Na Míreanna Fuaime

Is iad seo a leanas na míreanna fuaime go léir ón mBailiúcháin Fuaime "Glórtha na Réabhlóide"

Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/f883937db3d1c199953c9f32f9f4110c.mp3

"An aithníonn tú mise?...Spíodóir a bhí ionamsa…" Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Matt Hackett, iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, as Tír Oileáin, ar imeall chathair…

Agallamh le Brian Mac Suibhne (16/04/1988)

https://www.cartlann.ie/files/original/51be5dc358cf13e1ad34cae4d69cb11c.mp3

Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann)…

Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

https://www.cartlann.ie/files/original/34b4b2983901f202a383f01ee1285383.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na…

Mícheál Ó Mainnín ag Díol na Muc (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/c120395abacdd4e72cb46468febe9fc5.mp3

Labhraíonn Mícheál Ó Mainnín faoin am a ndeachaigh sé le muca a dhíol i dTrá Lí, mí Feabhra [ceaptar gur i mí Márta a tharla an eachtra seo] le linn Chogaidh na…

Roibard Mac Góráin ag trácht ar Phádraig Mac Piarais (18/12/1979)

https://www.cartlann.ie/files/original/32c835eedb5868f69edc1bbee0e4fbb5.mp3

Is léacht é seo a thugann Roibard Mac Góráin faoi Phádraig Mac Piarais (1879-1916). Pléitear an Piarsach mar oide, mar scríbhneoir agus mar pholaiteoir. Déantar anailís freisin ar…

Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988)

https://www.cartlann.ie/files/original/8caa0e3f90a4003572b2949f041d6d9b.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar labhraíonn Beartla Choilimín Nuala Ó Flatharta as Cuileán, an Cheathrú Rua le Seán Ó Conghaile. Chuaigh an Flathartach leis na hÓglaigh…

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar Éirí Amach na Cásca (22/04/1976)

https://www.cartlann.ie/files/original/adc0d0e869f0f8295cc2d365d53d4015.mp3

Sa chlár seo (An tSeachtain Seo), a craoladh ar an 22 Aibreán 1976, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Seán Ó Tuairisg faoi Éirí Amach na Cásca. Pléitear comhthéacs an…

Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)

https://www.cartlann.ie/files/original/ef1df8af65c09537c3988f719cb8ef98.mp3

Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a…

Dánta an Phiarsaigh (26/07/1992)

https://www.cartlann.ie/files/original/2087f6d58f1b63fd52cacd8cfc3b6b7d.mp3

San eagrán seo de Mór Údair léann Mícheál Holmes na dánta agus na scéalta seo a leanas a scríobh Pádraig Mac Piarais agus déanann sé léirmheas orthu: Ar Ard…

Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/0463637dc58bf08ecdd0f4f6a637922b.mp3

Craoladh an mhír fuaime seo cothrom an lae 103 bliain ó rugadh Peadar Kearney in 1883. Baile Átha Cliathach a bhí ann, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Marino.…

James Stevens (26/12/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/6f01bf5aa753588f893fe49f29bd3029.mp3

Scríbhneoir den chéad scoth ab ea James Stephens, a scríobh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair…

Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/44a869fff0231091481b45c34c45a285.mp3

San eagrán seo de Cothrom an Lae tugtar tuairisc ar an tréimhse a chaith Seán T. Ó Ceallaigh (Uachtarán na hÉireann 1945-1959) sa phríosún tar éis Éirí Amach na Cásca…

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

https://www.cartlann.ie/files/original/a97e30e5dd25d3b6289f80d3b4448de2.mp3

Sa mhír ghearr fuaime seo as an tsraith chlár Blianta faoi Bhláth, tá Pádraig Pheter Ó Cualáin as Cor na Rón, Indreabhán, ag labhairt le Máirtín Davy Ó Coistealbha…

Agallamh le Pádraig Ó Céidigh (01/05/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/c486d2d63513658c2c029023c1f91db4.mp3

Cuireann Seán Bán Breathnach agallamh ar Phádraig Ó Céidigh (Pat Choilm Phádraig). Bhí Pat 93 bliain d'aois nuair a rinneadh an taifeadadh seo (ar an 1 Bealtaine 1987). Deir Pádraig go…

An tÉirí Amach sna Meáin (11/04/1977)

https://www.cartlann.ie/files/original/30c3707eb4d1f8fac8cdd85702c42148.mp3

Caitheann Nollaig Ó Gadhra súil siar ar thuairiscí na bpáipéir nuachta ar an Éirí Amach i 1916. Luann sé gur athraigh sprioc an Éirí Amach, nuair ba léir nach feachtas…

Léacht Sheosaimh Uí Chuaig faoi Cholm Ó Gaora (29/05/1976)

https://www.cartlann.ie/files/original/28a2974d5f263db17d97065910c08d11.mp3

Tugann Seosamh Ó Cuaig léacht faoin Óglach Colm Ó Gaora, as Ros Muc, le linn Éigse Ros Muc. Scríobh an Gaorach an leabhar Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn…

Bás an Choileánaigh (23/08/1979)

https://www.cartlann.ie/files/original/b5b7a47f34a29f7d2f70f966ec0afd08.mp3

Labhraíonn Tomás Ó Ceallaigh le Cormac Mac Cárthaigh - staraí a fhoilsíonn a chuid taighde san iris Agus - faoi bhás an Choileánaigh. Maíonn sé nach féidir brath ar…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #2 (10/11/1973)

https://www.cartlann.ie/files/original/9dd4544059a47a6d28df86e81c4c7691.mp3

Leanann Máirtín Ó Fátharta ar aghaidh lena phíosa cainte faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí ó leabhar an Ghaoraigh, Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na…

Léacht Chriostóir Mhic Aonghusa faoi Phádraig Mac Piarais (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/c0908ac7d6543d217265b9892f6cbf6d.mp3

Tugann Criostóir Mac Aonghusa léacht faoi Phádraig Mac Piarais. Tarraingíonn sé ar fhilíocht an Phiarsaigh, ina measc The Fool agus The Rebel, chomh maith le hóráid an Phiarsaigh sa…

Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/b29727c40d42cbc09f5f221f787d2245.mp3

Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse.…

Éamonn Ceannt agus Tomás Kent (1984)

https://www.cartlann.ie/files/original/78758869422f0f368bd95e12c80ed61a.mp3

Labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Breandán Feiritéar faoi bheirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, Éamonn Ceannt agus Tomás Kent. Tá an…

Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973)

https://www.cartlann.ie/files/original/bfca581284d490d62899203f36ac3888.mp3

Sa mhír seo den tsraith chlár Beatha Duine a Thoil cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Anraí (Harry) Ó Corrduibh (1914-1982). Rugadh i gCill Mhíchíl, Co. Chláir é agus bhog…

Agallamh le Tomás Ó Máille (21/03/1981)

https://www.cartlann.ie/files/original/e7cb2a7cec4548719195b51992db0bad.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Blianta Faoi Bhláth cuireann Seán Ó Conghaile agallamh ar Thomás Ó Máille as Co. na Gaillimhe. Bhí sé sna hÓglaigh le linn aimsir na…

Agallamh le Peadar Ó Máille (09/05/1981)

https://www.cartlann.ie/files/original/906ce0d278802c40d187190cf58550b7.mp3

San eagrán seo de Blianta faoi Bhláth tá Peadar Ó Máille (1895-1985) as Baile Logáin, Cor na Rón Thoir, Indreabhán ag caint ar an tréimhse a chaith sé in Óglaigh na…

An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978)

https://www.cartlann.ie/files/original/fe6ba5b5b01346d220b49ea065d28f15.mp3

Sa chlár Linn Féin É Seo – a craoladh mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca i 1978 - tugann Séamus Ó Buachalla, léachtóir oideachais i gColáiste na…

Luíochán Scríbe ón Leabhar Mise (29/05/1985)

https://www.cartlann.ie/files/original/ce68c6d19b465c0f0ee49624b57b59e2.mp3

Ag tús na míre tá Bob Quinn ag léamh sleachta ón gCuradh Connachtach ón 9 Aibreán, 1921. Is tuairisc é ar an méid a thit amach tar éis luíocháin i Scríb.…

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/2dba25f4cfee0fd2f5b379a64e24602f.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach…

Colm Ó Gaora (28/01/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/4e507e5763c381a40c94cb5b1239d976.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Mícheál Ó Conghaile faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear…

Seán Ó Conghaola ag trácht ar Chois Fharraige agus an Cogadh Mór (28/07/1989)

https://www.cartlann.ie/files/original/23d529db1e053c1689fc3cd4e47a022e.mp3

Labhraíonn Seán Ó Conghaola, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, faoin saol i gConamara le linn an Chogaidh Mhóir agus Chogadh na Saoirse. Rugadh é i 1903, agus sa seanchas cois teallaigh chloiseadh sé…

Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)

https://www.cartlann.ie/files/original/8db8dac049d741375642aac330127eb8.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí…

Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/a43dc56de0cc99a43ccd9f1cd4eeb423.mp3

Tá muintir Chill Aithnín, Tiarnaí Talún an Spidéil, Co. na Gaillimhe, faoi chaibidil sa chlár seo, atá curtha i láthair ag Maidhc P. Ó Conaola. Tá Teach Mór an…

An Piarsach agus na hÓglaigh (02/07/1979)

https://www.cartlann.ie/files/original/f6619a89504261589cbe792f3d8e0d83.mp3

Is léacht dar teideal An Piarsach agus na hÓglaigh é seo a thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, i siompóisiam a d’eagraigh Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Márta 1979, agus a…

An tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe (06/04/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/67691463174eca0092e6a45163815215.mp3

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, léacht ghearr ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Díríonn sé ar ar thit amach i…

Agallamh le Tomás Ó Dálaigh (11/11/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/98cb4ea8df798118d1cddbe5023d2af8.mp3

Sa chlár seo, labhraíonn Tomás Ó Dálaigh (Tom Daly) as Com Dhíneol, Co. Chiarraí, faoi sheanchas Chorca Dhuibhne. Labhraíonn sé faoi na rudaí a tháinig i dtír i…

Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad (29/06/1991)

https://www.cartlann.ie/files/original/0bd23ff8b421b46dbac94e58dfd3bbaa.mp3

Is iad seo Léacht 12 agus Léacht 13 ón tsraith léachtaí ar Éirí Amach na Cásca a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1991. I léacht 12, le Pádraig Ó Cuaig,…

Agallamh le Séamus Mac Gearailt (16/11/1977)

https://www.cartlann.ie/files/original/0e8661e1abc4cea2f51223ffcf7e0b78.mp3

Sa chlár seo labhraíonn Séamus Mac Gearailt, Óglach as Corca Dhuibhne, le Mícheál Ó Sé faoin saol ó dheas ó thús an Chogaidh Mhóir i leith. An chuimhne a bhí ag Mac Gearailt ná go raibh na héisc an-fhlúirseach aimsir an Chogaidh…

Agallamh le Peig Uí Riagáin (20/04/1981)

https://www.cartlann.ie/files/original/fa36b06170709f80afed82724d51f52b.mp3

Cuirtear agallamh sa chlár seo ar Pheig Uí Riagáin (1905-1999), as Baile na nGall, Co. Phort Láirge. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan agus chaith sí seal ag obair i mBaile Átha Cliath.…

Laochra na Rinne (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/8cc48eac45917650a02293140b0f0e25.mp3

Déanann Dóirín Mhic Mhurchú cur síos ar Laochra na Rinne i 1916, i gclár cainte agus filíochta. Déantar tagairt shonrach do bheirt as an Rinn a throid in éineacht leis an bPiarsach in…

Luíochán Upton (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/dc5cd5063a138ef20e2abacce804eefd.mp3

Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir…

Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/7eff9bda88642cec27322cc40f71c639.mp3

Sa chlár seo, [0:00 to 14:27] tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caint le Breandán Feiritéar faoi Éirí Amach na Cásca, faoi choincheap na híobairte agus faoi thionchar an Éirí…

Traolach Mac Suibhne (25/10/1995)

https://www.cartlann.ie/files/original/ecee477242f3f22ad35399f9eafab7c0.mp3

San eagrán seo den Saol Ó Dheas labhraíonn Máire Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, le Helen Ní Shé. Chaith Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí, 73 lá ar staic ocrais sula…

Agallamh le Séamus Máirtín (14/07/1975)

https://www.cartlann.ie/files/original/dd7675c13a8e3d61a4e1b97489a0b899.mp3

Cuireann Mícheál Ó Sé agallamh ar Shéamus Máirtín (14 Iúil 1975), gréasaí as na Gorta Dubha, ina ndéantar cur síos ar na Dúchrónaigh i gCorca Dhuibhne.…

Agallamh #1 le Sighle Humphreys (22/03/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/6bb8a8c39f6f9e4640c430ed5825950d.mp3

Téann Sighle Humphreys (1899-1994) siar ar bhóithrín na smaointe in agallamh le Helen Ní Shé. Rugadh in aice le Páirtín, Co. an Chláir, í agus ba dheirfiúr a máthair le…

Agallamh #2 le Sighle Humphreys (29/03/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/aad772a9071abb02f45012b42564c083.mp3

Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Shighle Humphreys sa chlár seo, a craoladh ar an 29 Márta 1987. Rugadh in aice le Páirtín, Co.an Chláir í agus ba dheirfiúr a máthair le…

Frank Ryan (10/06/1985)

https://www.cartlann.ie/files/original/2c92ee1704c8c2a05eb5b3ade737637e.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh faoin bpoblachtánach agus an sóisialach, Frank Ryan, a rugadh i gCo. Luimnigh i 1902. D’fhreastail sé ar…

Liam Ó Loinsigh (02/04/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/4c00cf2bea5c03e5b763a55ed19bdfbd.mp3

Labhraíonn an Seanadóir Mícheál Cranitch faoi Liam Ó Loinsigh. Bhí comóradh bliantúil an Loinsigh ar bun le gairid i reilig Cill Chruimthir in aice le Mainistir Fhear Maí, Co.…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)

https://www.cartlann.ie/files/original/a136bc0b94542432cfeee0a40825de7d.mp3

Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol…

An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)

https://www.cartlann.ie/files/original/f3f3da8fff0c2f74b145c7a6e9876ad6.mp3

San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla (05 Samhain 1975) cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar fhear as Co. Chiarraí [00:00-11:36], agus ar fhear as ceantar Iorrais i Maigh Eo…

Agallamh le Tadhg Ó Cualáin (08/03/1976)

https://www.cartlann.ie/files/original/93f44a8a2946e7516e3df2c639c049ae.mp3

San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Thadhg (Tim Johnny) Ó Cualáin, ón Spidéal, Co. na Gaillimhe. Ba leis an…

Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998)

https://www.cartlann.ie/files/original/b2dd8c8b1711172b3695c761ef5bb046.mp3

Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Sheán Dillon, atá ag ceiliúradh a lá breithe ar lá an chraolta – tá sé 100 bliain d’aois. Déantar cur síos ar a shaol, ar an…

Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993)

https://www.cartlann.ie/files/original/030acc6d4d529516f86ba7f62adbad84.mp3

Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí…

Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)

https://www.cartlann.ie/files/original/6d8906f696afcbd503cff3f2d53ea089.mp3

Sa gclár seo, a craoladh ar an 12 Samhain 1993, cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice…

Niall Pluincéad Ó Baoighill #2 (18/07/1996)

https://www.cartlann.ie/files/original/6fe83e4f142ab903525501696d5687c0.mp3

Tá an dara heagrán den leabhar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Uí Baoighill foilsithe agus labhraíonn an t-údar Pádraig Ó Baoighill le Séamus Mac Géidigh. Deir an…

Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/a3d9d5506d9fd1b64bacf20f333f9aef.mp3

San eagrán seo de Beatha Duine a Shaol tá Cormac Ó Breisleáin (1902-1978), iar-Theachta Dála (ó 1937-1977) agus iar-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann (ó 1967-1973), ag caint le…

An Críochdheighilt: Socrú agus Cruthú Faidhbe (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/bd26896b070f347ee0fe4185c949b97b.mp3

T.P. Ó Néill le mír bheag staire Socrú agus Cruthú Faidhbe faoin tréimhse 1916-1922 in Éirinn. Fiosraíonn sé an cheist: Ar chruthaigh an chríochdheighilt pobail scoilte nó…

Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)

https://www.cartlann.ie/files/original/d77e60f48e482d35acab78ed6d2d143f.mp3

San eagrán seo den tsraith Cúrsaí an Lae labhraíonn an Dr Mary Harris faoin litir a scríobh Pádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Arbhair ar an 30ú lá de Aibreán 1916 agus…

Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #2 (30/05/1994)

https://www.cartlann.ie/files/original/6290b3b7da958a022a6f5714efc9b101.mp3

Ar 27/05/1994 nochtadh leacht, ar Oileán Ghabhla, i gcuimhne ar bheirt fhear as an oileán - Charlie Phadaí Shéarlais Ó Dúgáin agus Padaí Dhónaill Phadaí a bhí ar bord an…

Leacht Cuimhneacháin Ghabhla #1 (26/05/1994)

https://www.cartlann.ie/files/original/476abc7977c3b039b63e3eaaf82340d4.mp3

Tá Cathal Ó Baoill (bhí a uncail ar bord an Asgard), Uinsionn Ó Breisleáin agus Máirín Uí Fhearraigh (tá siad beirt ar an gcoiste eagraithe) ag caint faoin leacht cuimhneacháin…

Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994)

https://www.cartlann.ie/files/original/044b64370db9e35930fe3f49fef33849.mp3

Déanann Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste agus Co. Mhuineacháin cur síos ar a shaothar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Ó Baoighill atá le seoladh anocht (09/12/1994). Sa leabhar seo cuirtear síos ar Niall Pluincéad Ó Baoighill…

Súil Siar ar Éirí Amach na Cásca 1916 (06/04/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/b8943c32cea32290d2f26ff9e01618a0.mp3

Tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caitheamh súil siar ar roinnt d’imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916 sa chlár seo. Déantar trácht ar chúiseanna agus ar…

Cuimhní Cásca: Agallaimh Éagsúla (03/04/1972)

https://www.cartlann.ie/files/original/e214aead0d431f6e707ea40955a27c50.mp3

Cuireann Seán Ó Loinsigh agus Aingeal Ní Chonchubhair Cuimhní Cásca i láthair. Is clár fada é seo ina labhraítear le daoine éagsúla ó Chonamara, Gaoth Dobhair, Corca…

Agallamh le Maidhc Dan Ó Flatharta (04/11/1981)

https://www.cartlann.ie/files/original/b029f97f4e1d2b2fc9506740dd7c7485.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, labhraíonn Maidhc Dan Ó Flatharta as Cuileán, ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, le Seán Ó Conghaile. Chuaigh Maidhc isteach in Arm na…

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976)

https://www.cartlann.ie/files/original/2d6ac51e27dad7c55a0acd80baaafd28.mp3

Sa mhír seo, labhraíonn Seán Ó Tuairisg faoin mórshiúl a d’eagraigh Sinn Féin agus na Sealadaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in Aibreán na bliana 1976,…

Agallamh #2 le Tomás Ó Loideáin (06/11/1992)

https://www.cartlann.ie/files/original/00ddd6cd31857d6ed97fb1fb11f74a69.mp3

Cuireann Máirtín Davy Ó Coisdealbha agallamh ar Thomás Ó Loideáin, as an Tuar Beag, an Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá litir ó Phádraig Mac Piarais i bhfráma ag…

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (11/02/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/67d1eb2295ecc5d51de02f688860e22c.mp3

Tá Pádraig Creavan Ó Cualáin (as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe) ag caint le Máirtín Jamsie Ó Flaithbheartaigh san eagrán seo de Iris Aniar. Bhí Pádraig san IRA i 1918, in…

Seosamh Ó Cuaig ag Éigse Ros Muc (02/04/1991)

https://www.cartlann.ie/files/original/ef405c3d5b55c2c6d1ab40794aa50fc0.mp3

Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus…

Tamhain agus an Réabhlóid (1973)

https://www.cartlann.ie/files/original/ff1036989d729821ac3a92f3de7b3c55.mp3

Labhraíonn Seán Ó Tuairisg le Tomás Ó Fathaigh as Tamhain, oileán in oirthear Chuan na Gaillimhe. Chaith Tomás an chuid is mó dá shaol ar an oileán, seachas tréimhse ghearr…

Seosamh Mac Craith (26/03/1987)

https://www.cartlann.ie/files/original/0df280011a82964d74ef2910d1de52b5.mp3

Labhraíonn Diarmaid Breathnach faoi Sheosamh Mac Craith, réabhlóidí, polaiteoir agus fear gnó, san eagrán seo den tsraith chlár Cothrom an Lae. D’fhág Mac Craith an scoil nuair a…

Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983)

https://www.cartlann.ie/files/original/a7149e046a4db316b78cbf3199312802.mp3

Sa mhír seo, tá Seán Bán Breathnach i mbun comhrá le Séamas Ó Riain as Baile na Cille, in aice le Baile Locha Riach, Co, na Gaillimhe. Rugadh i 1913 é agus bhí sé ar an mbunscoil…

T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)

https://www.cartlann.ie/files/original/e3d874e2f64582857b21ae808829f2a0.mp3

Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P.…

Agallamh le hAodh Ó Tuama (11/11/1974)

https://www.cartlann.ie/files/original/eea531012caf50ffb37a7945e07675b5.mp3

Labhraíonn an Corcaíoch, Aodh Ó Tuama, a bhí 84 bliain d’aois nuair a craoladh an mhír seo, le Breandán Feiritéar. Is in aice le Baile Bhuirne a rugadh Ó Tuama, agus déantar cur…

Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993)

https://www.cartlann.ie/files/original/39270d12ba257bbb16973535bed8773f.mp3

Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid…

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

https://www.cartlann.ie/files/original/9bacca0c3188d2a0772e2a494d1e5665.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a…

Léacht Uí Thuathaigh ag Oireachtas 1976 (02/09/1976)

https://www.cartlann.ie/files/original/53b11e09bc26600a2812144cef1f3967.mp3

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, staraí, léacht faoi Éirí Amach na Cásca ag Oireachtais 1976. Déanann sé comparáid idir comóradh an leathchéid, i 1966, agus an…

Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982)

https://www.cartlann.ie/files/original/ea2105bb5fd685fc3bc33671508be999.mp3

Agus muid ag comóradh 60 bliain ó maraíodh Mícheál Ó Coileáin, tugann an Dr Leon Ó Broin cuntas ar a shaol agus ar a bhás. Díríonn sé ar a shaol mar…

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

https://www.cartlann.ie/files/original/704e368af9f320804cf9e95c57f379ac.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an…

Máirín Quill ag trácht ar an gCuntaois Markievicz (07/12/1993)

https://www.cartlann.ie/files/original/62380f1795534326f4aa5ffcdf5999b6.mp3

Labhraíonn Helen Ní Shé le Máirín Quill, Teachta Dála i gCorcaigh, faoin gCuntaois Constance Markievicz, an chéad bhean a toghadh i nDáil Éireann. Tá comóradh le…

Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002)

https://www.cartlann.ie/files/original/30208d3523968c5b773b504399aef618.mp3

Déanann Pádraig Ó Cuanacháin (1932-2008), scríbhneoir agus staraí as Corcaigh, cur síos ar Thomás Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, a scríobh litir cháiliúil chuig an…

Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/cb3b37dc4007dc3e493f8f88dd5eae1d.mp3

Labhraíonn Aindrias Ó Muineacháin, údar agus bailitheoir béaloidis, le Mícheál de Mórdha. Rugadh Ó Muineacháin i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh,…

Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974)

https://www.cartlann.ie/files/original/7f45b8b0e3f2c0080e87cd363826c232.mp3

Is cuid d’agallamh a rinneadh le Peats Cháit Ó Flaithearta ó Chlochar, Corca Dhuibhne é seo. Bhí Ó Flatharta sna hÓglaigh le linn thréimhse an Éirí Amach i 1916. Cuireann…

T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/705847d93484dfbc183febb2cdbd9f9d.mp3

Labhraíonn an staraí, T.P. Ó Néill, le Breandán Feiritéar faoi Sheán Mac Diarmada. Deir sé leis nach bhfuil an oiread céanna eolais againn faoi Mhac Diarmada agus atá faoi…

Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

https://www.cartlann.ie/files/original/63ab6540423b17cddd42aadb4e29a0e9.mp3

Craoladh an clár seo faoi Phádraig Ó Siochfhradha (‘an Seabhac’), údar na leabhar Jimmy Mháire Thaidhg agus An Baile S'Againne, i measc foilseachán eile. Rugadh é i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, in 1883 - 100 bliain sular…

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

https://www.cartlann.ie/files/original/500ea52cbd7989b96b2f9045ca784188.mp3

Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is…

Tomás Ághas (02/01/1985)

https://www.cartlann.ie/files/original/ba82674a8c469be2ad074759e8ff9ddf.mp3

Is clár é seo faoi Thomás Ághas (1885-1917), píobaire na Mine Airde mar a thugtaí air. Rugadh i dTeampall Chinn Aird, in aice le Lios Póil, Co. Chiarraí, é in 1885. Normannaigh ba ea a…

Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003)

https://www.cartlann.ie/files/original/8bf2568df451f2637f34d7f5bc27aceb.mp3

Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Tá Neans pósta ar Oileán Dhairbhre agus tá a…

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #1 (03/09/1975)

https://www.cartlann.ie/files/original/d157199bef0bd976bcea0e0a4a85f4fb.mp3

Déanann Gearóid Ó Tuathaigh, a bhí mar léachtóir le stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, cur síos ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, a rugadh i Nua-Eabhrac in 1882. Chuaigh…

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975)

https://www.cartlann.ie/files/original/b84a284fff18e78ec6e7c45fed6eb345.mp3

I gcuid a dó (tá cuid a haon [anseo]) de chur síos Ghearóid Uí Thuathaigh ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, díríonn an staraí ar an tréimhse ina shaol ó Bhealtaine…

Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986)

https://www.cartlann.ie/files/original/db8f0b703f2383f985e3b81bc153be02.mp3

Craoladh an mhír seo, eagrán den tsraith chlár Adhmhaidin, 70 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca. Dar le Seán Ó Tuairisg, is beag cainte atá faoin ócáid.…

Conablaigh Conallacha (16/11/1979)

https://www.cartlann.ie/files/original/140113d246ab17927a073efcdff61e7f.mp3

San eagrán seo den chlár Conablaigh Conallacha labhraíonn Pól Ó Gallchóir leo siúd a bhfuil cuimhne acu ar na blianta corraitheacha sin idir an Éirí Amach i 1916 agus an Cogadh Cathartha.…

Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004)

https://www.cartlann.ie/files/original/3fac5243de519a6287fac74e5235c48c.mp3

Le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916, tarraingíonn an clár seo, atá á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig agus a craoladh in 2004, ar mhíreanna fuaime…

Ar theip ar an mbrionglóid? (13/03/1991)

https://www.cartlann.ie/files/original/cfd65483ef97bd1564ff02101e8a27b6.mp3

Sa mhír fuaime seo, pléann Timlín Ó Cearnaigh Éirí Amach na Cásca agus fiafraíonn sé ar chóir go mbeadh muid ag ceiliúradh agus ag comóradh an Éirí…

Tomás Ó Domhnaill (28/08/2001)

https://www.cartlann.ie/files/original/2e56d7c296e2e77d975105624d96ae8a.mp3

Is clár faisnéise é seo faoin náisiúnaí agus an polaiteoir Tomás Ó Domhnaill (1871-1943), as Lios Cearnaigh, An Baile Dubh, Co. Chiarraí. Bhí Ó Domhnaill ina fheisire i bParlaimint Westminster ó 1900 go 1918 do Chiarraí Thiar. Ba…

Luíochán Thuar Mhic Éadaigh (03/03/2005)

https://www.cartlann.ie/files/original/b7542226369827ddce0fcd109a27d408.mp3

San eagrán seo den tsraith chlár Ard Tráthnóna labhraíonn Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha le Tomás Ó Máille faoin luíochán mór le rá a…

Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)

https://www.cartlann.ie/files/original/dd3e8a26694dcd5dd63e2e3930780025.mp3

Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil…

Clár faoi Pat 'Aeroplane' Ó Sé (22/09/1977)

https://www.cartlann.ie/files/original/bf43203491659c4fd92f09c9856d3e2f.mp3

Is clár i gcuimhne ar Pat 'Aeroplane' Ó Sé é seo. Rugadh Ó Sé in 1889, agus bhuaigh sé dhá bhonn sinsir peile le foireann Chiarraí i 1913 agus i 1914. Peileadóir cumasach ba ea…

Agallamh le Neans Uí Shuibhne (22/01/1996)

https://www.cartlann.ie/files/original/3eca22130449a7c8e55b96490e4cbce3.mp3

Sa chlár seo, labhraíonn Neans Uí Shuibhne (Ní Shúilleabháin) le Diarmaid Ó Súilleabháin. Rugadh í i gCill na Martra, Múscraí, Co. Chorcaí in 1898. Ghlac beirt…

Agallamh le Liam Ó Briain (11/11/1962)

https://www.cartlann.ie/files/original/0b71d8da45f44c60b64dfef37099a07e.mp3

Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Liam Ó Briain (1888-1974). Rugadh Ó Briain i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina…

Cuairt ar Theileann (16/05/1977)

https://www.cartlann.ie/files/original/002bf92e2cf62d5ec894985543c6ddbc.mp3

Sa chlár seo, labhraíonn Mícheál Mac Giolla Easbuic le daoine as Teileann, Co. Dhún na nGall. Déanann Aodh Ó Beirn cur síos ar a shaol i dTeileann. Labhraíonn sé faoin iascaireacht…