulaí Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba iad Scoil na Tulaí a d’eagraigh na babhtaí áitiúla d’Fhéile Scoildrámaíochta na Gaillimhe arís i mbliana. Ghlac cúig dhráma as an scoil páirt sa chomórtas agus d’éirigh le ceithre cinn acu dul ar aghaidh go dtí Craobh Chonnacht i gCaisleán a’ Bharraigh. -
Scoil Cholmcille san 1st Lego League Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a rinne Cumann Tuismitheoirí Scoil Cholmcille iarratas ar Ionad Oideachais na Gaillimhe i gcomhair ticéid chun go bhfreastalódh Rang a 5 & 6 ar Chraobh na hÉireann den 1st Lego League in Óstán an Radisson Blu, is beag a cheap siad go mbeadh Rang a 5 na scoile mar réaltaí an chomórtais! Tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa gcomórtas agus le tacaíocht ón bPríomhoide, Fil Uí Dhubhghaill, an mhúinteoir ranga Sarah Ní Choistealbha agus foireann Ionad Oideachais na Gaillimhe thug Rang a 5 faoin dúshlán a leagadh amach dóibh. -
Gaeil sa Bhaile thar Sáile Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí mé ag dul ar bord loinge i Southampton i Sasana ar mo bhealach go Ceanada sa bhliain 1957. Slua mór sa phasáiste ag barr na gcéimeanna. Bhí mé sáinnithe ansin. Chuile dhuine ag iarraidh eolais, a mbuncanna nó a gcábáin á lorg acu. Bunc a bheadh a’msa. Ní raibh tuairim a’m cén fhad a ghlacfadh sé orm post a fháil ar an taobh eile agus níor mhiste a bheith tíosach leis an airgead. -
Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní hé chuile lá a fheiceann tú leabhar breá nua toirtiúil Gaeilge faoi cheantar Chois Fharraige, ach sin go díreach atá sa leabhar, Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige, atá curtha in eagar ag a mhac, Pádraic agus foilsithe ag Coiscéim i mBaile Átha Cliath. Tá 510 leathanach san iomlán sa leabhar seo ina bhfuil scéalta agus seanchas faoi rudaí a tharla i gcomharsanacht an scéalaí siar sna blianta, chomh maith le tuairiscí ar eachtraí agus imeachtaí ar chuala Jimmí féin fúthu nó a raibh sé i láthair nuair a tharla siad. -
Noel Dan Ó Droighneáin 1946-2010 Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó d’oscail Pinniúr Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach i 1980 bhí Noel ag imirt ann go seasta go dtí an oíche ar bhásaigh sé ann in éineacht lena chomrádaithe, Pádraig Tim Ó Conghaile agus Gerry Springer Ó Fátharta. Thraenáil sé go leor gasúir óga ar feadh na mblianta agus fiú dhá lá sular bhásaigh sé chuir se tús le Campa Samhraidh Liathróid Láimhe. Dúirt sé, “beidh mé ann go dtí meán lae ach caithfidh mé dul ag iascaireacht ansin”. Sin é an uair deireadh a chonaic mé Noel beo. -
Sinneán Seanfhocal Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bailiúchán lámhscríofa a fuair Fil Uí Dhubhghaill óna haintín a bhí anseo agus seo mar a chuir Fil féin síos ar an liosta: “Ba é Tim Johnny Ó Cualáin, uncail m’athar, agus m’aint, Bríd Ní Chualáin, a bhailigh na seanfhocla seo le linn dóibh a bheith i bhfeighil an tí ósta, Tigh Tim Johnny, sa Spidéal. Is iomaí duine mór le rá a chuir cois thar tairseach sa teach ósta céanna, ina measc an scríbhneoir Brendan Behan, an píobaire Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna. Dhíol Tim an teach ósta ag tús na seachtóidí leis an amhránaí Des Kelly agus ba eisean a d’athraigh an t-ainm go dtí an ‘Crúiscín Lán’, an t-ainm atá fós air go deimhin, cé go bhfuil an áit i seilbh John Foy le roinnt blianta anois.” -
Seaimpíní Sean-nóis Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bpictiúr seo tá cairde agus muintir Órla Ní Fhinneadha as an gCloich Mhór. Bhuaigh Órla craobh na hÉireann Faoi-18 sa gCabhán ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Seo é an tríú bliain aici craobh na hÉireann a bhuachaint. Tá go leor comórtais eile buaite aice le blianta anuas – Corn Cuimhneacháin Phatsy Ó Ceannabháin na bliana seo ina measc. Chas Órla amhrán d’Uachtarán na hÉireann ar an gCeathrú Rua cúpla bliain ó shin agus chas sí ar an gClochán don Taoiseach le gairid. Tá Órla ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Phetair Uí Dhroighneáin ó bhí sí ar an mbunscoil agus tá sí fós ag freastal orthu. Ní féidir an iomarca moladh a thabhairt do Mháire Phetair. Ní hé amháin gurb í Máire an t-amhránaí sean-nós is fearr sa tír ach ’sí an múinteoir is fearr freisin í agus níl deireadh ar bith lena foighid. -
An Coiste Pobail ar an Tulaigh Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is ar mhaithe le pobal an cheantair a fheidhmíonn Coiste Pobail na Tulaí agus ‘sé an phríomhchuspóir atá againn ná áiseanna an cheantair a fhorbairt agus a chaomhnú don todhchaí. Feidhmíonn CPT ó na Creagáin siar go dtí Caorán na gCearc agus tá suas le 145 theaghlach lonnaithe ann faoi láthair agus ionadaíocht ar fáil do chuile bhaile fearann san áit. Cuirtear fáilte i gcónaí roimh aon duine a bhfuil suim acu a bheith ar an gCoiste. -
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig Cumann Drámaíochta Chois Fharraige le chéile arís i mbliana leis an dráma “In Árach a Chéile” le Séamus Broderick, aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin. Tháinig baill an Chumainn le chéile in Amharclann Chois Fharraige i mí Dheireadh Fómhair 2009 le tús a chur le cleachtadh an dráma. Shocraigh muid spriocdháta go mbeadh muid ar an stáitse ag tús mhí Feabhra 2010, rud a d’fhág go raibh go leor oibre le déanamh idir an dá linn. -
Don Rúis le Grá Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig muintir Chois Fharraige amach ina sluaite arís i mbliana le tacaíocht a thabhairt don charthanacht seo. Bhí slua mór i láthair Tigh Mholly ar an 7ú lá de Lúnasa don oíche ceoil agus craic a reáchtáil Cumann Drámaíochta Chois Fharraige. Bhí Debbie Deegan, buanaitheoir na Carthanachta, i láthair agus ghlac sí buíochas óna croí le Cumann Drámaíochta Chois Fharraige agus le Máire Ní Mháille, Bridie Nic Cormaic, Peadar Ó Máille, Cian Ó Tuathail agus Gearóid Ó Máille as ucht an tacaíocht atá tugtha acu do “To Russia with Love” le blianta anuas. Mhol sí pobal Chonamara go hard as ucht an bhflaithiúlachta. -
An Canónach Mícheál Ó Flannabhra Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leathchéad bliain caite ag an gCanónach Mícheál Ó Flannabhra i seirbhís Dé ag cuidiú le leas spioradálta na ndaoine agus le saol níos fearr a chruthú do na pobail ar oibrigh sé ina measc. Is duine é atá iontach do dhaoine nach bhfuil in ann oibriú ar a son féin. Chuidigh sé leis an té a bhí thíos agus ní raibh a fhios ag aon duine eile faoina ndearna sé. Bhí sé ar fáil lá agus oíche do theaghlaigh nó do dhaoine sa bparóiste le leas a dhéanamh dóibh nó le sólás a thabhairt dóibh. -
Iontaobhas Niall Mellon san Aifric Theas Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I Márta na bliana seo caite d’fhág 500 againn, (200 fear agus 300 ban), Éirinn le haghaidh a thabhairt ar an Afraic Theas. An aidhm a bhí againn 73 theach a chríochnú in aon tseachtain amháin. Roimh an turas, bhí €5,000 an duine le bailiú againn. De bharr éifeacht an Choiste a bhí ag tacú liomsa agus gnaíúlacht na ndaoine i gCois Fharraige, d’éirigh liom €11,387.45 a thabhairt liom go dtí an Afraic Theas. Ní raibh ach ár gcosa ar an talamh thall againn nuair a sciobadh muid ar thuras go Shanty Town. Botháinín i ndiaidh botháinín déanta as píosaí adhmaid, seanfhuinneoga agus doirse as scipeanna agus díon déanta as píosaí canbháis. -
Oscailt Theálta Uí Fhlannabhra ag Tearmann Éanna ar an Tulaigh Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhailigh na sluaite daoine ó Chois Fharraige agus ó chuile cheard de Chonamara ag ócáid mhór cheiliúrtha na bliana seo in Ionad Lae Thearmann Éanna ar an 25ú lá de Mheitheamh nuair a lainseáladh Teálta Uí Fhlannabhra. -
Tairbhe an Acadaimh don Ghaeltacht Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I ndeireadh na naoú haoise déag bunaíodh Conradh na Gaeilge le meath na Gaeilge sna pobail ina raibh sí á labhairt a mhaolú nó a chur ar ais agus chun cinn. Chlis ar an aidhm sin, ach d’éirigh leis an gConradh airdeall faoin nGaeilge a spreagadh i roinnt de mheánaicme na tíre agus roinnt mhaith daoine a chur á foghlaim den chéad uair. -
Biseach: Eagarfhocal 2010 Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. In ainneoin na doininne airgeadais atáthar a fhógairt lá i ndiaidh lae, tá cuid mhór de lucht gnó an cheantair tar éis lámh a chur go doimhin ina bpóca aríst i mbliana chun cuidiú go flaithiúil leis an eagrán reatha seo den iris BISEACH trí fhógraíocht a a chur ar fail di. Níor mhiste do mhuintir na háite an fhlaithiúlacht sin a chúiteamh ar ais leo nuair a théann amach ag ceannacht agus ag siopadóireacht in áit a bheith ag caitheamh an airgid istigh sa mbaile mór. Má thugann muid fhéin tacaíocht dá chéile sa gcruatan reatha seo tiocfaidh muid ar fad slán as mar a rinneadh go minic cheana. -
Muintir Mholly Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Michael, May agus Kathleen Mholly in éineacht le Máire Ní Mháille agus arb í Máirín Phádraic Sheáinín Bhig an páiste? Meastar gur i dtús na seascaidí a tógadh an pictiúr. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 148 cailíní cláraithe leis an gCumann i mbliana: Foirne Faoi 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 agus foireann Sóisir. Glacann an Cumann páirt i gcomórtais an Chontae agus i gcomórtais an Iarthair sna grádanna sin ar fad. Níl baol ar an séasúr camógaíochta a bheith thart fós, ach go dtí seo d’éirigh le 4 fhoireann as an gCumann Cluichí Ceannais an Chontae a bhaint amach. -
Mapa de Chois Fharraige (1911) Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tugann an lámhscríbhinn atá ar an mapa thuas le fios go raibh 30,877 acra talún i bparóiste an Chnoic, de réir dhaonáirimh 1911, go raibh 485 theach ann agus 2,508 daoine. De réir Griffith’s Valuation 1844, bhí 32,221 acra sa bparóiste céanna. -
Liathróid Láimhe sa mBunscoil Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an liathróid láimhe ag gabháil ó neart go neart i Scoil Sailearna ó bhliain go bliain. Bíonn traenáil ann chuile Dhéardaoin tar éis na scoile agus ranganna difriúla ag tabhairt faoi chuile théarma ó Rang a 2 suas go Rang a 6. Taobh istigh den scoil eagraíodh neart sraithchomórtas liathróide láimhe: sraith do bhuachaillí Rang a 6, sraith do bhuachaillí Rang a 5, sraith do chailíní Rang a 5 agus a 6, sraith do bhuachaillí Rang a 3 agus sraith eile do chailíní Rang a 3. Bhí seans ag chuile dhuine acu chuile dhuine eile ina rang a fhéin a imirt agus b’shin é aidhm na sraitheanna – ’sé sin neart cluichí a thabhairt dhóibh. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhíchíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain eile stairiúil a bhí ag an gCumann i mbliana mar gur tharla nithe suntasacha eile i gcúrsaí liathróide láimhe. I dtús báire, tógadh dhá phinniúr ag an Scoil Náisiúnta, droim le droim agus i gcomhpháirt leis an gCumann agus le Scoil Náisiúnta Sailearna. -
Coinnigh Ann Í Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is minic a dhéantar dearmad ar an tríú cluiche Gaelach, ach anseo i bParóiste an Chnoic ní amhlaidh atá, mar go bhfuil pinniúr 40 x 20 ag Páirc na mBreathnaigh, agus tá pinniúr aon bhalla i Scoil Sailearna. Is cluiche é seo nach dteastaíonn ach balla agus liathróid lena imirt. Tá go leor scileanna agus aclaíochta i gceist leis mar aon le comhordú, súile ghéar agus luas. Is cinnte go gcuireann na scileanna a bhaineann leis an liathróid láimhe le mo chumas camógaíochta agus peile freisin. Is féidir le cailíní agus buachaillí an cluiche a imirt. Is féidir le hóg agus aosta an cluiche a imirt freisin. Go deimhin, tá fear i Meiriceá atá 96 bliana d’aois agus é fós ag imirt. -
Lá na gClubanna: Cumann Mhícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Mar cheiliúradh 125 bliana Chumann Lúthchleas Gael leag siad ar leataobh an darna Domhnach de mhí na Bealtaine do gach Club le ceiliúradh a dhéanamh ina gceantair féin. Bhí an Domhnach sin, an 10ú lá de Bhealtaine, thar barr ó thaobh aimsire de gan scamall sa spéir agus é deas te. -
Iománaíocht Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain stairiúil a bhí ann d’iománaithe Mhícheál Breathnach i mbliana. Bhí Naoise Ó Lionáird ar phainéal mhionúr iomána na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann, bhí Antaine Ó Finneadha ar phainéal idirmheánach iomána na Gaillimhe, agus bhí Maidhc Ó Conghaile ar phainéal faoi-14 na Gaillimhe. Den gcéad uair i stair an chlub d’éirigh leis na Breathnaigh cáiliú do bhabhtaí ceathrú ceannais an chontae. -
Coiste na nÓg Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Deineann Coiste na n Óg freastal ar an bpeil agus Iománaíocht faoi aois sa Chumann. Na grádanna faoi 8 aníos go grádanna a 16 atá faoinár gcúram, agus glactar le buachaillí agus cailíní sa chumann ó seacht mbliana d’aois ar aghaidh. Sé Gearóid Willie Ó Fátharta atá ina chathaoirleach agus is iad Caitríona Uí Bhéarra agus Donnacha ó hÉallaithe na cisteoirí. Táimid fíorbhuíoch dos na bainisteoirí foirne éagsúla, a gcuid roghnóirí, tuismitheoirí agus daoine eile sa pharóiste a thugann an chabhair agus a laghdaíonn an t-ualach ar an gcoiste go háirithe iad siúd a chabhraíonn nuair a bhíonn na campaí peile agus iománaíochta ar siúl. -
Cumann Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl na comórtais ar fad thart fós go mbeidh sé i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair, is cosúil. Amach agus amach, bliain an-mhaith a bhí inti do na peileadóirí. Chuaigh an fhoireann faoi-21 chomh fada le cluiche ceannais an chontae i Roinn A, tar éis dóibh Craobh an Iarthair a bhuachaint i gcoinne Chill Ainnín i bhfíorchluiche peile. Ina dhiaidh sin a thug siad aghaidh ar Eanach Dhúin i gcluiche ceannais an chontae, áit a bhfuair fir an Eachréidh an ceann is fearr orainn le haon chúilín amháin sa deiridh. Ní raibh mórán ceapadh ag lucht peile na Gaillimhe dúinn sa ngrád seo mar gur foireann an-óg a bhí againn agus tá mé cinnte go mbeidh an fhoireann seo ar ais. -
Pátrún Cholm Cille Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déantar ceiliúradh go fóill i gceantar na Tulaí ar Lá Cholm Cille, nó Lá an Phatrúin mar a tugadh riamh air, ar an 9ú lá de Mheitheamh. Sna blianta siar bhíodh gasúir na háite, idir sean agus óg ag tnúthán leis an lá mór seo mar gheall ar an aonach spraoi a thagadh chuig an áit le haghaidh na hócáide, agus bhíodh an-fháilte go speisialta roimh na mbád luasctha, nó na swinging-boats, dá dtagaidís, gan trácht ar na milseáin agus na rudaí deasa eile nach mbíodh aon fháil go fairsing orthu sna blianta sin. Bhíodh comórtais eile ar siúl chomh maith agus is díol suntais ann fhéin an fearas a feistíodh thíos le cladach ag Reilig Mhaírois, agus atá ina sheasamh ansin go fóill go deimhin, le deis traenála a thabhairt d’fhoirne tarraint téide. -
Gasúir na Rúise Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhunaigh Debbie Deegan, bean phósta as Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, an charthanacht “To Russia With Love” (TRWL) i 1997 chun cúnamh a thabhairt do na dílleachtaí i Hortolova. I Nollaig 2002, thug Máirtín a chéad chuairt anonn le cúnamh a thabhairt do na gasúir ansin agus bhí sé thall aríst i mbliana agus é ag soláthar ceoil, saothair agus eolais mar a léiríonn na pictiúir seo thíos. -
Muintir Chonchubhair Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá muintir Chonchubhair i mbun gnó i gceantar Leitir Móir ó 1831 i leith, tráth a raibh siopa acu thíos in aice leis an gcéibh i Leitir Móir. In 1895 a tógadh an teach mór ina bhfuil Nioclás féin ina chónaí faoi láthair, cé go bhfuil cóiriú thar cuimse curtha ar an áit i rith na mblianta. -
Pastime Chonamara Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Pastime Chonamara, roinnt blianta ó shin, is beag an cheapadh a bhí ag an ngrúpa beag daoine sin ag an am go bhfásfadh an eagraíocht chomh sciobtha agus go mbeadh spéis chomh mór ina cuid imeachtaí, ní amháin i gConamara ach in áiteacha eile ar fud na tíre chomh maith. Bhí an taispeántas ba mhó go dtí seo acu i mbliana i Músaem Shaol na Tuaithe i gCaisleán an Bharraigh, áit a raibh daoine as chuile cheard den tír. -
Mol an Óige Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Píosaí scríbhneoireachta ón Óige. -
An Bóthar Nua Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Caithfear a bheith an-chúramach leis an mbóthar nua seo. Chaith mise fiche bliain i mo chónaí thar lear i Hertfordshire, Sasana agus gar go maith don mótarbhealach an M25, an London Outer Orbital Ringroad a tógadh sna seachtóidí. Tharraing sé raic agus ní raibh mórán fáilte roimhe, idir C.P.Os., torann, srl. Ar nós daoine chuile áit, ní raibh siad an-sásta. Bhí muid amuigh faoin tuath. Tar éis go raibh sé píosa ón teach s’againne, bhí mé in ann an torann a chloisteáil san oíche, go mór mhór sa samhradh ba ghearr é le meaisín ghunna. Chomh luath is a bhí sé chríochnaithe bhí sé as dáta. Ní raibh a dhóthain lánaí ann. -
Mo Chara Ciarán Ó Con Cheanainn (1981-2009) Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir mé aithne ar Chiarán Ó Con Cheanainn nuair a bhí muid i Scoil Sailearna le chéile. Ón tús bhí dlúthchairdeas eadrainn. Bhí suim ag an mbeirt againn sa cheol agus sa drámaíocht agus cuid mhaith den am sa diabhlaíocht!!!! Le linn dúinn a bheith sa bhunscoil, chonaic Máire Uí Mhainnín, go ndéana Dia Grásta uirthi, go raibh suim againn sa cheol agus thug sí isteach sa chór muid agus tráthúil go leor an uair dheireannach a sheinn an bheirt againn le chéile ba ag Aifreann na Giniúna é i Séipéal na Tulaí, Oíche Nollag seo caite. -
Ponc Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is clár nua é PONC á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh agus é le feiceáil ó 4.50 pm go dtí 7.00 pm gach iarnóin, Luan go hAoine, ar TG4. Beidh sraitheanna drámaíochta móra le rá á gcraoladh ar PONC i gcaitheamh an tséasúir, chomh maith le cláir réalaíocha agus spóirt. Ní imeoidh aon nuacht mhór i ngan fhios don bheirt seo agus déanaigí cinnte go mbeidh sibh ar an eolas ó thaobh cúrsaí ceoil, scannán, faisin agus spóirt de. Leis na mórchomórtais a bheidh á reáchtáil ar an gclár i rith na bliana beidh seans agaibh duaiseanna den scoth a bhuachan; mar sin, bígí ag faire amach mar táimid ag teacht!! -
An Bád Bán ’s An Green Dragon Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sí caint an Green Dragon a bhíonn i mbéal an Phobail san aimsir seo agus dearmad beagnach déanta ar an mBád Bán. A mhalairt a bhíodh le cloisteáil leathchéad bliain ó shin. Is athrú siombalach é ar athrú mheon an Phobail - athrú ón imirce ag cuartú saothrú i bhfad ó bhaile, go post sa mbaile agus am saor do chúrsaí spóirt. Ag an am sin ní raibh an oiread sin de charranna ar an mbóthar cúng agus mná is mó a bhíodh ag siúl le taobh an bhóthair, cromtha síos faoi ualach dhá bhuicéad uisce ón tobar. -
Coláistí Gaeilge Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is féidir fréamhacha na gColáistí Gaeilge i gCois Fharraige a rianú siar go dtí fíorthús an fichiú haois tráth a raibh gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge faoi lánseol. Seans gur beag tionscal gur féidir leo a mhaíomh go bhfuil siad ar an mbóthar le céad bliain agus gur tháinig fás agus forbairt ar an ngnó ó shin i leith. Ba í Coláiste Chonnacht an chéad Choláiste Gaeilge a bunaíodh i gCois Fharraige ag tús na haoise seo caite agus ón tús ba é an aidhm a bhí acu múinteoirí a thumadh i dtobar na teanga. -
Tigh Dick ar an Tulaigh Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Má thugann tusa aire de do ghnó, tabharfaidh do ghnó aire duitse. Mura dtabharfaidh tú aire dó, ní bheidh gnó agat (R.B O’Toole). Rugadh R. B. Ó Tuathail in Eanach Mheáin i 1881, do Sheán Ó Tuathail, agus Sabina Ní Mháille (Uí Thuathail). Richard a thugadh a mhuintir féin air, Dick Toole a thabharfadh muintir na háite air, agus R. B. O’Toole an t-ainm gnó a bhí aige. Bhí dlúth theagmháil ag muintir Uí Thuathail in Eanach Mheáin le muintir Uí Chonaire as Gairfean, mar bhí deirfiúr Sabina Ní Mháille (uí Thuathail), Máire Gráinne Ní Mháille, arb as Béal Átha na mBreac a muintir, pósta le Pádraig Ó Conaire. Bhí siopaí ag deartháir Sabina freisin, Peadar Ó Máille, sa Mhám agus i mBéal Átha na mBreac. -
Scoil Cholmcille na Tulaí Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buíochas le Dia, bhí bliain an-mhaith agus antairbheach ag Scoil Cholmcille na Tulaí i rith na scoilbhliana seo caite. An Gairdín: Tá an fhoirgneamh agus an timpeallacht ag breathnú an-slachtmhar agus le cur leis sin rinne na daltaí, faoi stiúir an mhúinteora Brian Ó Murchú, gairdín ar chúl na scoile áit ar chur siad meacna, cabáiste, leitís, oinniúin agus fataí. Bhí na gasúir an-bhródúil as a gcuid oibre. -
Scoil Náisiúnta Sailearna Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an-bhliain againn i Scoil Sailearna anuraidh. Ghlac muid páirt in Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh agus sa bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta arís i mbliana. Ghlac suas le scór gasúir as an scoil páirt i gcomórtas na n-agallamh beirte agus sa damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas i gCorcaigh. Bhuaigh Caoimhe Ní Chonghaile agus Emma Ní Choisdealbha as Rang a 5 an chéad áit sna hagallaimh beirte faoi-12 leis agallamh beirte, “Obair Bhaile”, le Joe Steve Ó Neachtain. -
Coláiste Cholmcille: Nasctha sa Phobal Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is cuid lárnach de phobal ar bith na scoileanna atá lonnaithe sa cheantar máguaird. Trí shaol na scoile forbraítear naisc agus coinsias sóisialta i measc na ndaoine agus is iomaí dlúthchairdeas saoil a déantar taobh amuigh is taobh istigh de gheataí na scoile céanna. -
Tearmann Éanna Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é príomhchuspóir Thearmann Éanna ná an freastal is fearr agus is féidir a dhéanamh ar aosaigh Chois Fharraige agus na Gaeltachta trí chéile. Tá ardmheas againn ar ár muintir a shín ar aghaidh chugainn mar bhronntanas an saibhreas idir theanga, creideamh, cultúr, ceol agus eile. Chuidigh an saibhreas agus an nádúr a bronnadh orainn thar na blianta agus a síneadh ar aghaidh chugainn ó ghlúin go glúin, le nár bhféiniúlacht mar Ghaeil a choinneáil. -
Eldorada na Gaeltachta Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé níos mó ná seachtó bliain ó d’fhág an tAth. Séamus Ó Ceallaigh Pobal Chois Fharraige ach tá scéalta faoi i mbéal an phobail fós. Bhí suim mhór aige i gcúrsaí polaitíochta ar mhaithe le forbairt a phobail féin agus bhíodh sé go rialta ag freastal ar chruinnithe de chuid Fhianna Fáil i mBleá Cliath. Cuireadh ceist ar Éamon de Valera tráth ar shiúil an tAth Ó Ceallaigh isteach ag cruinniú agus briefcase mór ar iompar aige. -
An tAth. Stiophán Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Oirníodh ‘mo shagart mé i séipéal Chill an Mhóta in aice le Cill Téagáin i gCo. Chill Mhantáin ar 23ú lá de Bhealtaine 1959. Lá arna mháireach, Domhnach na Tríonóide, léigh mé mo chéad Aifreann i bparóiste an Chnoic. Ba mhór an onóir dhom mar sin, a bheith in ann Aifreann buíochais a cheiliúradh sa séipéal céanna leathchéad bliain ina dhiadh sin ar an 31ú lá de Bhealtaine 2009, Domhnach Cincíse. Bhí an lá chomh breá agus chomh te leis an lá ar oirníodh mé. -
Beannú Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Beannú Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige -
Plean Gaeilge an ITT Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 25 Meán Fómhair, d’oscail an Taoiseach an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc in Indreabhán, áis nua a chuideoidh le treisiú na Gaeilge i gConamara. Labhair Biseach le Caitlín Nic an Ultaigh, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha an Ionaid, le fáil amach céard go díreach a bheidh ar siúl ann. -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige: Oscailt Oifigiúil – Cuairt an Taoisigh Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an ghrian ag scaladh ar an gCnoc ar an 25ú lá de Mheán Fómhair nuair a d’oscail an Taoiseach an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh go hoifigiúil. Bhí slua breá i láthair don ócáid ar cuireadh tús léi go gairid tar éis a trí a chlog nuair a bheannaigh an tAthair Ó Flannabhra, Sagart Paróiste an Chnoic agus duine de stiúrthóirí an Ionaid, an foirgneamh nua. Chuir Diarmuid Ó Fátharta, Áine Ní Dhubhghaill, Eoin Ó Dubhghaill agus Aisling Ní Chonchubhair as Coláiste Cholm Cille ceol ar fáil don tslua fad is a bhí siad ag fanacht le teacht an Taoisigh. -
Biseach: Eagarfhocal 2009 Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé gur beag duine, eagraíocht ná gnó nach bhfuil priocadh éicínt faighte aige nó aici ón loscadh airgeadais atá gaidhte ar fud na tíre agus an domhain le bliain anuas, is mór an díol misnigh go raibh cuid mhaith de lucht gnó Chois Fharraige flaithiúil lena gcuid fógraíochta don eagrán reatha seo den iris BISEACH. Léiríonn sin go soiléir go bhfuil muintir an cheantair sásta dul ar aghaidh leis an saol in ainneoin na ndeacrachtaí geilleagrach, díreach mar a rinne na glúine a tháinig rompu, chun cuma a choinneáil ar an áit agus brú ar aghaidh lena gcuid oibre agus lena gcuid forbartha. Tuar an mhaith agus gheobhaidh tú í, mar a deir an seanfhocal. -
Grianghraif Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Grianghraif -
Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe ag Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cleachtadh, cleachtadh agus tuilleadh cleachtaidh, sin a dhéanann foirfeacht, agus sin é a bhain amach Craobh na hÉireann sa liathróid láimhe d’Fhiontán Ó Curraoin i mbliana, do dhéagóirí Faoi-16. Sea, bhain sé amach Craobh Chonnachta go héasca, ach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann cé a thiocfadh ina aghaidh ach Pádraig Uí Chearbhaill an fear a bhí ina sheaimpín domhanda dhá bhliain ó shin. Bhí sárchluiche eatarthu ach fuair Fiontán an ceann is fearr air aríst eile, mar a fuair i mí Eanáir seo caite i gComórtas Oscailte na Mumhan. I gCluiche Ceannais na hÉireann bhuail sé Eoin Hennessy leis an scór, in ainneoin go raibh an bua ag Hennessy air i gcomórtas na Golden Gloves cúpla mí roimhe sin. Lena chois sin, bhain Fiontán amach gradam “Pearsa Spóirt mhí Aibreán 2008” ó First Active/An Curadh Connachtach. -
Coiste na nÓg Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain gnóthach curtha isteach againn agus sin ag druidim i dtreo deireadh na bliana. Níl fágtha le nimirt ag an tráth seo agus mé ag cur peann le páipéar ach cluiche amháin sa bpeil. Tá an fhoireann peile Faoi-16 le cluiche ceannais sraithe a imirt in aghaidh Baile Átha an Rí, agus súil againn go n-éireoidh leo corn a thabhairt ar ais go ceantar Chois Fharraige. -
Féile Iománaíochta/Camanachd 2008 Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba é cuairt Fhoireann Camanachd na nAlbain ar pharóiste an Chnoic i mí Dheireadh Fómhair buaic iomána na bliana i gCumann Mícheál Breathnach 2008. Bhí an-deireadh seachtaine iománaíochta agus camanachda ar an bpáirc agus foirne Gaeltachta Faoi-14 páirteach i gComórtas Cuimhneacháin Éinne Uí Fhoighil agus foireann Sóisir an Chumainn ag iarraidh a chinntiú nach n-éireodh leis na hAlbanaigh Corn Cholm Cille a thabhairt abhaile leo. Cé gur chaith sé an oiread sin báistí le seachtain roimhe, ba léir go raibh duine éigin ar Choiste Stiúrtha na Féile ag guidhe mar ghealaigh sé maidin dé Sathairn agus dhá lá níos breátha ó thaobh aimsire ní fhéadfaí a iarraidh. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ag deireadh an tséasúir faoi láthair agus ag críochnú ar nóta ard mar a thosaigh siad thiar i mí na Márta seo caite. Bhuaigh an fhoireann sóisir sraith an Chontae (Sóisear B) nuair a bhuail siad cailíní Skehana sa chluiche ceannais leis an scór 2-1 in aghaidh 0- 0. Tá na cailíní Faoi-15 ag fanacht le cluiche ceannais Chomórtas Iarthar na Gaillimhe agus na Cathrach, áit a gcasfaidh siad ar an gCaisleán Gearr. -
Na Seanleaids Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí chúig nóiméad fanta agus Mícheál Breathnach dhá phointe chun cinn. An bhféadfaí greim a choinneáil ar an gcreach nó an raibh Corn nua glan Phaddy Mhatt ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Cuilinn. -
Cumann Mhícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An t-am seo anuraidh bhí foirne sinsir an Chumainn sábháilte agus ag déanamh go maith ina ngrádanna éagsúla féin. Bhí an fhoireann sinsir peile tar éis ardú céime a bhaint amach go dtí Roinn A. Mar bharr air sin ghnóthaigh siad an Chraobh B amach ar fad. -
Scoil Cholm Cille na Tulaí Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Taca an ama seo anuraidh bhí muid ag fáil faoi réir le haghaidh oscailt oifigiúil na seomraí breise a cuireadh leis an scoil. Nach orainn a bhí an t-ádh gur éirigh linn an obair seo a dhéanamh roimh na gciorraithe ar fad! Bhí an-lá againn ar an 7ú lá de Mhí na Nollag, 2007 nuair a ghearr an t-Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an ribín ar an bhfoirgneamh breá nua agus nach muid a bhí bródúil. -
Plean Forbartha 2008-2010 Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Plean Forbartha 2008-2010 -
Filí Bhaile na mBroghach Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. ‘Fágtar ag an bhFilí é,’ nó ‘sin é an chaoi ar chuir an Filí é,’ a chloisfeá go minic ó mhuintir na háite seo againne agus iad i ngeoin chomhrá le chéile ag geata an tséipéil, ag crosbhóthar, ar foscadh ar an bportach ón mbáisteach, ag líonadh leoraí móna, nó ag déanamh uaighe i reilig an Chnoic. Taispeánann an méid sin an meas atá ar Sheosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin) mar fhile, agus an mhuinín atá ag a phobal féin as lena gcuid smaointe a chur i bhfocail. Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá. -
Tearmann Éanna: Lá Oscailte san Ionad Lae Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an lá deireanach de mhí Lúnasa na bliana seo reáchtáileadh lá oscailte i dTearmann Éanna ar an Tulaigh le heolas a thabhairt don phobal faoina bhfuil ar siúl ann. Tháinig slua deas amach le haghaidh na hócáide agus mar fháilte rompu, thug Cathaoirleach, An tAth. Micheál Ó Flannabhra, S.P., an óráid seo leanas... -
Grianghraif ó na Seachtóidí… Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Lucht eagraithe Fhéile Drámaíochta na hAille a reáchtáileadh i bhfothrach na Seanscoile, ó chlé: Colm Ó Tuathail (Cathaoirleach), Micí Ó Conghaile, Eilín Uí Bhraonáin, Seosamh Ó Braonáin agus Máirtín Davy Ó Coisdealbha. Sa bpictiúr thíos, ó chlé, tá Tomás Mac Ardghaill (Moltóir), Máirtín Mac Donnchadha (Bainisteoir na Comhairle Náisiúnta Drámaíochta), Áine Ní Dhabhráin (Rúnaí Chomhairle Chonnacht) agus Seán Ó Tuairisc (Rúnaí Náisiúnta na Comhairle). Nioclás Niocláisín Ó Curraoin, a iníon Cáit ar an asal, comharsa leis, Tom Churraoin, Curraoineach eile, Peadar Mhaidhc Pheadairín, Pádraig Churraoin (comharsa eile), Peigín Niocláis, Jude Churraoin, agus thiar in aice na fuinneoige tá Máire agus Peige Niocláis. -
An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Agus bailchríoch á cur ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc i láthair na huaire, labhair Bainisteoir Tionscnaimh an Ionaid, Máire Uí Mhaoláin, le Biseach faoin áis iontach seo agus na seirbhísí a bheidh á cur ar fáil inti -
An Club Óige Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Club Óige Lurgan ar an mbóthair anois le níos mó ná 40 bhliain agus é ag fáil níos beocha le himeacht ama. Is áis iontach é an Chlub le haghaidh daoine óga idir 13-18 mbliana d’aois agus béim láidir ar spraoi agus ar chraic trí mheán na Gaeilge amháin. Sprioc atá againn i gcónaí ná go mbeidh a spás fhéin agus a n-am fhéin ag na gasúr seo chun tréimhse a chaitheamh lena gcuid cairde agus cairde nua a dhéanamh, chun spraoi, caint agus, i mbealach siamsúil, scileanna nua a fhoghlaim. -
Cuilteáil Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I Fómhar 2005 thug Mairéad Ni Mhocháin (Scoil Sailearna) agus Bríd Ní Bhriain (Coláiste Cholm Cille) cuireadh dom cúrsa patchwork a mhúineadh do thuismitheoirí na scoileanna. Bhí an-suim ag na tuismitheoirí ann agus ar an gcéad oíche tháinig ocht nduine dhéag chun an chuilteáil phaistí a fhoghlaim. Mé féin agus Mary Ann Uí Churraoin a bhí á múineadh. -
Ceiliúradh 10 mBliana i Hortlova Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an charthanacht To Russia With Love i 1998 agus bhí ceiliúradh mór ar siúl amuigh i Hortlova sa samhradh. Bhí an t-ádh orm féin gur éirigh liom a bheith amuigh ann don chúigiú uair. Chaith mé trí seachtainí ann in éineacht leis na gasúir agus de bharr flaithiúlacht mhuintir Chois Fharraige agus chathair na Gaillimhe ba thuras an-dearfa a bhí ann. Ceannaíodh 14 rothar chomh maith le huirlisí ceoil. -
Imeachtaí i gColáiste Cholm Cille 2007-2008 Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Imeachtaí i gColáiste Cholm Cille 2007-2008 -
Scoil Náisiúnta Sailearna: Dóchas sa Dúchas Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí bliain iontach againn arís anuraidh i Scoil Sailearna. Don dara bliain as a chéile bronnadh an gradam “Scoil Ghaeltachta is Fearr” orainn ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta. -
Comhar Creidmheasa Cholm Cille: Bliain agus Fiche ag Fás Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is “ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine” atá mar mhodh oibre againn ag an comhar creidmheasa. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag feidhmiú anois le os cionn bliain agus fiche. Déanann sé freastal ar na pobail ó Cheantar na nOileán soir chomh fada leis na Forbacha, agus ó thuaidh chomh fada le Gleann Trasna. Thar na mblianta, tá fás agus forbairt tagtha ar an líon ball atá páirteach sa gComhar Creidmheasa. -
Nádúr agus Mí-nádúr an Chultúir Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí sin cineál cultúir ar dhroim an domhain seo faoi láthair, ach is é an cultúr a bhfuil an teanga Ghaeilge mar chúlra is mar chuisle aige a bhí i ndán domsa ar an bhfód dúchais ón gcéad lá ar caitheadh ar a’ sop mé. Téann rútaí an chultúir Ghaelaí seo i bhfad siar. Siar thrí dhúrabhán na nglúnta atá ag déanamh créafóige ach go maireann lorg a mbéil agus milseacht a gcuid ceoil i measc an athfhás ginealaigh atá os cionn talún faoi láthair. Mairfidh giúin a gcuid saibhris i mo chluasa go héag. -
Maidhc Mhicil Teada Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Siad muintir mo bhaile féin, baile fearainn an Locháin Bhig, a chuala mé ag trácht ar Mhaidhc Mhicil Teada, nó Mícheál Breathnach, an chéad uair. Go deimhin ní iontas an-mhór é sin mar rugadh Micheál ar an Lochán Beag. Rud eile a bhí spéisiúil domsa gurbh é Pádhraig Ruadaí, mo shean-athair, an “Pádhraig” atá luaite ag Míchéal ina scéal “ Seilg na Meán Oíche. -
Biseach: Eagarfhocal 2008, Focal ón gCathaoirleach Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach 2008 – cé bheadh ag caint ar bhiseach agus na ciorraithe uilig atá geallta a deir tú? Bhuel tá mé sásta a rá nach bhfuil aon chiorrú déanta ar an bhfiúntas, ar an méid ná ar éagsúlacht an ábhair atá i mBiseach na bliana seo, seachas an méid atá le rá agam féin – níl aon athrú ar mo phort ó anuraidh: “Ta fáilte roimh bhaill nua ar an gCumann Forbartha/Coiste Ghlór na nGael”. -
Seanphictiúir Anall as Meiriceá Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo grianghraif a fuair Jimí Ó Fátharta anall as Meiriceá le gairid agus aistriúchán ar chuid den litir a sheol Gerie Huppe anall leo: “Phós Hanna Ní Thuairisg agus William O’Connor i 1902. Ní raibh aon chlann orthu ach bhí William pósta roimhe sin, sular chas sé le Hanna, agus bhí clann aige lena chéad bhean a bhásaigh agus na gasúir an-óg. Thóg Hanna na gasúir sin go fial cineálta, de réir dhuine dá leas-iníonacha. Máirtín Rua Ó Tuairisg ab ainm d’athair Hanna agus Hanna Ní Chualáin a bhí ar a máthair, arbh as an Lochán Beag dí ó dhúchas. Bhí deirfiúr aici, Kate, a phós Beartla Ó Cualáin as an Teach Mór Thiar. Fuair mé na pictiúir seo de mhuintir Uí Fheinneadha ó neach Choilm Uí Fheinneadha, duine acu sin a bhásaigh nuair a phléasc an mianach ar an Lochán Beag. Col ceathair léi, James Francis Coyne, nach maireann, as Portland Maine, a thóg na pictiúir agus grianghrafadóir gairmiúil a bhí ann. Ba mac é siúd le James Francis Coyne agus Katherine Feeney, deirfiúr le Colm a bhásaigh i dtubaist an mhianaigh.” -
Canon Lyons (1811-1885) Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh Pat Lyons (Canon Lyons) i mBéal Átha hAmhnais i gCo. Mhaigh in 1811. Chuaigh sé chuig an mbunscoil áitiúil agus ina dhiaidh sin go dtí Coláiste Iarlatha i dTuaim. Oirníodh ina shagart é i dTuaim in 1839, chaith sé dhá bhliain ina shéiplíneach i dTeampall an Tóchair, i mBaile Liam agus bliain eile ina dhiaidh sin i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe. -
Forbairt Nua Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Foirgneamh Nua Scoil Sailearna -
Cumann Sacair Chois Fharraige: Seaimpíní Sraithe agus Craoibhe Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Den chéad uair riamh, bhain buachaillí Faoi-15 Chumann Sacair Cois Fharraige amach an cluiche ceannais do chraobh na Gaillimhe, éacht a tharla ar an Luan an 26ú Márta i bPáirc Terryland. Go deimhin ba é seo an chéad fhoireann ón gCumann in aon ghrád a chuaigh chomh fada sin agus is maith mar a rinne siad. I gcoinne Chreag Mhór/Baile Cláir na Gaillimhe a bhí siad sa gcluiche ceannais tar éis dóibh an bua a fháil i gcoinne Moyne Villa sa gcead bhabhta, in aghaidh Kilshanvey sa dara babhta agus in aghaidh Corrib Rangers sa gcluiche leathcheannais. -
An Cumann Liathróid Láimhe Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An óige go deo agus na bróga an fhad a mhairfidh siad! Sea, bliain eile iontach ag óige Mhíchíl Bhreathnaigh ó thús 2007, idir craobhacha contae, cúige agus náisiúnta. Rinne Comhar Creidmheasa Cholm Cill urraíocht fhial fhlaithiúil ar gheansaithe don Chumann i mbliana agus rinne Colm Mharcais Ó Cualáin an rud céanna do gheansaithe na ndaoine fásta. -
Cumann Peile Gael na mBan Mícheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig grúpa cailíní óga le chéile breis is bliain go leith ó shin agus suim acu foireann peil na mban a thosú sa pharóiste. Bunaíodh Cumann Peile Gael na mBan Mícheál Breathnach agus shocraigh beirt pheileadóirí ó fhoireann sinsir na bhfear muid a thraenáil. Nuair a thosaigh an cumann seo ní raibh oiread is liathróid peile fhéin againn gan trácht ar feisteas. Bhí orainn liathróidí peile agus geansaithe a fháil ar iasacht ó fhoirne sinsir agus mionúir na mbuachaillí. -
Cumann Mhicheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An bhliain seo chugainn, beidh peileadóirí Chumann Mhicheál Breathnach ag imirt i Roinn A na Gaillimhe den chéad uair ó bhain siad stádas sinsir amach sa bhliain 2004. Chríochnaigh siad ar bharr Roinn B na bliana seo (2007) agus trí phointe dhéag acu as ocht gcluiche, agus tá Cluiche Ceannais na Sraithe Roinn B fós le n-imirt, áit a gcasfaidh siad ar Chill Chiaráin / Cluain Beirn arís. -
Na Coastguards i gCois Fharraige le linn an dara Chogaidh Mhóir: An ‘Emergency’ i gCois Fharraige Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa tréimhse chorrach seo san Eoraip le linn an dara chogaidh mhóir 1939 – 1945 tá ’fhios ag madraí an bhaile go raibh Éireann neodrach ach caithfidh tú cuimhneamh gur oileán muid. B’éigean don airm plean straitéiseach a chur le chéile leis an tír a chosaint, go mór mhór timpeall an chósta. Ní raibh áit ar bith níos oscailte, leochaileach ná sobhuailte ná Cuan na Gaillimhe taobh amuigh anseo. Bhí sé ar nós ródbhealach i ndáiríre, ina raibh idir longa paisinéirí, soithí lastais agus báid faoi thoinn ag taisteal, gan trácht ar mhianaigh bradacha ag imeacht ar strae sa sáile agus gan ’fhios cén uair a laindeáilfeadh ceann acu ar bharr carraige nó sa snáth mara. -
Tearmann Éanna Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh cónascadh idir Tearmann Éanna agus Tearmann Ainnín i mbliana. Fágann an cónascadh go bhfuil 32 theach beag agus Ionad Lae faoi chúram Thearmann Éanna le freastal ar na tionóntaí agus ar Aosach an phobail. Thug Tearmann Éanna an tIonad Sláinte agus Aireagal Phóil a bhí tógtha acu – ina bhfuil naoi n-árasán do dhaoine faoi mhíchumas – don HSE le heagrú le freastal ar riachtanais an phobail. Tá mionbhus ag Tearmann Éanna chomh maith, le freastal ar riachtanais na nAosach. -
Capaill na gCualán Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cheannaigh Pádraig Mháirtín Pheaits Ó Cualáin as an Teach Mór a chéad chapaillín Chonamara thart ar 12 bhliain ó shin agus ón am sin i leith tá riar acu gaite trína lámha agus é ar thóir an scoth, rud atá aige anois, de réir dealraimh. -
To Russia With Love Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nollaig 2002, thug mé cuairt ar an dílleachtlann in Hortolova den chéad uair. Tá an dílleachtlann suite gar do réigiún Bryansk na Rúise, 300 míle siar ó dheas ó Mhoscó. An chéad radharc a fuair mé ar Hortolova, ag a 5.00 ar maidin – bhí sé ar nós Winter Wonderland: Brat bán sneachta! Bhí an teocht -15°C an mhaidin úd (téann sé síos go dtí -35° scaití sa gheimhreadh). Chaith mé coicís i measc na ngasúr - ag spraoi sa sneachta agus ag déanamh ceoil. Bhí sé thar a bheith deacair imeacht uathu tar éis na coicíse sin. -
Charity You’re a Star 2007 Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mo sheasamh taobh amuigh de Ródaí RTÉ/Raidió na Gaeltachta ag Féile Willie Clancy i Sráid na Cathrach a bhí mé nuair a bhuail mo fón póca agus chuir bean le glór milis binn ceist orm an mbeinn sásta páirt a ghlacadh sa chlár teilifíse, Charity You’re a Star 2007. Shíl mé cinnte gur ag stealladh mhagadh fúm a bhí sí, mar tá ’fhios ag an saol mór nach bhfuil nóta i mo cheann, ach de réir mar a lean an comhrá ar aghaidh agus gur chas mé véarsa den Yellow Submarine di, dúirt sí nach raibh cailleadh ar bith orm agus nuair a bheadh banna ceoil i mo thionlacan go mbeinn thar barr ! -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá dul chun cinn maith déanta go dtí seo ar fhoirgneamh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige atá ar chúl Shéipéal an Chnoic. Tá an t-ionad á thógáil faoi scáth Thionscnamh Pleanála Teanga Chomharchumann Shailearna. Tá a leithéid thar a bheith riachtanach sa lá atá inniu ann, mar a léirigh an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Dar leis an staidéar áirithe sin, tá “dúshláin fadtéarma le sárú ag na pobail sin ina bhfuil an Ghaeilge fós ina príomhtheanga pobail”. -
Ealaín Bheo! An Chéad Sheachtain Ealaíne agus Oidhreachta i Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir Joe Steve Ó Neachtain tús le ‘Ealaín Bheo’ ar an 28 Bealtaine i Scoil Sailearna ag rá gur cúis bróid dó an méid drámaíochta, damhsa, cheoil agus cumadóireachta atá ar siúl sa scoil. Is í Scoil Sailearna an bhunscoil is mó i nGaeltacht Chonamara agus í suite sa bparóiste is bríomhaire agus is gníomhaí sa tír ó thaobh teanga, cultúir agus oidhreachta de. -
Duaiseanna Ghlór na nGael Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí ócáid mhór i Seanscoil Sailearna ar an 3 Márta, 2007 nuair a bronnadh príomhdhuaiseanna Ghlór na nGael don bhliain 2006. I measc na n-aíonna a bhí láthair bhí an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív; An Dr. Máire Ní Anracháin; Éamonn Ó hEargáin agus Lorcán Mac Gabhann. Paróiste an Chnoic a bhain amach príomhdhuais Ghlór na nGael 2006 agus bhronn an tAire Ó Cuív €40,000 agus trófaí Ghlór na nGael ar Chathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, a ghlac iad thar cheann an pharóiste.