-
Teideal
-
Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983)
-
Cur Síos
-
Sa mhír seo, tá Seán Bán Breathnach i mbun comhrá le Séamas Ó Riain as Baile na Cille, in aice le Baile Locha Riach, Co, na Gaillimhe. Rugadh i 1913 é agus bhí sé ar an mbunscoil le linn aimsir na nDúchrónach. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla a tharla sa cheantar le linn an ama seo. Bhíodh eagla ar mhuintir an bhaile roimh na Dúchrónaigh agus ba mhinic a bhí orthu an teach a fhágáil ar fhaitíos go gcasfaidís leo. D’fheiceadh sé na Dúchrónaigh ag dul timpeall na háite ina gcuid leoraithe, agus déanann sé trácht ar fhear amháin a maraíodh nuair a caitheadh buama isteach ina theach ósta. Deir Séamas go raibh an saol crua nuair a bhí sé ina ghasúr mar go raibh cuirfiú i bhfeidhm ón 8pm, fiú i lár an tsamhraidh agus an ghrian ag taitneamh taobh amuigh. Tá cuimhne freisin aige ar an gCogadh Cathartha. Luann sé eachtra ar leith a tharla idir é agus saighdiúirí an tSaorstáit. Thógadar a mhadra (is cosúil go mbíodh na saighdiúirí sa tóir ar mhadraí ag an am) agus iad ag dul thar bráid lá amháin. Chuaigh sé suas ag an mbeairic ag fiosrú faoin madra. D’fhiafraíodar ainm an mhadra de, agus nuair dúirt sé gur Rebel a bhí air cuireadh an ruaig air. Ní bhfuair sé a mhadra ar ais uathu.
-
Léiritheoir
-
Breathnach, Seán Bán
-
Aoi
-
Ó Riain, Séamus
-
Dáta
-
06-11-1983
-
Tréimhsí Ama
-
1919-1921: Cogadh na Saoirse
-
1922-1923: An Cogadh Cathartha
-
Raon Tíreolaíochta
-
Baile na Cille, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
-
Contae
-
Contae na Gaillimhe
-
Ábhar na Míre
-
Cogadh na Saoirse
-
Na Dúchrónaigh
-
An Cogadh Cathartha
-
Saighdiúirí an tSaorstáit
-
Aitheantóir
-
22342
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim