Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #2 (30/05/1994)

Item

Teideal
Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #2 (30/05/1994)
Cur Síos
Ar 27/05/1994 nochtadh leacht, ar Oileán Ghabhla, i gcuimhne ar bheirt fhear as an oileán - Charlie Phadaí Shéarlais Ó Dúgáin agus Padaí Dhónaill Phadaí a bhí ar bord an Asgard nuair a thugadar na gunnaí isteach go Binn Éadair i 1914. Tugtar léargas ar imeachtaí an lae sa chlár seo. Cuireann Eoghan Mac Giolla Bhríde fáilte roimh an slua. D’imigh Padaí Dhónaill Phadaí go Meiriceá gan mhoill ina dhiaidh sin. Labhraíonn Cathal Ó Baoill (nia le Séarlas Ó Dúgáin) faoin eachtra agus faoin gcomhthéacs. Luaitear gur roghnaíodh suíomh an leachta mar go raibh teach na beirte le feiceáil ón spota sin. Beannaíonn an tAth. Pádraig Ó Baoill an leacht agus labhraíonn Máire Ní Chochláinn, Teachta Dála, freisin.

Tá mír eile sa chartlann ina ndéantar níos mó cainte ar an ábhar seo (Uimh 65412).
Léiritheoir
Ó Cearnaigh, Timlín
Aoi
Bhríde, Eoghan Mac Giolla
Ní Chochláinn, Máire
Ó Baoill, An tAth. Pádraig
Ó Baoill, Cathal
Dáta
30-05-1994
Tréimhsí Ama
26/07/1914: Gunnaí i dtír i mBinn Éadair
27/05/1994: Leacht Cuimhneacháin á nochtadh
Raon Tíreolaíochta
Oileán Ghabhla, Co. Dhún na nGall
Binn Éadair, Baile Átha Cliath
Fad na Míre
00:21
Contae
Contae Dhún na nGall
Ábhar na Míre
Leacht Cuimhneacháin
An Asgard
Binn Éadair 1914
Airm
Aitheantóir
64708
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim