Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)

Item

Teideal
Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith Cúrsaí an Lae labhraíonn Máire Harris faoin litir a scríobh Pádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Arbhair ar an 30ú lá de Aibreán 1916 agus atá le dul ar ceant ar lá an chraolta. Tá praghas de €50,000-€80,000 luaite leis an litir seo. Is litir lámhscríofa í a scríobh an Piarsach tar éis dó géilleadh (tá roinnt cóipeanna clóbhuailte den litir chéanna ar an margadh). Is géilleadh oifigiúil agus treoir do na cinnirí míleata éirí as an troid atá sa litir. Bhí a fhios aige go raibh dream fós ag troid sna Ceithre Cúirteanna nach raibh sásta géilleadh, agus míníonn sé cén fáth a bhfuil an cinneadh déanta éirí as an troid – chun nach ndéanfaí tuilleadh slada ar mhuintir na cathrach agus ionas gur féidir a lucht leanúna féin a shábháil. Ghéill Pádraig Mac Piarais ar an 29 Aibreán 1916, agus mar sin tá dáta na litreach míchruinn. Críochnaíonn an plé le litreacha atá ag Máire Harris féin (óna seanathair a bhí sa phríosún i 1916) agus pléitear na deiseanna atá ann cáipéisí den sórt sin a chaomhnú.

[Aguisín: Seo a leanas téacs na litreach: ‘In order to prevent further slaughter of the civil population and in the hope of saving the lives of our followers, the members of the Provisional Government present at headquarters have decided on an unconditional surrender, and commandants or officers commanding districts will order their commands to lay down arms. P.H. Pearse, Dublin, 30th April 1916.’

Tar éis an mhír seo a chraoladh, íocadh €700,000 ar an litir ag ceant Adams Auctioneers. Bhí an litir ar díol arís ar 30 Aibreán 2016, agus iad ag súil go n-íocfaí €1.5m air. ]
Léiritheoir
Ó Flaithbheartaigh, Máirtín Jamsie
Aoi
Harris, Máire
Dáta
25-05-2005
Tréimhsí Ama
29/04/2016: Géilleadh an Phiarsaigh
25/05/2005: Litir le Díol
Raon Tíreolaíochta
Príosún Chnoic an Arbhair, Baile Átha Cliath
Fad na Míre
0.048
Contae
Contae Bhaile Átha Cliath
Ábhar na Míre
Éirí Amach na Cásca
Pádraig Mac Piarais
Géilleadh an Phiarsaigh
Príosún Chnoic an Arbhair
Aitheantóir
64052
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim