Na Meáin Ghaeilge in Irisí an Phléaráca

Foilsíodh an chéad iris de chuid an Phléaráca in 1991, nuair a bhí cúrsaí faoi na meáin Ghaeilge, go háirithe Teilifís don Ghaeltacht, go mór i mbéal an phobail. Is ábhar plé é seo a chlúdaítear go cuimsitheach in Irisí an Phléaráca, ón mbliain sin go dtí gur foilsíodh an Iris deiridh in 2014.

Dar ndóigh, tá stair agus bunú an dá mhórchraoltóir Gaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 – go mór faoi chaibidil sna hIrisí. Téann Seosamh Ó Cuaig siar bóithrín na smaointe in 1991 agus é ag trácht ar Shaor-Raidió Chonamara agus an feachtas a bhí ann do raidió pobail do mhuintir na Gaeltachta. An bhliain dár gcionn, chruthaigh Pléaráca conspóid nach beag in eagarfhocal Iris an Phléaráca 1992, nuair a scríobhadh critique láidir faoi Raidió na Gaeltachta agus an freastal a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ag an am.

Tá an díospóireacht leanúnach idir an t-éileamh ar theilifís na Gaeilge agus ar theilifís na Gaeltachta le feiceáil freisin sna hailt seo, agus tá sé follasach nach róshásta a bhí roinnt de phobal na Gaeltachta faoi mholtaí an Choiste Bunaithe Teilifíse, a réitigh an bealach do Theilifís Náisiúnta na Gaeilge.

Tugtar léargas sna hailt seo, freisin, ar an mborradh a tháinig faoi chúrsaí scannánaíochta Gaeilge i gConamara, agus tá agallamh spéisiúil ann le Bob Quinn, a léirigh an chéad scannán Gaeilge sa tír. Tá na meáin chlóite mar ábhar anailíse freisin, agus tá aiste shuimiúil scríofa ag Éamon Ó Ciosáin faoin bpáipéar “An tÉireannach”, a d’imir tionchar nach beag ar phobal labhartha na Gaeilge idir 1934 agus 1937.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.