Míreanna
-
Forbairt Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cruinniú in oifig na Roinne Oideachais, i dtús na bliana, idir ailtirí agus innealtóirí na Roinne agus na Scoile in éineacht le ionadaí ó B.O.M. na Scoile leis an bplean deireannach d’fhorbairt na scoile a phlé. Tá na hathruithe sa bplean agus an gearradh siar a mhol ailtirí agus innealtóirí na Roinne uilig déanta agus curtha ar aghaidh le dhá mhí agus táimid ag súil le toradh maith ón gcruinniú. -
Scoil Sailearna: An Scoil Ghaeltachta is Fearr Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an-bhliain go deo againn arís anuraidh i Scoil Sailearna agus ba é buaicphointe na bliana é nuair a bronnadh an gradam “Scoil Ghaeltachta is Fearr” orainn ag an bhféile Náisiúnta Scoildrámaíochta. D’éirigh thar barr linn ag an bhféile Scoildrámaíochta freisin. -
Forbairt Scoil Cholmcille na Tulaí Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. In áit an chiúnais bhí torann mór le cloisteáil ó Scoil na Tulaí ó thús na bliana. Bhí Cuddy Teo. i mbun oibre le trí cinn de sheomraí ranga nua a thógáil mar aon le seomra múinteoirí, seomra don Phríomhoide, oifig nua, leithris nua, díon nua ar dhorchla na scoile, áit spraoi taobh amuigh le dromchla tarmacadam do na gasúir agus méadú a chur ar an gcarrchlós le freastal ar charranna na dtuismitheoirí. Leagadh an seantúr uisce agus an sean-ionad foscaidh le tuilleadh spáis a chur ar fáil mar áit spraoi do na gasúir. -
An bhFuil Mórán Déanta? Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Anuraidh, rinneadh ceiliúradh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige i 1966. Seo a leanas an píosa a scríobh Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Peadar Mac an Iomaire, i mBiseach i 1987 inar chaith sé súil siar ar raibh déanta go dtí sin. Ar ndóigh tá rudaí móra déanta ó shin freisin. -
Biseach: Eagarfhocal 2007, Focal ón gCathaoirleach Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain eile beagnach imithe agus Biseach 2007 ann arís chun blaiseadh d’imeachtaí na bliana a chur os bhur gcomhair agus sibh a thabhairt siar ar bhóithre na smaointe leis an mbailiúchán seanphictiúir atá inti. -
Grianghraf Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Máire Mhicil Tada, deirfiúr an scríbhneora Micheál Breathnach as an Lochán Beag – a bhí pósta le Seáinín Beag Ó Tuairisg agus ina hucht a mac Pádraic (Sheáinín Bheag); ansin Seáinín Beag Ó Tuairisg agus a iníon Máire agus a dheis tá Síle, máthair Mhicheál Breathnach (Ní Fheinneadha roimh phósadh di), agus Maidhc Sheáinín Bhig faoina láimh aici. Tógadh an pictiúr i 1926. -
Na Sféir Sheoda Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’éirigh an grian agus breathnaigh sí ar an domhan beag amháin a bhí thíos fúithi. Ocht nóiméid go leith théis solas na gréine é a fhágáil bhuail sé in aghaidh atmaisféar an domhain uaigneach seo, agus chuaigh sé tríd, ag tabhairt teocht don talamh crua reoite. Théigh sé an t-aer fuar, agus tháinig gaoth ó na cnoic arda bána chun áit an aeir the a thógáil. Agus ar a bealach shéid an gaoth timpeall puball beag bán agus ar leathsféar geal a bhris solas na gréine síos go dtí a seacht ndath, agus frithchaith na dathanna sin go dtí gur bhreathnaigh sé ar nós tuar báistí ar an talamh. -
An tEalaíontóir Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fuair an gearrscéal seo an Chéad Duais agus Corn Uí Chadhain i gComórtas Scríbhneoireachta Chumann Forbartha Chois Fharraige 2005 -
Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas a fáisceadh mé. Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ar an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turais orm ann i mo pháiste dhom. Tuigim go maith cé an fáth ar chuir an Dochtúr Brí, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tréadlitreachaí siúd, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813 , i nGaeilge álainn freisin, ar geall le foruagraí ó Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mórshiúil eicínt. Ag toirmeasc aon phátrún ná aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithéid seo agus a leithéid seo eile de lá a bhí an t-easpag. I saol Dionysiusach na dtoibre beannaithe ba mhó mo spéis-sa freisin, go bhfóire Dia orainn! Má gheallann Dia léas beag eile ar mo shaol dhom tá súil agam mian mo mháthair bhocht a chomhlíona. -
Céard eile a tharla i 1966? Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céard eile a tharla i 1966? -
Cogar An tSaibhris ón nGaoth, Aniar, Aduaidh is Aneas Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir Dia cogar ón ngaoth aniar i leathchluas Naomh Pádraic ag rá “Tar a ógánaigh agus siúil arís inár measc”. B’shin é “Glór na nGael” i leathchluas Naomh Pádraic agus buíochas le Dia níor thug sé an chluas bhodhar dó. Tháinig macalla an Ghlóir chéanna sa ngaoth aneas do leathchluas Naomh Ainnín i gceantar na Coirbe agus do leathchluas Naomh Colmcille in Árainn ón ngaoth aduaidh ó Chois Fharraige, agus buíochas mór le Dia níor thug ceachtar den bheirt Naomh sin an chluais bhodhar don chogar. Tháinig Naomh Ainnín trasna na Coiribe go Cill Ainnín agus Naomh Colmcille ó Árainn go ceantar na Tulaí agus b’shin tús na Críostaíochta sa taobh seo tíre. -
Forbairt Pharóiste an Chnoic Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh saorstát Éireann bhí bochtanas agus eisimirce ag cur as go mór do phobal Chois Fharraige mar a bhí ag cur as do phobail ar fud na tíre. De réir mar a bhí an stát nua ag cur aidhmeanna cheannródaithe Ghluaiseacht na Gaeilge agus an stáit nua i bhfeidhm, thosaigh cuairteoirí ag teacht chuig ceantar Chois Fharraige le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. I measc na ndaoine a tháinig go Cois Fharraige bhí cuid de nua-bhunaitheoirí an stáit agus roinnt státsheirbhíseach. Chomh maith leis sin, bhí lucht léinn ag tarraingt ar Chois Fharraige go háirithe iad siúd a raibh fúthu cur lena gcáilíochtaí agus lena gcumas teanga. -
An tsuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe 1968/69 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo dhá bhlúire as an suirbhé cuimsitheach a rinne an tOllamh Breandán S. Mac Aodha agus a fhoireann ar Ghaeltacht na Gaillimhe i 1968/69. Tá na píosaí tógtha díreach mar a bhí siad sa mbunleagan. Bhí sé grinn. -
Paidreacha agus Rannta Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. As oidhreacht paidreacha agus rannta atá bailithe ag an Athair Ó Flannabhra, chuir Rang na hIdirbhliana i gColáiste Cholm Cille in Indreabhán féilire deas le chéile do 2006 agus seo a leanas sampla de chuid acu. -
Peil i gCois Fharraige: Lúnasa 1967 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Peil i gCois Fharraige: Lúnasa 1967 -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Mol an óige agus tiocfaidh sí! Sea, is iad an dream óg, idir bhuachaillí agus cailíní, is mó a rinne gaisce ar na phioniúir liathróid láimhe i mbliana. Go deimhin rinne siad éachtaí mar gur bhain an Cumann amach 20 craobh faoi aois ar fad i gcomórtais Chontae na Gaillimhe ó thús 2006. Mar is iondúil, bhí go leor imeachtaí ar siúl do na haoisghrúpaí éagsúla i rith an tséasúir agus seo cuntas ar na príomh thorthaí a bhí ar na himeachtaí sin. -
Comórtas Peile na Gaeltachta 2006 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Comhghairdeas le foireann Sóisir A - Mhicheál Breathnach a bhuaigh an Comórtas Peile i mbliana. Ar An Spidéal a bhí Comórtas na bliana seo ar siúl agus thosaigh Na Breathnaigh amach le bua sármháith ar foireann An Spidéil. Ba iad Béal Átha an Ghaorthaidh a d’imir Na Breathnaigh sa gcluiche Ceathrú Ceannais – cluiche crua deacair ach choinnigh na leaids an cloigeann agus rinne siad an beart. -
Lá Oscailte i dTearmann Éanna Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Baineadh an-sásamh agus an-sult as an Lá Oscailte a bhí i dTearmann Éanna ar an Tulaigh ar an 14ú lá de Mheitheamh na bliana seo agus i measc an tslua mhóir a bhí i láthair bhí An tAire, Éamon Ó Cuív agus oifigigh ón Roinn, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin agus roinnt den fhoireann, Oifigigh ón FSS, ón gComhairle Contae, Teachtaí Dála, Comhairleoirí Contae agus baill tofa an Údaráis, dochtúirí, banaltraí agus cúramóirí áitiúla agus na sagairt áitiúla a bhíonn ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá sean agus tinn. -
An Máistir Ó Neachtain Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bíodh rud agat dhuit fhéin nó déan do ghoradh leis an ngréin a deireadh an seandream ag tráth den tsaol a raibh an paróiste seo chomh bocht is gurbh é a gclochneart greim beatha a choinneáil faoin bhfiacail. Tá athrú dochreidte tagtha ar an gceantar ón am ar caitheadh mise ar an sop i 1942. Ba as talamh a bhí formhór na ndaoine ag baint slí beatha ag an tráth sin. Is leor súil a chaitheamh fós fhéin ar na breaclachaí talún atá ag síneadh ó phortach go cladach siar le bóthar Chois Fharraige chun a thuiscint gur le cruatan agus le hanró a mhair na daoine agus gan acu ach ón láimh go dtí an béal ar éigin. -
An Máistir Ó Coisdealbha Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí ócáid stairiúil i Seanscoil an Chnoic mí na Samhna 2005, nuair a bronnadh Céim Máistreachta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha as an Tulaigh agus Joe Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh in aitheantas dá saothar scríbhneoireachta, cumadóireachta agus aisteoireachta. Tá pictiúir den ócáid ar na leathanaigh seo romhainn. -
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige: Ar Stáitse i mBoston Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thug an Cumann Drámaíochta cuairt ar Bhoston an Deireadh Fómhair seo caite, áit a ndearnadh trí léiriú den dráma “Go nDéantar do Thoil” le Michael Carey aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin i Halla Naomh Breandáin, Dorchester, Boston. -
Smaointe Iarchathaoirligh Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tar éis cúig bhliana mar Rúnaí ar an gCumann Forbartha thug mé an tréimhse 2000-2005 mar Chathaoirleach ar an eagraíocht chéanna. Le linn na tréimhse sin lean an Cumann leis an ngnáthchlár oibre ar a bhfuil sé dírithe — ag cur moltaí chun cinn agus ag tabhairt tacaíochta maidir le forbairtí fisiciúla agus imeachtaí cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantar agus a chuirfeadh le saol an phobail. -
Glór na nGael i mBéal Feirste Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. B’iad an Droichead, Bóthar Ormeau, Béal Feirste – scoil agus pobal lánGhaelach – a thug leo an príomhdhuais i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael 2005. Bhain Coiste Ghlór na nGael Pharóiste an Chnoic amach an dara háit agus duais €20,000, chomh maith le Duais na Comhairle Oidhreachta de €1,500. -
Carnivale na bPleotaí Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireadh léiriú ‘fíorghreannmhar, fíorshamhlaíoch, álainn, le stáitsíocht saibhir físe’ (The Irish Times) ar an ardán le gairid in Amharclann Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna. Léiriú fuinniúil, ildánach a rinne ceiliúradh ar spiorad, éagsúlacht agus féiniúlacht mhuintir na Gaeltachta sa lá atá inniu ann agus ar phobal na Gaeilge i gcoitinne a bhí anseo. Saothair ealaíonta ar ardchaighdeán a luífidh go deas i gclár Féile Ealaíne na Gaillimhe (The Examiner) a bhí anseo. Léiriú a bhain rachtanna gáire as an lucht féachana, a mhúscail bród iontu, a d’oscail doras an tsonais i gcroíthe daoine, a spreag daoine, a mheall daoine agus a chruthaigh spiorad na féile ina gcléibh. -
Agóid i gCois Fharraige 1985 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fíorbheagán Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an teilifís sa mbliain 1985, tar éis do Theilifís RTÉ, an ‘Craoltóir Náisiúnta’, a bheith 20 bliain ar an bhfód. Cé mhéad Gaeilge a bhí á craoladh in aghaidh na seachtaine sa mbliain sin? Freagra simplí, 2 uair a’ chloig as gach 100 uair; 2%. Suarach agus scannalach. 20 bliain ag meath! Go praiticiúil chiallaigh sé sin nár chraoladh ach nuacht i nGaeilge uair amháin sa lá agus, b’fhéidir, clár nó dhó eile le linn na seachtaine. -
Séamus Ó Conghaile, Príomhoide Scoil na Tulaí 1980-2006 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhailigh slua mór de phobal scoil na Tulaí le chéile ag Aifreann a bhí i Séipéal na Tulaí ar an 20ú lá de Mheitheamh chun saol fada múinteoireachta Shéamuis Uí Chonghaile a cheiliúradh agus chun chuile bheannacht a ghuí air agus é ag éirí as a phost. -
Súil Siar Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Peige Dhiarmaid Uí Chéidigh as Leithrinn agus Attracta Ní Chadhain as an gCnocán Glas – a raibh baint éicint ag an Ath. Ó Ceallaigh lena hainm, de réir cosúlachta. Ba deirfiúr í Attracta leis an údar Máirtín Ó Cadhain. Tuismitheoirí Pheige Dhiarmaid agus Seantuismitheoirí Pheige Dhiarmaid. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh aon choiste pobail ná cumann forbartha ag feidhmiú i gCois Fharraige i dtús na seascaidí. Tháinig sagart darbh ainm an tAthair Seán de Bláca go dtí an Cnoc in áit an Athair Pádraig Ó Ruadháin S.P., a bhí tinn ag an am. Ba chapall oibre é agus chuir sé roimhe feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus cur le háiseanna sa gceantar. D’fhógair sé ón altóir go raibh cuireadh á thabhairt aige do mhuintir an pharóiste le coiste pobail a bhunú. Bhí an chéad chruinniú poiblí faoin ábhar seo sa séipéal ar 6 Márta 1966. Sa séipéal a bhí sé mar nach raibh aon áit oiriúnach eile sa cheantar le haghaidh cruinnithe. Ar an gCéadaoin dar gcionn, an 9 Márta, bhí an chéad chruinniú ag Coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige. -
Forbairt Dhá Scór Bliain: Biseach agus Athfhás Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na cuimhní atá agam ar Chois Fharraige ag teacht aniar ag tús na seascaidí. An droichead caol cúng idir Baile na hAbhann agus an Tulaigh ar Bhóthar an Rí, a chuirfeadh moill ar dhuine. Roinnt ban a fheiceáil ag siúl abhaile ar an mbóthar mór, iad cromtha ag iompar dhá bhuicéad uisce an duine ón tobar. An comhartha mór éadóchais ag éisteacht le daoine ag an am ag caint ar an mBád Bán agus Bánú na Gaeltachta i mbéal an phobail. Duaiseanna -
Ráiteas an Cathaoirligh Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an dá scór bliain bainte amach ag Cumann Forbartha Cois Fharraige i mbliana agus níl na focla “stad” ná “meath “ ar chlár na cruinnithe fós – thuas seal thíos seal b’fhéidir, ach ag treabhadh leis i gcónaí ar mhaithe le pobal Chois Fharraige. -
Biseach: Eagarfhocal 2006 Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé gur cheap mé fhéin go raibh mé an-fhásta agus eolach ag an am, ag breathnú siar anois air ní raibh ionam ach seanghasúr agus mé ag obair le Cló Chois Fharraige i lár na seachtóidí. Ní raibh aon ríomhairí ná meaisíní galánta priontála san áit an uair sin, gan dabht, agus ní bheadh go ceann tamaill ina dhiaidh sin, ach fós féin bhí sprioc curtha os ár gcomhair go mbeadh leabhar nua Gaeilge á cur ar fáil do na scoileanna in aghaidh na míosa. -
An Cumann Forbartha Plean Oibre 2005 Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo a leanas an Plean Oibre a leag Cumann Forbartha Chois Fharraige amach i mbliana, 2005, ag leanacht leis an bplean a bhí ann roimhe sin. -
Forbairt mhór ag Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí forbairt mhór le déanamh ag Scoil Sailearna sa mbliain 1999 agus tar éis a leithéid a bheith ceadaithe ag an Roinn Oideachais, cheap Bord Bainistíochta na Scoile ailtire (Douglas & Wallace) le pleananna agus léaráidí a réiteach don fhorbairt sé bliana ó shin. Bheadh €2m de chostas ar an obair agus nuair a cuireadh na moltaí uilig ag aghaidh chuig an Roinn Oideachais glacadh i bprionsabal leo. Ar 23 Eanáir, 2003, d’fhoilsigh an Roinn liosta de na scoileanna uilig sa tír a bhí le forbairt agus bhí Scoil Sailearna sa gcúigiú háit i gCo. na Gaillimhe sa liosta príorachtaí sin. Cuireadh moill ar an obair mar gheall ar ghanntanas airgid sa Roinn. Gheall an Roinn, san earrach 2005, go mbreathnódh siad arís ar chás Sailearna agus tá súil againn nach mbeidh sé curtha ar an méir fhada arís agus scoileanna eile brúite roimhe mar a tharla cheana. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 137 cailíní cláraithe leis an gCumann i mbliana. Tá 7 bhfoireann againn, Faoi-9, Faoi-10, Faoi-12, Faoi-13, Faoi-14, Faoi-16 agus Sóisearach, agus glacann muid páirt i gcomórtais an Chontae agus Iarthar na Gaillimhe. Tá imreoirí againn ó na Forbacha siar go dtí an Cheathrú Rua. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sea! tá sin fíor chomh maith i gcúrsaí Liathróid Láimhe. Lean an obair agus múineadh scileanna na liathróide láimhe ar aghaidh an bhliain seo caite, ón Scoil Náisiúnta go dtí Club Óige Lurgan agus an Cumann féin. Bhí an toradh le feiceáil go soiléir nuair a thóg roinnt mhaith den óige páirt i gcomórtais agus i gcluichí dúshláin. Fuair Peadar Óg Ó Gríofa an bua i gCraobh na Gaillimhe agus i gCraobh an Chúige Faoi-12. Ní bhíonn aon bhabhtaí ceannais na hÉireann san aois seo. -
Imreoirí Óga an Cheantair Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí éacht atá déanta ag peileadóirí agus go deimhin féin, le roinnt blianta anuas, ag iománaithe óga an pharóiste. Ach anuraidh níor tharla a mhacasamhail ariamh nuair a d’éirigh le scoláirí óga Shailearna an dá mhórchomórtas bunscoile sa ghrád ‘B’ i nGaillimh; an chraobh pheile agus an chraobh iomána a bhuachaint sa mbliain chéanna. Bhí sé dhá bhliain déag ó shin ó d’éirigh leo an chraobh pheile a thabhairt leo agus ba é seo an chéad uair ariamh ag scoil ó Iarthar na Gaillimhe an chraobh iomána a thabhairt leo sa ghrád seo, ach go dtarlóidh sé sa mbliain chéanna – éacht i measc na n-éachtaí. -
Cumann Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Cumann Micheál Breathnach thar a bheith ríméadach a bheith ar ais arís i ngrád na Sinsear, an chéad uair ó thús na n-ochtóidí. Ní inniu ná inné a thosaigh an obair leis an sprioc sin a bhaint amach ach nuair a hathbhunaíodh an Cumann i 1967 agus arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh siad Sraith an Iarthair. Chuir bunaitheoirí agus foirne cumasacha tosaigh sin an chumainn an síol as ar tháinig an toradh céatach atá againn anois. Is iomaí rud atá déanta agus buaite ó shin i leith, an iomarca le bheith ag tógáil spéis leis anseo, b’fhéidir. -
Éachtaí Náisiúnta: Patrick Ó Conghaile Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Patrick Ó Conghaile (Patrick Fóidín Meara) as Cor na Rón a bhuaigh comórtas Ghlór Tíre na bliana seo caite, sraith de chuid GaelMedia sna Forbacha a taispeánadh ar TG4. Beidh Patrick le feiceáil i gceann de na cláracha i nGlór Tíre na bliana seo chomh maith agus ina theannta sin tá sé i gceist go mbeidh sé ar Ardán agus an mhír seo á scríobh. -
Éachtaí Náisiúnta: Cathal Mac Tiarnáin Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. As na hAille in Indreabhán do Chathal Mac Tiarnáin, fear óg a bhfuil aithne mhaith air as a chuid gaiscí idir na cuaillí d’fhoirne peile Chumann Micheál Breathnach thar na blianta, ó aois a 11 bhliain go dtí an fhoireann Idirmheánach cúpla bliain ó shin. Ar spórt an chrochadh meáchain is mó atá Cathal ag plé ó shin i leith, an réimse ‘Powerlifting’ ina bhfuil trí ghné éagsúla, ‘Squatlifting, Benchlifting agus Deadlifting. San comórtais mhóra, ní mór duit trí iarracht a thabhairt faoi gach gné acu sin ach gur féidir a bheith i gcomórtais aonair le do rogha gné chomh maith. -
Coláiste Cholmcille ag Ceiliúradh 50 Bliain Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coláiste Cholmcille ag ceiliúradh caoga bliain ar an bhfód i mbliana. Ar Lá ’le Bríd na bliana 1955, osclaíodh scoil nua i gCois Fharraige - Gairmscoil Cholmcille. Ba sa Spidéal a bhí ionad na scoile go dtí sin agus d’aistrigh na mic léinn agus an fhoireann múinteoirí go dtí an Cnoc nuair a bhí an scoil nua tógtha. Timpeall 50 mac léinn a bhí ag freastal ar an scoil ag an am. Ba é Mícheál Mac Aodha an chéad phríomhoide agus chaith sé timpeall trí bliana i bhfeighil na scoile. Bhí Mícheál Ó Cuilleanáin mar phríomhoide ar feadh timpeall cheithre mhí ina dhiaidh sin. -
Mol an Óige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an-bhliain go deo againn arís i mbliana i Scoil Sailearna. D’éirigh thar barr linn ar pháirc na himeartha agus rinne muid éachtaí ar ardán na haisteoireachta chomh maith. Thug muid linn an chraobh i gCumann na mBunscol sa bPeil agus san lomáint, éacht nár baineadh amach ariamh cheana! Is é Traolach Ó Conghaile a bhí i mbun na foirne peile agus is é Ruaidhrí Ó Béarra a bhí i mbun na hiománaíochta. -
Club Óige Lurgan Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Club Óige Lurgan faoi lán tseoil i gcónaí, agus bhí os cionn ceithre scór ball ann an geimhreadh seo caite. Déanann aos óg an cheantair, ó dhá bhliain déag suas go seacht mbliana déag, freastal ar an gclub gach uile oíche Aoine ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Piocann na baill cinnirí iad fhéin le imeachtaí an chlub a reáchtáil i dteannta tuismitheoiri, a oibríonn ar bhun deonach faoi mar a rinne an dream a chuaigh rompu. Bíonn go leor imeachtaí difriúla ar siúl i rith na bliana, ó a bheith páirteach i gcomórtais Oireachtas i dtús na bliana go dtí lá bailiú bruscair ag deireadh na bliana. -
An Grúpa Líadan Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Mí Feabhra 2004, bhí ceathrar ban óg ag suí in aon seomra amháin i dteachín beag i Luimneach ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn. Bhí mé féin, Valerie Casey, Deirdre Chawke agus Sarah Jane Woods ann ag baint taitnimh as an gcomhluadar agus as an gceol, gan duine ar bith ná rud ar bith ag cur isteach ná amach orainn. ‘Nach mbeadh sé iontach é seo a dhéanamh an t-am ar fad,’ a deir Valerie, agus níor ghá di rud ar bith eile a rá. -
Ceiliúradh Órga an Athar Colm Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí oíche mhór againn ar an gCnoc Dé hAoine, an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 2004. Ócáid áthais chomh maith le ceiliúradh buíochais a bhí i gceist ag Pobal Chois Fharraige agus iad ag comhcheiliúradh a Iubhaile Órga leis an Athair Colm Ó Ceannabháin sa mbaile ar a fhód dúchais fhéin. -
Capaillíní Chonamara Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé go bhfuil daoine ag plé le capaillíní Chonamara i gceantar Chois Fharraige le blianta fada, tá borradh thar cuimse tagtha leis an gceird sna blianta beaga seo anuas agus bhí an bhliain seo caite thar barr ar fad, ó thaobh comórtais agus duaiseanna de. Bhí an-bhliain ag Seáinín Willy Ó Fátharta as na hAille agus ag Máirín agus Gerry Ó Gríofa as Cor na Rón a bhuaigh roinnt mhaith duaiseanna ag na Seóanna éagsúla a bhí ar siúl i rith an tsamhraidh. -
Meallta ag Coláiste Lurgan Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a tháinig mé go Coláiste Lurgan i dtosach mar dhéagóir, 10 mbliana ó shin, bhí mé fíor-neirbhíseach. Bhí mé as baile den chéad uair, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith a bhí ar an gcúrsa agus bhí chuile dhuine ag caint liom i dteanga nár thuig mé mórán de. Ní raibh mé ag iarraidh fiú teacht chun na Gaeltachta, bhí mo thuismitheoirí tar éis áit a fháil dom ón liosta feithimh a bhí ag an gColáiste de bharr gur tharraing duine éigin eile as. Is dóigh liom nár labhair mé mórán sa gcéad tseachtain – bhí eagla orm go labhróinn as Béarla i ngan fhios dom féin agus go gcuirfí abhaile mé! -
Ócáid Oidhreachta 2005 Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reáchtáil Cumann Forbartha ócáid oidhreachta a bhí anspéisiúil i Seanscoil Shailearna ar an Sathairn an 19 Márta 2005. Cuspóir na hócáide ab ea léiriú a thabhairt don phobal ar na traidisiúin déantóireachta, ar an mbéaloideas, ar thithe mar a bhíodh, agus ar sheanuirlisí, seanghléasanna ceoil, srl. Bhí an taispeántas ar siúl ón 11.00 go dtí 17.50 agus níos déanaí an oíche sin, tugadh cuireadh don phobal freastal ar léacht a thug An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an ábhar ‘Cearta Teanga! An Ród Seo Romhainn.’ -
‘Is fiú agus is féidir’, Mana Choláiste Chamuis Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 32 bhliain slánaithe ar an bhfód i mbliana ag Coláiste Chamuis. Bunaíodh an Coláiste thiar i 1973 leis an mana is “Is fiú agus is féidir”. Tá oifig an Choláiste bunaithe anois sna hAille in Indreabhán agus reachtálann an Coláiste cúrsaí sa Tulaigh, i Ros an Mhíl agus ar ndóigh i gCamas féin. Tá ionad dár gcuid féin, Teálta na hÓige, tógtha ar an mBaile Láir i Ros an Mhíl ag an gColáiste. I samhradh na bliana 2005 d’fhreastail os cionn 1,300 scoláire ar an gColáiste. D’fhan siad sna tithe lóistín áitiúla a bhfuil 52 acu cláraithe leis an gColáiste agus iad scaipthe ó na Creagáin i gceantar Indreabháin go dtí Leitir Móir na Coille i gceantar Chamais. Chomh maith leis an méid sin scoláirí, bíonn ar a laghad 60 ball foirne ag obair don Choláiste, ó gach ceard don tír. -
Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí dhá mhórléiriú ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige i mbliana. An dráma “Go nDéantar do Thoil” le Michael Carey (aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin) agus “Gabha na bhFocal” Drámaíochta/fílíocht/Agallamh Beirte agus píosaí grinn scríofa ag Johnny Chóil Mhaidhc. -
Pastime Chonamara Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Arís i mbliana tá réimse leathan ranganna caitheamh aimsire tosaithe ag Pastime Chonamara. Bíonn siad ar siúl ceithre oíche sa tseachtain ar fud Chonamara. Is le cabhair ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear na himeachtaí seo. I mí Meitheamh seo caite bhronn an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. agus Fionnuala Ní Fhlatharta (‘Berni’ i Ros na Rún) teastais ar seachtó duine a d’fhreastail ar chúrsaí Pastime Chonamara. Tá sé i gceist ag an eagraíocht i mbliana leathnú amach go dtí contaetha na Mí agus Mhaigh Eo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag Pastime Chonamara ach glaoch ar 091-593311. -
Biseach ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach ainm na hirise seo: tráthúil go maith. Is léir gur biseach atá beartaithe freisin ar an tseirbhís a chuireann an státchóras ar fáil trí Ghaeilge do phobal na tíre seo – muintir an cheantair seo san áireamh. Ní gá do dhuine a bheith ina shaineolaí leighis lena thuiscint gur annamh a thagann biseach thar oíche agus go minic, gur próiseas mall go leor a bhíonn i gceist, céim ar chéim, de réir a chéile. Sin an straitéis – dul chun cinn leanúnach – atá mar chroílár ag plean an stáit; deiseanna breise a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre le níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus na seirbhísí sin a bheith ar chaighdeán níos airde. -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá deontas de €1milliún ceadaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a thógáil sa gceantar. Níl aon amhras ar Ghrúpa Oibre an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ach go bhfuil an tIonad atá le tógáil ar cheann de na beartais is tábhachtaí riamh ó thaobh na pleanála teanga de i gceantar Chois Fharraige. -
Ag Dul ar Scoil san India Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An samhradh seo caite chaith mé seal deich seachtainí ag múineadh gasúir bhunscoile i gceantar bocht i Delhi, bpríomhchathair na hIndia. Ar dhul isteach sa seomra ranga don chéad uair dom thuig mé na difríochtaí a bhí idir cúinsí scoile sa tír sin agus cúinsí scoile sa mbaile. -
Tionscnamh Pleanála Teanga Comharchumann Shailearna Teo. Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 22 Deireadh Fómhair, 2005 i Seanscoil Shailearna d'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh €110,000 ceadaithe thar thréimhse 3 bliana don Chomharchumann chun Tionscnamh Pleanála Teanga a chur i bhfeidhm. -
Scríbhneoirí Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi mar a tuairiscíodh i mBiseach 2004, bíonn obair mhór ar siúl ag na scríbhneoirí óga sa cheantar seo. Faoi chúram Gheartrúid Mhic Con Iomaire, a múinteoir, spreagtar iad le peann a chur le pár agus an toradh a chur isteach i gcomórtais éagsúla. Mar shampla, bhuaigh siad 11 duais i gcomórtais an Oireachtais 2004, 4 dhuais i gcomórtais Chonradh na Gaeilge, 6 dhuais i gcomórtais An Choiste Ghairmoideachais, 16 dhuais i gcomórtais Údarás na Gaeltachta agus an Chéad Áit sa Tír i gcomórtas a d’eagraigh Leabharlann Dhún Laoghaire. Éacht amach is amach! -
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá cheithre champas ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair. Tá sé lonnaithe in Áras na Gaeilge i nGaillimh agus tá gníomhaíochtaí de chuid an Acadaimh lonnaithe freisin in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, in Ionad na hOllscoile i gCarna agus in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair. -
I mBróga Frodo sa Nua-Shéalainn Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhágamar Aerfoirt na Gaillimhe ar an triú lá de mhí Iúil ag leath uair tar éis a cúig san iarnóin agus dhá lá ina dhiadh sin shroich muid ceann scríbe – Aukland - an dara cathair is mó ar an Oileán Thuaidh den Nua-Shéalainn. Cé go rabhamar tuirseach traochta thugamar ár n-aghaidhe ar pháirc Eden an trathnóna sin, áit a raibh an bua ag na Leoin ar an bhfoireann baile agus gan tada le spáráil acu. Bhí na comharthaí le feiceáil ón gcluiche sin nach mbeadh seans acu i gcoinne na All Blacks an Sathairn beag sin. -
Fís Phóil d’Aosach Chonamara - An Bhrionglóid á Fíoradh Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Si Monumentum Queris Respice” – “Má theastaíonn leac cuimhneacháin uait, breathnaigh i do thimpeall”. Tá an ráiteas sin scríofa ar Ardeaglais Naomh Pól i Londain i gcuimhne ar Sir Criostopher Wren, an tAiltire a thóg í. Bhí an abairt chéanna ráite ag Aifreann Shochraide Phóil ar an gCnoc mar aitheantas ar a mhórshaothar don Aosach i gCois Fharraige. -
Máirtín Mór Ó Cadhain Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith, mór ná mion. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Pearsa mhór mhillteach le rá a bhí ann lena linn féin, agus d’oibrigh sé tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d’Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas. -
Biseach: Eagarfhocal 2005 Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal Síneach ann a deir, “go mairfidh tú i laethanta suimiúla”. Is cinnte go bhfuilimid ag maireachtáil i laethanta den chineál sin faoi láthair agus go mbeidh tionchar tairbheach acu ar an saol i gceantar Chois Fharraige amach anseo, ach na deiseanna a chuireann siad ar fáil a thapú anois. Níor thárla an oiread bogadh riamh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta is atá tarlaithe le breis agus bliain. -
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá moladh an-suntasach agus an-radacach anseo faoi Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú sa cheantar seo agus ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtiocfaidh muid uilig ar bord idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le deimhin a dhéanamh de go dtarlóidh sé seo. Téann sé seo go dtí croílár na ceiste maidir le buanú agus sealbhú na Gaeilge agus an Ghaeilge a thabhairt slán ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile ach go dtabharfaidh muid aghaidh ar phleanáil na teanga ag an leibhéal seo”, a dúirt Leas- Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraic Ó hAoláin, ag ócáid seolta an staidpháipéir ar Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 164 cailín as ceantar Chois Fharraige cláraithe leis an gCumann don bhliain 2004. Cailíní ó aois 7 mbliana suas. Bíonn foirne ón gCumann páirteach i gComórtais Iarthar na Gaillimhe agus na Cathrach, sna ranna seo a leanas: Faoi 10, Faoi 12, Faoi 13, Faoi 14, Faoi 16, agus Sóisear. Bíonn traenáil ar siúl ar Pháirc na mBreathnaigh chuile Shatharn óna 4.30pm go 7.00pm. -
An Brat Glas Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fadhb domhanda í an dramhaíl – fadhb atá ag cur an-chuid brú ar an timpeallacht mar nach bhfuil muid ag déanamh aon bhainistíocht cheart air. I mbliana, i gColáiste Cholmcille, thug Rang 3A1 O.S.S.P. faoi thogra a dhéanamh leis an mBrat Glas a fháil don scoil agus a gcion féin a dhéanamh don timpeallacht le scoláirí, múinteoirí agus an pobal i gcoitinn a chur ar an airdeall. Siombal idirnáisiúnta is ea An Brat Glas agus tá 9,000 scoil san Eoraip agus san Aifric Theas páirteach ann. Glacann An Taisce agus na Comhairlí Contae áitiúla freagracht as anseo in Éirinn. -
Reilig an Chnoic Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an obair chothabhála ag dul ar aghaidh i gcónaí. Baineadh an féar sa dá Reilig go rialta i rith an tSamhraidh agus tá cúram ar leith déanta do chothabháil na Seanreilge i mbliana. Faoi dheireadh thiar thall tá slacht anois air agus tá an féar coinnithe go slachtmhar. Buaileadh péint ar an ngeata. Bailíodh dhá ualach bruscar de chuile chineál sa Seanreilig i mbliana. -
Scríbhneoirí i bParóiste an Chnoic Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fada siar a théann draíocht na scéalaíochta agus na scríbhneoir-eachta san bparóiste seo. I dtosach, tagann an scéal, agus bhí scéalaithe riamh ann. Rugadh Peadar Mac Thuathaláin, an seanchaí, i mBaile an Tí Mhóir timpeall na bliana 1865. Mar a dúirt Seán Mac Giollarnáth ina leabhar faoi Pheadar, ‘ba i dteach Mháirtín Bhreathnaigh, fíodóir, ar an Lochán Beag, a d’fhoghlaim Peadar an seanchas, an scéalaíocht agus an ghontacht Ghaeilge.’ -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé lena aghaidh é? An fiú a leithéid a bheith ann? Breathnaigh siar ar a bhfuil déanta aige sul a dtabharfaidh tú do bhreith agus coinnigh do shúilín draíochta ar oscailt leis na féidearthachtaí atá le baint amach fós ag a leithéid a chur san áireamh. Ansin, le cúnamh Dé nuair a bhéas an cás pléite is tomhaiste go maith agat beidh tú in ann freagra ciallmhar a thabhairt ar an gceist a cuireadh. -
An Cnoc-Spidéal, Tuaim Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is pobal fíorGhaeltachta an pobal seo, le 700 muirín, a shíneann idir droichead an Spidéil siar go droichead Chasla ach ceantar na Minna agus Ros a’ Mhíl a fhágáil as. Bhí an ceantar i bparóiste Chill Ainnín, deoise Eannachdúin, fadó agus tugadh Cill Ainnín ó dheas agus Cois Fharraige air. Siad Naomh Ainnín as Co. na Mí, a bhfuil a lá féile ar 18ú Eanáir, agus Naomh Colmcille, a bhfuil a lá féile ar 9ú Meitheamh, Naomh-Phatrúin an Pharóiste. Tá dhá shéipéal sa bparóiste faoi láthair – Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc a tógadh i 1844 agus séipéal Naomh Colmcille ar an Tulaigh a tógadh i 1964 – an chéad séipéal in Éirinn agus sa mBreatain a bhí cóirithe don sagart leis an Aifrinn a léamh iompaithe i dtreo an phobail. -
Club Óige Lurgan Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tagann déagóirí an cheantair le chéile chuile oíche Aoine ó Meán Fómhair go Bealtaine i gColáiste Lurgan. Tá os cionn seachtú baill cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromhghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air ach de bharr easpa clubanna óige ó Ros a’ Mhíl aniar tagann roinnt óna ceantair sin. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle ó thaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fáil do na clubanna óige. -
Ar Shlí na Fírinne Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tar éis seisiúin iontach tairbheacha den dráma Ar Shlí na Fírinne a léiriú i Seanscoil an Chnoic, i mBéal an Daingin, i dTír an Fhia, agus ar an gCeathrú Rua, thug Cumann Drámaíochta Chois Fharraige aghaidh ar Chicago Mheiriceá i mí na Samhna seo caite, áit ar chaith siad seacht lá san iomlán agus inar chuir siad trí léiriúchán den dráma ar stáitse. -
Imeachtaí na scoilbhliana seo caite Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Imeachtaí i Scoil Sailearna na scoilbhliana seo caite -
Scéim Shóisialta na Tuaithe Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú – ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchúpláil an lae inniu. Tá caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/iascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhaint amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtú acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna. -
Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Díríonn an Cumann Forbartha ar mholtaí a chur chun cinn agus ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairtí fisiciúla agus imeachtaí cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantair agus a chuirfeadh le saol an phobail. -
Ionad Leighis Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céim 4 (an céim deireadh) den fhorbairt atá ar na bacáin againn ná Ionad Leighis (Dochtúra) a thógáil do Phobal Chois Fharraige a bhíonn ag freastal ar an Ionad Leighis ag an Tulaigh - ionad atá suite i bPortacabin le breis is scór bliain - ionad atá mífheiliúnach go hiomlán le freastal ar an bPobal agus ionad atá cáinte ag Dochtúirí, Banaltraí agus gnáthphobal na háite. -
Lóchrann Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ná bíodh duine ar bith a rá liomsa nach bhfuil pobal fada fairsing ar bís le dhul ag breathnú ar dhráma maith Gaeilge. Cruthaíodh an méid sin don ghrúpa drámaíochta “Lóchrann” a bunaíodh i gceantar Chois Fharraige an bhliain seo caite. Grúpa gairmiúil a bheartaigh muid a bhunú agus é de aidhm againn drámaí traidisiúnta den ardchaighdeán a chur i láthair an phobail go rialta. Beidh béim againn ar dhrámaí nuascríofa agus ar an nGaeilge shaibhir nádúrtha atá i gcontúirt a tachtadh ag an nua-aois. Bhí sé i gceist againn freisin ár sciatháin a scaradh agus an ealaíon thraidisiúnta a thabhairt chomh fada leis na Gaeil atá sloigthe ag an imirce. -
Seo Uait Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dtús na bliana seo bunaíodh an eagraíocht dheonach, Seo Uait, i gceantar Chonamara le hairgead a bhailiú do Thaighde Ailse Brollaigh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Ailse Brollaigh (National Breast Cancer Research Institute) i nGaillimh atá faoi stiúir an Ollaimh Given. Grúpa deonach as Gaillimh, The Merlin Park Walkers, a chuir tús leis an bhfeachtas nuair a chuir siad fógra sna nuachtáin ag iarraidh cúnaimh. Chonaic Margó Ní Chonghaile an fógra agus chuaigh sí i dteagmháil leo. Eagraíodh cruinniú agus as sin a tháinig an eagraíocht Seo Uait agus ceapadh coiste ar a raibh Margó féin, Caitríona Uí Bhéarra, Coroline Uí Ráinne, Maria Griffin agus Máire Langan. -
Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag feidhmiú anois le os cionn seacht mbliana déag. Déanann sé freastal ar na pobail ó na Forbacha siar chomh fada leis an gCeathrú Rua, Ceantar na nOileán agus ó thuaidh chomh fada le Gleann Trasna. Thar na mblianta, tá fás agus forbairt tagtha ar an líon ball atá páirteach sa gComhar Creidmheasa. Le léargas a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag an gComhar Creidmheasa is fiú súil a chaith ar roinnt staitisticí. -
Scoil Náisiúnta Sailearna Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi láthair tá 212 scoláire agus dhá mhúinteoir déag sa scoil. Tá méadú i mbliana ar an líon scoláire agus is comhartha maith é seo. Chuaigh Bord Bainistíochta nua i mbun gnó sa scoil i mí na Samhna 2003. -
Coláiste Lurgan Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhreastail suas le 1,800 scoláire ar Choláiste Lurgan le linn samhradh 2003 agus bhí os cionn 110 duine, idir mhná tí, mhúinteoirí agus fostaithe eile ag obair go lánaimseartha leis an gColáiste le linn an ama seo. Le blianta anois tá an t-éileamh ar chúrsaí sa gColáiste chun cinn ar líon na náiteanna a bhíonn ar fáil. Ní féidir glacadh leis, áfach, go bhfanfaidh cúrsaí mar seo. De bharr cúinsí eacnamúla níl daoine chomh caifeach agus a bhí. Bíodh sin mar atá, tá muid fós dóchasach go mbeidh dóthain éilimh ar chúrsaí sa gColáiste chun go mbeidh muid in ann iad a fhorbairt agus a fheabhsú sna blianta atá romhainn. -
Ó Shelerno go Sailearna Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh cur síos cuimsitheach in eagrán 2003 de Bhiseach ar an tacaíocht a tháinig ó phobal an Chnoic do chur chun cinn na hOllscolaíochta trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh óna fichidí i leith agus go háirithe na hiarrachtaí a rinneadh le roinnt de bhlianta le forbairt a dhéanamh ar ollscolaíocht sa Ghaeltacht. Ba feachtas éilitheach a bhí anseo i dtosach, ach leis an aimsir, d’iompaigh sé isteach ina chomhoibriú idir Ollscoil, pobal agus stát. -
Na Stáisiúin Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Casadh Meiriceánach orm agus é ar bís le n-inseacht dom an nós nuaaimseartha atá tosaithe acu san Eaglais sna Státaí ar a dtugann siad ‘The Neighbourhood Mass’. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh nuair a bhain mé an ghaoth as a chuid seolta a rá leis go bhfuil an nós céanna againn in Éirinn leis na céadta bliain ach go dtugann muid ‘Na Stáisiúin’ nó ‘Faoistineacha’ air. Nuair a tháinig sé aige féin chuir sé suim mhór sa scéal agus d’inis mé dhó an stair uilig a bhain leis na stáisiúin. -
Glór na nGael Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le Glór na nGael ó thaobh na teanga de agus maidir le saol sóisialta an phobail. Ceann dá bhuntáistí móra is ea nach gcuireann sé isteach ar aon eagras eile, ach a mhalairt. Láidríonn sé eagrais eile, cuireann sé clár oibre ar fáil agus spreagann sé eagrais chun oibre. Ní amháin sin, ach spreagann sé ceantair le craobhacha d’eagrais mar Chonradh na Gaeilge a bhunú d’fhonn an clár oibre a riaradh. Cothaíonn sé an tuiscint nach rud éigin amuigh ansin í an Ghaeilge, ach rud atá istigh ionainn, in áit éigin, rud luachmhar gur linn féin í, rud atá lárnach inár saol, rud a thugann an ceart dúinn a rá gur Gaeil muid, fiú murar cainteoirí ó dhúchais muid, fiú mura bhfuil muid líofa go fóill. -
Cumann Liathróid Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Mura bhfuil siad beag ann ní bheadh siad mór ann”. Is cinnte gur fíor sin agus ní haon eisceacht é spóirt na liathróide láimhe ach an oiread. Tá béim mór leagtha ag an gCumann agus ag an gContae i mbliana ar an óige. Is ar an Scoil Náisiúnta is mó a bhí áird i mbliana. Rinne Fearghas Mac Lochlainn sárobair agus tá an bhunchloch leagtha síos aige. Dar ndóigh is sár-imreoir é Fearghas agus tá bonn Náisiúnta “Chomórtas Peile na Gaeltachta” aige ar son Gaeltacht Rath Cairn. Tá Club Óige Lurgan ag reáchtáil múineadh na scileanna i mbliana chomh maith. Is iad óige an lae inniu fir agus mná an lae amáraigh. -
Naíonra agus Naíolann Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chuir ar fáil do phobal an cheantair. Bíonn an Naíonra ar oscailt ó Mheán Fómhair go dtí deireadh mhí Meitheamh i rith na bliana, le gnáthshaoire curtha san áireamh. Eagraíocht dheonach is ea Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag na tuismitheoirí. Bunaíodh Naíolann Chois Fharraige i 2001 mar gheall ar chomh maith agus a bhí ag éirí leis an Naíonra. -
Scríbhneoirí Óga Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé soiléir, le fada an lá, go bhfuil bua na scríbhneoireachta ag muintir Chonamara agus is cinnte go bhfuil na tréithe sin go láidir sna scoláirí i gColáiste Cholmcille. Chabhraigh Údarás na Gaeltachta go mór chun an bua seo a spreagadh agus a fhorbairt. Gach bliain eagraíonn an tUdarás comórtais do scoileanna na nGaeltachtaí ar fad - comórtais aistí, alt iriseoireachta, filíocht agus amhráin, agus cuirtear saothar na mbuaiteoirí sin chuig Comórtais Liteartha an Oireachtais. Gach bliain bíonn buaiteoirí go fairsing againn sa scoil. -
Beo go Deo Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó 1995 tá cúrsa nua Teagasc Críostaí á thabhairt isteach sna bunscoileanna ar a dtugtar “Beo go Deo”. Is cúrsa an-bhreá ar fad é ina ndéantar ceiliúradh ar shaol an linbh agus ina ndéantar iarracht an creideamh a dhéanamh “beo” do na páistí trí cheol, drámaíocht, ealaín, scéalaíocht agus ar ndóigh paidreacha. -
Tigh Mholly Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. "Tá mé ag dul síos abhaile”, a d’fhreagraíodh mo mháthair, Winnie Mholly, gach uile uair a cheistíodh muintir an Chlocháin í faoi cén áit a raibh sí ag dul ar saoire. Ó tharla gur ar Tigh Mholly a bhíodh a n-aghaidh ní ‘pub’ ná siopa, mar sin, a bhí in Tigh Mholly ar an Lochán Beag dhúinne ach ‘baile’ a raibh stair, seandacht agus préamhacha ag roinnt leis, gnéithe nach raibh le n-aireachtáil againn thiar sa gClochán. -
Muintir na Cathrach Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá baile fearainn na Cathrach suite dhá mhíle dhéag taobh thiar de chathair mhór na Gaillimhe ar an bpríomhbhóthar as Gaillimh go Conamara Thiar. Dhá mhíle siar ó shráidbhaile an Spidéil, ag síneadh leis ar an taobh thoir, tá an Púithrín agus ar an taobh thiar tá An Chéibh Nua, nó Coill Rua Thiar mar a tugtar air le blianta beaga anuas. -
Iubhaile Órga An Athar Colm Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is ócáid áthais is comhghairdis dúinn sa bpobal seo go bhfuil an tAthair Colm Ó Ceannabháin ag ceiliúradh a Iubhaile Órga. Tá leathchéad bliain caite aige ina shagart, bail ó Dhia is ó Mhuire air. Corr-uair a thárlaíonn a leithéid i bpobal. An rud is annamh, is iontach. -
Biseach: Eagarfhocal 2004 Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I gcaitheamh na bliana atá caite ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige seasamh láidir sa díospóireacht faoin aird ba cheart a thabhairt ar an nGaeilge sa chóras pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Thug an Cumann tacaíocht leanúnach freisin d’fheachtais náisiúnta dírithe ar ionad na Gaeilge sa saol poiblí a bhuanú agus a fhairsingiú agus ar aitheantas cuí a bhaint amach don teanga i gcaidreamh na tíre leis an Aontas Eorpach. Is údar áthais dúinn an dul chun cinn atá tarlaithe le déanaí sna réimsí seo —feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ceapadh Choimisinéir Teanga, éileamh an Rialtais ar stádas mar theanga lánoifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus an t-aitheantas atá tugtha don Ghaeilge sa chóras pleanála i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe. -
Naíonra Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Naíonra Chois Fharraige i 1999, le seirbhís naíonra a chur ar fáil do phobal an cheantair. Eagraíocht dheonach is e a Naíonra Chois Fharraige atá á reáchtáil ag n a tuismitheoirí. Faigheann muid cúnamh ón Roinn D l í agus Cirt, , Comhionannas agus Athchóirithe Dlí, agus Údarás na Gaeltachta chun cuid de na costais reachtála a ghlanadh. -
Cúrsaí Aimsire ar TG4 Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is saol lán le sprid agus le spórt a chothaíonn dúil nimhe sa scleondar a bhíonn agat is tú ag obair i TG4. Is duine d'fhoireann láithreoirí leanúnachais agus aimsire atá ionam le breis agus dhá bhliain anois, agus seo sampla daoibh den obair a bhíonn ar siúl againn ann. Ón bpointe a dtagann na grafaicí agus an t-eolas aimsire chugainn ar ríomhphost ag 2 a chlog, ní thagann stop ar bith leis an obair go dtí go dtéann muid amach beo ar an aer roimh an Nuacht ag 7 - idir an réamheolais a aistriú go Gaeilge agus í a ghearradh siar ionas nach ngabhfaidh tú thar an méid áirithe ama atá leagtha amach sa sceideal don réamhaisnéis aimsire áirithe ar a bhfuil tú ag obair. -
Buaiteoirí Oireachtais an Cheantair ó 2000 Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Buaiteoirí Oireachtais an Cheantair ó 2000 -
Pasttime Chonamara Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó bunaíodh Pastime Ch onamara i 2001 tá méadú mór tagtha ar an méid spéise atá léirithe ag an bpobal in imeachtaí na heagraíochta. Cuireadh tús le ranganna éagsúla i gceardaíocht ó na Forbacha siar go dtí na Minna. Bhí ceardlanna deireadh seachtaine ar siúl in áiteacha éagsúla, ina measc Oileán Chléire, Gaoth Sáile, agus Acaill. I measc na ranganna a cuireadh béim orthu i mbliana, bhí deileadóireacht adhmaid, feistiú ceangail agus ornáidíocht ar fhearais iascaireachta, chomh maith le rang speisialta do dhaoine óga agus fásta ag déanamh macasamhail báid de réir scála. -
Campa Saoire Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reachtáladh Campa Saoire Chois Fharraige 2003 i Scoil Sailearna, Indreabhán idir an 7ú Iúil agus an lú Lúnasa i mbliana. D'fhreastail breis is cúig chéad páistí ar na cúrsaí agus bhain siad uilig fíorthaitneamh as na himeachtaí éagsúla a cuireadh ar fáil dóibh -
Oscailt Thearmann Éanna An Tulach Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 9ú lá de Shamhain, 2003, rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon ó Cuív, T.D., an oscailt oifigiúil ar Thearmann Éanna ar an Tulach i gCois Fharraige. Seo iad cuid de na daoine a bhí i láthair don ócáid mhór sin. -
Socos Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba i mí Mheán an Fhómhair na bliana 1994 a tháinig SOCOS Teo. ar an bhfód an chéad lá riamh. Bunaíodh an comhlacht, le seirbhís stáiseanóireachta agus throscán oifige a chur ar fáil i gceantar Chonamara agus sa réigiún máguaird. Ba é Pádraic Ó Concheanainn, a raibh taithí na mblianta aige sa ghnó, a bhí i mbun an chomhlachta. Ba i gColáiste Dara, i mBaile an Tigh Mhóir, a thosaigh an comhlacht, an chéad lá. D'aistrigh siad soir go hEastát Tionscalaíochta na Coille Rua in Aibreán na bliana 1995, tráth a raibh ionad cuí réitithe ag Údarás na Gaeltachta dóibh. De réir a chéile, tháinig méadú ar an ngnó, agus ar an gcomhlacht dá bharr sin, agus chuir Údarás na Gaeltachta breis spáis ar fáil i 1999. -
Reilig an Chnoic Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Coiste i 2002 leis an dá Reilig a choinneáil glan, néata agus slachtmhar. Tagann Baill an Choiste (agus daoine eile nach bhfuil ar an gCoiste) le chéile go deonach go seachtainiúil (Dé Máirt) leis an obair seo a chur i gcrích, ó lár Bealtaine go tús Dheireadh Fómhair. -
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an Cumann seo i 1981 le freastal ar chailíní an cheantair a bhí ag iarraidh iománaíocht a imirt. Tá 90 ball sa chumann ó cheantar Chois Fharraige, i.e. ó na Forbacha siar go dtí an Cheathrú Rua. Bíonn an Cumann páirteach sna comórtais a ritheann Coiste Chontae na Gaillimhe agus Coiste Iarthar na Gaillimhe sna grádanna seo a leanas: Faoi-10, Faoi-12, Faoi-14, Faoi-16, Faoi-18 agus Sóisear. Bíonn tréanáil ag - na cailíní ar Pháirc na mBreathnaigh ar a 4.00 i.n. chuile Dé Sathairn agus tá fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. -
Ní Bhíonn Tú Óg Ach Scaitheamh Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is i gColáiste Lurgan a thagann déagóirí an cheantair le chéile gach oíche Aoine, ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Tá suas le trí scór ball cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair, a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle i dtaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fail do na clubanna óige. Is iad tuismitheoirí na ngasúr a dhéanann cinnireacht ar an gClub Óige le blianta beaga anuas. Tugann iarbhaill an chlub an-chúnamh freisin le ceol agus drámaíocht agus damhsa a réiteach i gcomhair stáitse an Oireachtais agus seónna eile. -
Páirc an Chnoic Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach go deireadh, i 1966 -1967, bhí caint ar pháirc a thógáil agus ag cruinniú cinn bhliana 1967 moladh coiste na páirce a chuir le chéile. Tugadh "Coiste na Páirce Teo." ar an gcoiste seo. Sí an aidhm a bhí acu sin ná suíomh a fháil agus páirc a chur ar fáil. San am sin, bhíodh peil dhá imirt ar an gCreach Oileáin sa Samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo, agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Hydro Marine anois. Dhíol an Coiste an suíomh seo le Gaeltarra Éireann, sé sin Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Ag an am sin socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc a iarraidh ar an Easpag Breathnach, a bhí ina Ardeaspag ar Thuaim ag an am, agus fuair siad 8 n-acra den 11.5 acra talún a bhí ansin.