Cluiche Dodhearmadtha 1939
Teideal
Cluiche Dodhearmadtha 1939
Ábhar
Cur Síos
I chuile eagrán den iris bhliantúil Pléaráca, ó foilsíodh an chéad cheann i 1991, bhí alt ann ag Séamas Ó Cualáin faoi chluichí móra peile agus iománaíochta ar fhreastal sé féin orthu. Bhásaigh Séamas roinnt seachtain ó shoin. Cé nach raibh sé ag aireachtáil go maith sa samhradh, bhí sé ag obair ar an alt seo agus d'iarr a mhac Ciarán orainn é a fhoilsiú mar go b'shin a bheadh a athair a iarraidh. Is léargas eile ar dhúthracht Shéamais i chuile rud a raibh plé aige leis, an tslacht agus an t-eolas a chuir sé isteach san alt agus tá an paisean a bhí aige don imirt ar an bpáirc peile ag léimt amach as an scríbhneoireacht. Aireoidh muid uainn Séamas go mór. Tá súil againn go bhfuil díospóireachtaí móra aige sna Flaithis leis na laochra peile sin a raibh an oiread sin mórtais aige astu agus má théann siad i muinín an phinn, nach mbeidh sé ró-ghéar orthu ó thaobh na gramadaí de. Déanann muid comhbhrón lena mhac Ciarán, a iníon Máire agus a chuid gaolta agus cairde go Iéir.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Dáta
2006
Teanga
ga
Cineál
Aitheantóir
PL2006A02
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Bailiúchán
Tagairt
Séamas Ó Cualáin, “Cluiche Dodhearmadtha 1939,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Márta 2023, https://www.cartlann.ie/items/show/466.