Scéalta ar Mhapaí

Is minic nach mbíonn seanfhondúirí a mhair sna blianta 1913-1923 ag iarraidh mórán cainte a dhéanamh faoin méid a chonaic siad agus na rudaí a rinne siad le linn na cogaíochta. De réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, nocht na seanfhondúirí roinnt de na rúin a bhí acu. Tá cuid den eolas seo sna míreanna fuaime ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ar an suíomh seo. Tugann na míreanna léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.

Cuireadh le chéile ocht dtaispeántas dírithe ar mhórthéamaí na tréimhse 1913-1923, ag úsáid an eolais atá i míreanna fuaime an bhailiúcháin seo. Dírítear, sna taispeántais seo, ar an bhfianaise uathu siúd a chonaic nó a ghlac páirt in eachtraí stairiúla na tréimhse. Déantar é seo mar gur bunfhoinsí staire iad seo, agus nach ábhar é seo a bhfuil eolas coiteann air. In áiteanna sna taispeántais, déantar tagairtí do mhíreanna fuaime ina bhfuil staraithe ag caint, chomh maith le daoine a d'fhoghlaim faoin stair óna gcuid gaolta siúd a bhí ann. Déantar seo chun níos mó comhthéacs a thabhairt don úsáideoir.

I ngach taispeántas, tá naisc sa téacs aibhsithe chuig na míreanna fuaime as ar tógadh an t-eolas. Déanann an téacs aibhsithe seo tagairt do cheantar tíreolaíoch atá ábhartha don mhír. Osclaíonn an nasc seo an mhír fuaime san áit chuí ar an mapa.