An Béaloideas agus an Pobal
Dublin Core
Teideal
An Béaloideas agus an Pobal
            Ábhar
Béaloideas
            Cur Síos
Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis gníomhach á chur san ábhar agus taifeadadh á dhéanamh air. I nóchaidí na haoise seo caite rinne beirt eachtrannach a gcion féin den obair seo, mar atá, Jeremiah Curtin, Meiriceánach, a thóg scéalta i gCill Chiaráin go háirithe, agus Holger Pedersen a bhailigh seanchas in lnis Mór, Árainn. Ní eachtrannaigh amháin, a bhí gafa leis an obair seo, áfach, agus táimid faoi chomaoin mhór ag daoine mar John Millington Synge, William Larminie, James Berry, Peadar Ó Direáin, Seán Mhac Giollarnáth, Séamus Mac an lomaire, Peadar Neilí Ó Domhnaill agus Seán Ó Conghaola as an léiriú cumasach ar ghnéithe éagsúla den saol traidisiúnta atá curtha ar fáil acu dúinn ina gcuid scríbhinní.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Pádraig Ó hÉalaí
            Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
            Dáta
1991
            Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
PL1991A05
            Fad
2300
            Clúdach Tíreolaíoch
Bailiúchán
Tagairt
Pádraig Ó hÉalaí, “An Béaloideas agus an Pobal,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://www.cartlann.ie/items/show/250.