Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara

Dublin Core

Teideal

Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara

Ábhar

Raidió na Gaeltachta

Cur Síos

Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann. An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe. Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo. Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valera na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Seosamh Ó Cuaig

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1991

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1991A04

Fad

700

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/42d21699c5386b8db60b85ad3845c54e.pdf

Tagairt

Seosamh Ó Cuaig, “Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/249.