Atlantean

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá sé deich mbliana ó rinne Bob Quinn ATLANTEAN, an sraith doiciméide a cheistigh rud a dúradh linn ar scoil faoi ár gCeilteachas. Ghlac na scoláirí beagnach ar fad leis gur tháinig na Ceiltigh chugainn ón Eoraip agus gur shocraigh siad faoi dheireadh in Éirinn agus gur Cheiltigh muide mar sin. Ach th'éis dhó roinnt blianta a chaitheamh ina chónaí i gConamara, thug Bob Quinn faoi deara go mba í an fharraige a cheangail Deisceart Chonamara le chéile. Ba é siopa na gConroys i Ros Muc an siopa ba láidre a bhí ann mar go raibh sé lárnach do mhuintir na nOileán agus muintir Cill Chiaráin agus iad ag taisteal ar muir. Thug sé faoi deara chomh maith go raibh cosúlachtaí idir cultúr na Gaeltachta agus cultúr na mBerbers i dTuaisceart na hAfraice - an sean nós mar shampla.

https://www.cartlann.ie/files/original/af57e08a274d162331a9083d283545d4.jpg

Bob Quinn.

Thosaigh sé ag cartadh agus ní fhéadfadh sé ach tíocht aníos le freagra sásúil amháin, sé sin go mba Atlanteans muid ó cheart agus go raibh síbhialtacht Atlantean ann ag síneadh ó Thuaisceart na hAfraice ar imeall an Atlantaigh. Mar chuid de Phléaráca Chonamara taispeánfar ar scáileán ollmhór an chéad agus an tríú ceann den sraith Atlantean in óstán na Ceathrú Rua ar an Déardaoin, 15 Meán Fómhair ag tosnú ag 8.30pm. Tá go leor den scannánaíocht déanta i gConamara.

Tar éis an taispeántais beidh deis na ceisteanna a ardaíodh sa sraith a phlé i bhfianaise taighde nua atá déanta ó shin. Ar ndóigh tá taispeántas Grianghrafanna a thóg Bob Quinn anseo, sa Phoirtingéil agus i Malta ar siúl sa DÁMHLANN, an gailearaí nua-oscailte sa Spidéal. Is fiú go mór iad a fheiceáil.