Beathaisnéis Sheáin Mhic Giollarnáth

https://www.cartlann.ie/files/original/8191270fff26a1dc839e4741ceae8d70.jpg

Seán Mac Giollarnáth (1880-1970)

Breitheamh cúirte dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Rugadh é ar an 13 Meán Fómhair 1880 i gCoill an Bhogaigh, Goirtín, lámh le Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Breac-Ghaeltacht a bhí sa cheantar sin, agus ní raibh sé díograiseach faoin nGaeilge go dtí go ndeachaigh sé go Londain mar státseirbhíseach agus gur fhreastail sé ar ranganna Chonradh na Gaeilge. Is ann a chuir sé aithne ar Phádraig Ó Conaire agus ar Mhícheál Breathnach. D’éirigh sé ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) thall ag an am sin freisin.

Ar fhilleadh go hÉirinn dó i 1908, lean lena spéis i litríocht na Gaeilge. Bhí sé ina eagarthóir ar an gConnachtach i dtosach báire, foilseachán a eisíodh gach coicís agus nár mhair ach tréimhse ghairid. I 1909 tháinig sé i gcomharbacht ar Phádraig Mac Piarais mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis. Maidir lena chuid alt sa gClaidheamh Soluis, tugtar faoi deara gurb é ‘Mac Giollanatha’ an leagan Gaeilge a úsáideann sé ar dtús, agus ‘Mac Giollarnáth’ ó 1920 ar aghaidh. Foilsíodh ailt leis freisin faoi na hainmneacha cleite ‘Maine’ agus ‘Tadhg Ó Ceallaigh’. Bhí sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann ach níor ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí sé ar cuairt ar a mhuintir i nGoirtín ag an am. D’éirigh sé as a phost mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis i 1917.

Sa bhliain 1920, agus é dhá scór bliain d’aois, cháiligh sé mar dhlíodóir agus bhunaigh sé cleachtadh dlí i mBaile Átha an Rí. Sa bhliain 1925 ceapadh é ina bhreitheamh cúirt dúiche i gConamara agus d’fhan sé sa phost seo go ceann 25 bliain. Is le linn na tréimhse seo a cuireadh na lámhscríbhinní i mBailiúchán Mhic Giollarnáth le chéile. Nuair a chuaigh sé ar scor sa bhliain 1950 d’fhill sé ar a chleachtadh dlí i mBaile Átha an Rí. Fuair Seán Mac Giollarnáth bás ar an 28 Eanáir 1970.