Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)

Item

Teideal
Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)
Achoimre
Tuairisc faoin gCeannairc san India
Cur Síos
Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann) sna 1930í. Chuaigh sé sna Gardaí i 1935 agus chaith sé seal i Leitir Móir, i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a chríochnaigh sé a sheal sna Gardaí, mar sháirsint, agus bhí cónaí air i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, nuair a taifeadadh an t-agallamh. Labhraíonn sé faoin traenáil a fuair sé, agus faoi na daoine a casadh air. Ina measc siúd, casadh Pat Wallace, ón bPointe ar an gCeathrú Rua, air [12:00] agus iad ag traenáil. Bhí Pat sna Connaught Rangers le linn a gceannairce san India. Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly], ó Bhealach an Tirialaigh (Co. na hIarmhí), a cuireadh chun báis san India i 1920.
Léiritheoir
Ó Conghaile, Seán
Aoi
Mac Suibhne, Brian
Dáta
16-04-1988
Tréimhsí Ama
28/06/1920: Ceannairc san India
Raon Tíreolaíochta
An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
An Pointe, An Cheathrú Rua, Co, na Gaillimhe
Bealach an Tirialaigh, Co. na hIarmhí
An India (Solan agus Jalandhar)
Fad na Míre
00:30
Contae
Contae Dhún na nGall
Ábhar na Míre
Arm na hÉireann
Na Gardaí Síochána
Na Connaught Rangers
Ceannairc san India
Aitheantóir
15811
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim
Site pages
Na Cuimhní Cinn