Nóta Eolais don Úsáideoir

  • Tugtar “míreanna fuaime” ar an ábhar fuaime atá sa bhailiúchán seo. Cruthaíodh na míreanna fuaime ó na cláir a craoladh ar an Raidió – agus d’fhéadfaí gur giota ó chlár í an mhír fuaime, gur clár iomlán í, nó gur fuílleach de chlár ar baineadh ábhar amach uaidh atá ann.
  • Tá an aimsir láithreach in úsáid nuair atá cur síos á dhéanamh ar ábhar na míreanna fuaime (m.sh. “Labhraíonn sé…,” “Luann sé… “, srl.). Úsáidtear an cur chuige seo beag beann ar cén uair a ndearnadh an mhír a thaifeadadh ná a chraoladh. Tá sé seo amhlaidh fiú nuair atá an té atá ag caint imithe ar shlí na fírinne. .
  • Tá lúibíní cearnacha [] in úsáid nuair atá tagairt déanta d’ábhar nach bhfuil sa taifead fuaime – chun iomlánú a dhéanamh ar an ábhar, nó comhthéacs níos leithne a thabhairt dó, m.sh. “Déanann sé trácht freisin ar Ó Dálaigh [James Daly]….” .
  • Nuair atá am tugtha laistigh de na lúibíní cearnacha , m. sh. [14:30], ciallaíonn sé go bhfuil an téacs a leanann na lúibíní ag tagairt do phíosa cainte atá 14 nóiméad agus 30 soicind isteach sa mhír fuaime. .
  • Níl aon bharántas tugtha go bhfuil gach mír fuaime i gCartlann an Raidió a bhaineann leis an tréimhse faoi chaibidil le fáil sa bhailiúchán seo. Beifear ag cuir leis de réir mar is gá. .
  • Rinneadh iarracht cloí le nósmhaireacht agus le litriú www.logainm.ie nuair a luadh logainmneacha sna míreanna fuaime. .
  • Rinneadh gach iarracht ainmneacha daoine a litriú i gceart. .
  • Rinneadh gach iarracht an t-ábhar fuaime a craoladh sna míreanna a bhreacadh go cruinn. Má fheictear go bhfuil botún déanta, ná bíodh drogall ort an fhoirm theagmhála a úsáid agus ceartófar é. D’fhéadfadh na botúin a leanas a bheith i gceist: .
    • Botún Cló Ginearálta.
    • Ainm Duine litrithe mícheart (m.sh. Flatharta seachas Flaithearta) .
    • Ainm Áite litrithe mícheart nó ar bhealach nach bhfuil in úsáid go minic (Cloch Cheann Fhaola seachas Cloich Chionnaola) .
    • Dátaí míchearta.
    • Botúin eile sa tras-scríobh nuair a rinneadh achoimre ar na míreanna fuaime. .
    • Botún nó dearmad a rinne an té a labhair sa mhír fuaime. .