Eagarfhocal 1992: Raidió na Gaeltachta - Faoi Bhláth nó ag Meath?

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

"Is maith ann Radió na Gaeltachta. Sin é an rud is learr a d'fhéadfaí a rá fúithi. Agus ní beag mar mholadh é, go háirid nuair a chuimhníonn tú ar an méid rudaí ar an saol seo nach bhféadfá a rá gur maith ann iad.”

Scríobh an tAthair Eric Mac Fhinn, go ndéana Dia grásta air, an méid thuas san iris 'Tuairisc', i lár na seachtóidí. Muide, atá ag eagrú Pléaraca Chonamara '92, tuigeann muid gur maith ann do Radió na Gaeltachta. Bheadh sé fíor dheacair féile mar seo a eagrú gan an Radió. Tugann sé poiblíocht den scoth i gcónaí do imeachtaí áitiúla, ach an phoiblíocht a iarradh. Cuireann foireann oibre RnG imeachtaí i láthair, gan pingin ná leathphingin a iarradh. Craoltar imeachtaí ar an Radió, le deis a thabhairt do chuile dhuine sa phobal agus ar fud na tíre, an fhéile a bhlaiseadh. Murach Radió na Gaeltachta, gach seans nach mbeadh Pléaráca Chonamara ann, agus dá mbeadh sé ann is cinnte nach mbeadh sé chomh maith is atá.

Ach an méid sin ráite, níl muid sásta leis an Radió. Ceapann muid go bhféadfadh sé bheith i bhfad níos fearr. Tá foireann mhór oibre ann i gcomparáid leis na stáisiúin áitiúla. Tá coinníollacha maithe oibre ag an bhfoireann - pá mhaith, neart ama saor agus buansheasamhacht sa phost.

Gan fiacal a chur ann tá caighdeán cuid mhaith den ábhar a chraoltar as Conamara go dona. Briotaireacht cainte, fíor dhrochcheol go minic, easpa ullmhúcháin, líonadh ama, leadrántacht, easpa samhalaíochta, leisciúlacht, na lochtanna is mó atá le sonrú ar chuid de na cláracha. Bíonn cuid den cheol chomh dona sin gur deacair éisteacht leis. Léitear an nuacht chomh dona amanntaí gur deacair, bun ná barr a dhéanamh den scéal. Is féidir na lochtanna sin uile a leigheas ach an toil a bheith ann.

Tá lochtanna ar an ábhair chomh maith. Tá neart cúrsaí reatha ar an Radió idir Adhmhaidin agus Nuacht ach ní dhéantar aon chíoradh ceart riamh ar an Radió ar fhadhb ar bith a bhaineann leis an gceantar. Míreanna ó pholaiteoirí nó urlabhraithe is mó a bhíonn ar Adhmhaidin - soundbytes. Shílfeá go bhfuil cosc ar an Radió freastal a dhéanamh ar dhéagóirí.

Ba chóir an radió a oscailt don phobal éisteachta, tré dhíospóireacht a ghríosadh sa phobal faoi na hábhair is mó atá ag déanamh buartha do dhaoine. Ba chóir go mbeadh deis ag an bpobal glaoch isteach agus ceisteanna a chur ar pholaiteoirí nó casaoid a dhéanamh leo nó tuairimí a thabhairt. Tá an deis sin ar chlár Marion Finnucine, ar Radió 1. Níl an deis sin ag pobal na Gaeltachta ar Radió na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh cead ag coistí pobail, a gcláracha féin a dhéanamh le craoladh ar an radió.

Deirtear linn go bhfuil ganntanas foirne sa seomra Nuachta agus gur sin é an fath nach féidir an tseirbhís nuachta a fheabhsú. Ach tá iriseoiri curtha amú ag réiteach scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta i gCasla th'éis go bhfuil an nuacht ceannann céanna dhá cur le chéile i mBaile Átha Cliath ag foireann nuachta RTÉ. D'fhéadfaí triúr iriseoir a shaoradh, le dul ag obair ar nuacht áitiúl dá dtógfaí an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ó Bhleá Cliath, mar a dhéantaí i dtús ré an radió. Má tá iriseoirí RTÉ sách maith le mír na nuachtáin a dhéanamh gach maidin ar RnG, shílfeá go mbeidís inghlactha ag léamh na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Fuair Radió na Gaeltachta moladh mór faoi Cháisc, nuair a bhí an comóradh scór bliain ar bun. Is minic gur iad an dream is glóraí, a thuganns moladh mór don radió go poiblí, an dream is binibí dá cháineadh is ag gáirí faoin bhfoireann, go príobháideach. Teastaíonn cáineadh agus léirmheas féaráilte ón Radió chomh maith leis an moladh.

Tá Comhairle nua ceapaithe, le gairid ar an Radió. Níor tugadh mórán aird ar an gcomhairle deireannach a bhí ann. Go deimhin bhíodh cuid den fhoireann ag maíomh as an drochmheas a bhí acu ar an gComhairle. Is trua gur ar bhonn pholaitiúil agus ar bhonn chairdis leis an Aire, a piocadh an Comhairle nua. Ach sin ráite, tá súil againn go dtapóidh an Comhairle an deis, moltaí a chur os comhair ceannasaíocht an stáisiúin radió, a chuirfidh feabhas ar an seirbhís. Ar ndóigh ní fiú tada moltaí íontacha a chur le chéile, má tá socraithe roimh ré ag an gceannasaíocht gan aird ar bith a thabhairt orthu.

Sa gcaoi is go mbeidh sé le rá sa bhliain 2012 go raibh an tarna tréimhse scór bliain "faoi bhláth", iarrann muid ar fhoireann an Radió agus go mór mhór ar an gceannsaíocht, comhoibriú go hiomlán le Nioclas Ó Conchúir agus an Comhairle nua, le barr feabhas a chur ar an seirbhís. Mura mbeidh an comhoibriú sin ann, d'fhéadfadh sé tárlú gur ag meath a bheas Radió na Gaeltachta, sa scór bliain atá romhainn, gan tíocht faoi bhláth.