Fís ’74 – Céard a Tharla Di?

Dublin Core

Teideal

Fís ’74 – Céard a Tharla Di?

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tionóladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige i gConamara, an chéad uair ar tugadh an fheile mhór amach ón ardchathair go pobal Gaeltachta ó athbhunaíodh an tOireachtas sa bhliain 1939. Céim eile a bhí anseo sa straitéis a bhí á cur i bhfeidhm ó dheireadh na seascaidí ag ceannairí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta: ‘sé sin, tús áite a thabhairt do bhuanú agus do neartú na mbunphobal Gaeltachta in aon pholasaí nó in aon bheartas teanga a bheadh á cheapadh feasta ag an Stát nó ag gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge. An bunphobal Gaeltachta a chumasú le cur ar a shon féin: b’shin, i mbeagán focal, an fhís a bhí taobh thiar de ‘spiorad’ 1974 i gCois Fharraige. Cuspóir an ailt ghairid seo, comhthéacs nó fráma tagartha a thabhairt don spiorad nó don fhís seo, le focail scoir faoi cad d’imigh uirthi.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2015

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2015A13

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/875adeacdb35ee25b5a2944ed50e2212.pdf

Clibeanna

Tagairt

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, “Fís ’74 – Céard a Tharla Di?,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2327.