Gaol Ar Oileán

Máirín Mhic Lochlainn

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2013. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na dinnéir a bhíodh againn oícheanta Nollag agus mé i mo ghasúr - breams Árann agus béile breá fataí. Bhíodh muid ag faire ar fhear an phosta roimh aimsir na Nollag i gcónaí, mar bliain i ndiaidh bliana bhíodh litreacha ag teacht as Meiriceá ó m'aint Nan, agus ó Aint Biddy - aint le mo mhama ab ea Biddy, ach níor thug muid uirthi riamh ach Aint Biddy - agus ní gá dom a rá ná go mbíodh níos mó ná cártaí Nollag sna litreacha seo; go ndéana Dia trócaire orthu, ba ghroíúil iad. Bhí Pete Mhichael Saile as Baile an Fhormada in Inis Oírr amhlaidh, go ndéana Dia grásta air, mar chuile Nollaig beo chuireadh sé beart breams chugainn i gcomhair na Nollag - ba dheas iad!

https://www.cartlann.ie/files/original/3628f30ce56fc946274251b2495dc86a.jpg

Tigh Mhichael Salle

Anois, ní raibh gaol ar bith againn le Pete, ach gurbh aint le mo mháthair an chéad bhean a bhí ag a athair, agus cailleadh í thart ar 1905 agus í ag tabhairt páiste ar an saol; cailleadh an páiste chomh maith. Ní raibh sí ach ocht mbliana fichead. Julia Bhill a bhí uirthi ag baile i dTóin a' Chnoic, an baile céanna inár tógadh mé féin, agus rugadh agus tógadh ise sa teach céanna inár chaith mise na chéad chúig bliana déag de mo shaol; bhí mé ag teacht agus ag imeacht go dtí an teach céanna go dtí 1969, nuair a tógadh an teach nua. Chuala mé ó mo mháthair go mba cleamhnas a rinne Bill le Michael Saile, nó Michael Mhicilín a iníon a thabhairt le pósadh dó. B'shin é an nós a bhí ann ag an am. Bhí an bád mór Billeachaí ag Bill, agus bhíodh sé ag tarraingt móna go hÁrainn cosúil leis na bádóirí eile a mhair ag an am. Seans gurbh iomaí sin cleamhnas a déanadh ar an trí oileán - clann iníne na mbádóirí ag pósadh na nOileánach.

Phós Michael Saile, bean as an oileán ina dhiaidh sin. Bhí daoine de chlann Sailí pósta ar an gCloich Mhóir, ag an táilliúir John Choilm Dhioláin, agus ba mhinic a bhíodh mé féin agus Máirtín agus mamó ar cuairt acu nuair a bhí mé i mo ghasúr. Creidim gur iomaí sin bronntanas a thug sí dom agus mé i mo pháiste. Bean lách ghealgháireach a bhí inti, go ndéana Dia trócaire uirthi agus orthu ar fad atá imithe ar shlí na firinne anois. Bhí mé ar bhainis Mhary Mhichael Sailí, in éineacht le mo mhamó agus Sailí - Mary Árann, Sailí Árann, agus Pete Árann a tugadh orthu sa teach s'againne riamh. Bhí Bríd Árann ina cónaí i gCondae an Chábháin, bhí Máirtín agus Willie i Meiriceá, agus bhíodh siad ar fad ag scríobh chuig mo mháthair go rialta.

Ba é Willie an t-aon duine den triúr clainne a bhí ag Julia Bhill a mhair; cailleadh an dara mac nuair a bhí sé chúig bhliana le dóigh boilg (b'shin é an tainm a bhíodh acu ar appendicitis fadó), i dTóin a' Chnoic, mar tugadh amach as Inis Oírr é nuair a cailleadh a mháthair. D'fhan an dara clann a bhí ag Michael Saile i dteagmháil linn i gcónaí, go dtí gur cailleadh an duine deireanach den ghlúin sin, agus fós féin cuireann mac le Bríd Árann cárta Nollag chuig mo mháthair chuile bhliain ó cailleadh a mháthair, agus thug sé cuairt uirthi an bhliain chéanna. Chaith Willie tamall i dTóin a' Chnoic sul má chuaigh sé go Meiriceá go dtí a aint Peige i bPittsburgh. Chuir sí chuig scoil oíche é gur fhoghlaim sé le bheith ina bhricklayer, ach ní raibh mórán den chineál sin oibre le fáil i bPittsburgh, agus d'athraigh sé amach go San Francisco.

Ní gá dhom a rá ná go bhfuil nádúr agam leis an oileán, cé gur thóg sé blianta fada orm ceist a chur faoi na gaolta; agus ba í Mairéad Póil a threoraigh an bealach ceart mé, agus tá mé faoi chomaoin mhór aici - go raibh maith agat a Mhairéad. Casadh Mikey agus Peter - clann Phete Mhichael Sailí orm ó shin, agus tá fhios agam anois cá bhfuil an seanteach inár chaith Julia Bhill seal dá saol. Fuair mé pictiúr deas dhó ó Nóirín Uí Loideáin agus thug mé do mhama é; níor thug mama aon chuairt ar Inis Oírr riamh. Ní bean mhór taistil í mo mháthair, bail ó Dhia uirthi - ní léi a chuaigh mise mar is maith liomsa bheith ag taisteal - go mór mór amach go hInis Oírr, oileán álainn mara ina bhfuil daoine múinte geanúla agus an trá is deise in Éirinn.