Brabhsáil Míreanna (88 iomlán)

  • Foinse is exactly "Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta"

Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981)

San eagrán seo den tsraith chlár Blianta Faoi Bhláth cuireann Seán Ó Conghaile agallamh ar Thomás Ó Máille as Co. na Gaillimhe. Bhí sé sna hÓglaigh le linn aimsir na…

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach…

An Críochdheighilt: Socrú agus Cruthú Faidhbe (Gan Dáta)

T.P. Ó Néill le mír bheag staire Socrú agus Cruthú Faidhbe faoin tréimhse 1916-1922 in Éirinn. Fiosraíonn sé an cheist: Ar chruthaigh an chríochdheighilt pobail scoilte nó…

An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978)

Sa chlár Linn Féin É Seo – a craoladh mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca i 1978 - tugann Séamus Ó Buachalla, léachtóir oideachais i gColáiste na…

An tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe (06/04/1972)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, léacht ghearr ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Díríonn sé ar ar thit amach i…

An tÉirí Amach sna Meáin (11/04/1977)

Caitheann Nollaig Ó Gadhra súil siar ar thuairiscí na bpáipéir nuachta ar an Éirí Amach i 1916. Luann sé gur athraigh sprioc an Éirí Amach, nuair ba léir nach feachtas…

An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)

San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla (05 Samhain 1975) cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar fhear as Co. Chiarraí [00:00-11:36], agus ar fhear as ceantar Iorrais i Maigh Eo…

Ar theip ar an mbrionglóid? (13/03/1991)

Sa mhír fuaime seo, pléann Timlín Ó Cearnaigh Éirí Amach na Cásca agus fiafraíonn sé ar chóir go mbeadh muid ag ceiliúradh agus ag comóradh an Éirí…

Bás an Choileánaigh (23/08/1979)

Labhraíonn Tomás Ó Ceallaigh le Cormac Mac Cárthaigh - staraí a fhoilsíonn a chuid taighde san iris Agus - faoi bhás an Choileánaigh. Maíonn sé nach féidir brath ar…

Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986)

Craoladh an mhír seo, eagrán den tsraith chlár Adhmhaidin, 70 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca. Dar le Seán Ó Tuairisg, is beag cainte atá faoin ócáid.…