1969 - Bliain na gCearta Sibhialta i gConamara

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1999. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

“If anybody was entitled to march and protest for their civil rights it was the nation's lrish speaking community''

[Máirtín Ó Cadhain, ag labhairt dhó i UCD ar an 10/3/69]

Tríocha bliain ó shoin bhain Peadar Mac an lomaire creathadh as an rialtas. Bhailigh sé 1522 vóta i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar san ollthoghchán i 1969, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialata na Gaeltachta, eagraíocht a bunaíodh 2 mhí sar a fógraíodh an ollthoghchán. Is ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Domhnach 23 Márta i Seanscoil an Chnoic, a bunaíodh Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta, mar a ghlaodh air ag an am. D'eascair an cruinniú as agóid, ag Teach Furbo (Connemara Coast Hotel a thugtar ar anois) cúig lá roimhe sin. Eagrán den clár teilifíse Quicksilver - seó quiz - a bhí dhá thaifeadadh ag RTÉ san óstán. Mar agóid in éadan RTÉ ag déanamh clár i mBéarla sa Ghaeltacht, d'eagraigh baill de Chumann Forbartha Chois Fharraige agus baill de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh picéad ar an óstán agus cuireadh ceathrar isteach le cur as don teilifísiú. Socraíodh an oíche sin tíocht le chéile an Domhnach d'ár gcionn.

 An picéad taobh amuigh de Theach Furbo, mí na Márta 1969.

An picéad taobh amuigh de Theach Furbo, mí na Márta 1969. Is as a d'eascair an cruinniú ag a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhíalta na Gaeltachta.

Ar an Domhnach bhí an seomra ba mhó sa Seanscoil ag cur thar maoil. Peadar Mac an lomaire a bhí sa gcathaoir. Pléadh go leor fadhbanna a bhí ag pobal na Gaeltachta i gConamara, idir cúrsaí teangan, easpa seirbhísí bunúsacha ar nós uisce agus easpa fostaíochta. Léadh litir ó Dheasún Fennell, fear a bhí tagaithe chun cónaí go Maighinis lena bhean Mary tamall roimhe sin, ag moladh "Údarás Áitiúil don Ghaeltacht"a bheith mar chéad cloch ar a páidrín ag aon eagraíocht nua a bhunófaí. Socraíodh dul ar aghaidh le bunú Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus toghadh coiste. B'as ceantar an Chnoic do na hoifigigh go léir - Peadar Mac an Iomaire, Ruaidhrí Ó Tuathail, Pádraig Ó Coincheanann, Tomás Ó Ráighne, Joe Steve Ó Neachtain agus Maidhc Beag Ó Conghaile. Toghadh na hionadaithe ceantair seo leanas chomh maith: Joe Sheáinín Ó Tuairisg (Carna, áit a raibh sé ina chónaí ann ag an am); Seosamh Ó Cuaig (Cill Chiaráin); Tom Conroy (Ros Muc); Josie Gibbons (Camus); Coilmín Tom Ó Donncha (Tír an Fhia); Ruairí Ó Conchúir (Leitir Móir); Willy Pháidín Mac Donncha (An Cheathrú Rua); Micheál Mac an Iomaire (Ros a' Mhíl); Peadar Cháit Ó Conaola (An Tulach); Pat Willy Mac Donncha (Na Minna). Tá sé suntasach nár roghnaíodh an oiread is bean amháin ar an gcoiste de seisear déag. Ach ba dhaoine óga sna fichidí a bhformhór.

Go gairid ina dhiadh sin tugadh cruinniú le chéile i nDoire Né, ag a socraíodh liosta aidhmeanna don ghluaiseacht nua. Bhí "Údarás Áitiúl Pleanála agus Forbartha d'Iarchonnacht - Gaeltacht Chonamara" ar an gcéad cheann agus bhí "Raidió Áitiúil don Ghaeltacht" ar an gceann deireannach.

Mí tar éis a bunaithe thaisteal Cearta Sibhialta go Bleá Cliath le picéad a chur ar Theach an Chustaim, áit a raibh cruinniú ar bun idir Rúnaí Parlaiminte na Gaeltachta, Pádraig Faulkner T.D.; an tAire Rialtais Áitiúil, Kevin Boland T.D. agus ionadaithe ó na Comhairlí Chontae Gaeltachta. D'oibrigh an agóid. Scaoileadh isteach toscaireacht ón bpicéad chun a gcuid éilimh a chur os comhair Pádraig Faulkner T.D., an Rúnaí Parlaiminte ar Roinn na Gaeltachta. Pléadh Údarás Áitiúil don Ghaeltacht; scéimeanna uisce; céibh nua Ros a' Mhíl, a raibh baol mór ag an am gur i nGaillimh a thógfaí é; fadhb na dtéacsleabhair Ghaeilge sa Ghaeltacht;cead pleanála dhá dhiúltú do mhuintir na háite; praghas na móna sa stáisiún móna i Scríb agus nithe eile.

Tugadh neart poiblíochta sna meáin náisiúnta don agóidíocht agus do na ráitis éagsúla a d'eisigh Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí ceist na Gaeltachta ardaithe agus dhá plé go poiblí agus go forleathan don chéad uair le fada an lá. Mar a dúirt Seosamh Ó Cuaig san Irish Times i 1975: "Mhair muid ar feadh cúig bhliana ar bhlaisteanna flaithiúla poiblíochta ar mhór an sásamh croí iad go pearsanta ach ar bheag a dtairbhe nuair nach raibh an téagar ná an gníomh ag cur leo go minic. "

Olltoghchán 1969

"Ní dhéarfa mé faoi anseo ach gur thosaigh muid gan pínn airgid, gan aon eagar ná aon eagras arbh fhiú trácht air, gan aon eolas againn ar chúrsaí toghcháin, sa Dáilcheantar is duibhe Paisleyúla Fianna Fáil sa tír."

Máirtín Ó Cadhain, 'Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae'

 Máirtín Ó Cadhain ag tabhairt faoi Fhianna Fáil agus an neamart a bhí déanta acu ar an nGaeltacht.

Máirtín Ó Cadhain ag tabhairt faoi Fhianna Fáil agus an neamart a bhí déanta acu ar an nGaeltacht, ag cruinniú poiblí ar an bhfaiche Mór i nGaillimh, le linn an fheachtais toghchánaíochta i 1969. Taobh leis tá iarrthóir na gCearta Sibhialta, Peadar Mac an lomaire, Frank Flannery agus Seán Ó Tuairisg, an craoltóir. Tá muid buíoch do Sheán Ó Tuairisg as ucht an ghrianghraf a chur ar fáil dúinn.

Dhá mhí tar éis bunú Chearta Síbhialtana Gaeltachta, d'fhógair an Taoiseach, Jack Lynch, go mbeadh toghchán ann ar an 18 Meitheamh. Feachtas gearr binbeach gránna a bhí ann. Jack Lynch, ag troid a chéad toghchán mar Thaoiseach. Páirtí an Lucht Oibre ag cur polasaithe raidiciúla ar chlé chun cinn agus ag deimhniú nach nglacfaidís páirt i gComhrialtas. Fine Gael ag gealladh go gcuirfhidís deire le "Gaeilge Éigeantach" sa Státseirbhís agus san Ardteist. Neart salachair dhá chaitheamh faoi thalamh a dhíol Charlie Haughey (F.F.) agus talamh a dhíol Justin Keating (Lab). Blaney ag cur i leith Labour go raibh siad i ngreim ag Cumannaigh. Sa toghchán níor sheas ach 27 iarrthóir neamhspléach, ina measc bhí Proinnsias Mac Aonghusa ag seasamh ar son na Gaeilge i nDún Laoghaire, agus bhí an fear óg Peadar Mac an lomaire ag seasamh ar son na Gaeltachta i nGaillimh Thiar.

"Mac an Iomaire himself is a slightly paunchy 24, a fresh faced, almost cherubic, native speaker who drives an ancient Volkswagon. His home is among the graveyard-like fields which surround Inverin on the west Galway coast...This is the Connemara Gaeltacht, launching pad for 5,000 adult emigrants in the 10 years between 1956 and 1966."

Sin é an tuairisc ar Pheadar a thug an t-iriseoir Michael Heney san lrish Times roimh an toghchán.

Is cinnte go raibh scrios déanta ar phobal Chonamara ag sruth imirce na gcaogaidí is na seascaidí. Do réir taighde a rinne Colm Ó Donncha ní raibh in Éirinn ach 10% de na páistí a rugadh i gCeantar na nOileán (Gorumna agus Leitir Mealláin) idir 1940 agus 1949. Bhí beagnach 80% acu i Sasana. B'é seo ba mhó a spreag an glún óg i gConamara chun Cearta Sibhialta a iarraidh dá bpobal dúchais, a raibh díothú in ndán dhó, mura ndéanfaí rud éicint.

Bhailigh feachtas Mhic an lomaire tacaíocht go sciopthaidh. Máirtín Ó Cadhain ag bailiú airgid sa phríomhchathair. Peadar O'Donnell ag cur comhairle ar Chearta Sibhialta faoi chanbhasáil. Meitheal i mBleá Cliath le seoltaí a chur ar na 35,000 clúdaigh litreacha, ina measc an tOllamh Tomás de Bhaldraithe agus an file Caitlín Maude. D'éirigh le Ó Cadhain, síntiús £50 a fháil ó Cheannasaí Gael Linn, Dónall Ó Móráin. Mar an chéile an £50 sin agus £750 in airgid an lae inniu.

Daoine éifeachtacha a bhí gníomhach le Ó Cadhain san eagraíocht Misneach i lár na seascaidí, thánadar go Conamara le cúnamh a thabhairt leis an bhfeachtas: Seán Ó Laighin, Cian Ó hÉigeartaigh, Seán Ó Beacháin agus Séamas Ó Tuathail. Bhí cleachtadh áirithe bailithe ag Misneach ón tacaíocht toghchánaíochta a thug siad don poblachtánach neamhspléach Joe Christle, a sheas i mBaile Átha Cliath i 1965.

Chuir Seán Ó Beacháin eagar ar an gcanbhasáil i gConamara. Rinne Séamas Ó Tuathail, a bhí ag an am ina eagarthóir ar an United Irishman (nuachtán míosúil Shinn Féin, ag an am) na preasráitis a ullmhú. I measc na ndaoine eile a tháinig anoir don feachtas bhí an poblachtánach Seán Ó Cionnaith, atá gníomhach go polaitiúl i mBaile Munna i gcónaí; Pádraig Ó Snodaigh, an fhoilsitheoir Ghaeilge; an craoltóir Seán Ó hÉalaithe ó Dhoire, a léiríonn clár tráthnóna ar RnaG faoi láthair aige; Alan Titley, an scríbhneoir is an scoláire Ghaeilge; Colm Ó Laoghaire, fear mór scannán agus ó Chorcaigh tháinig an gníomhaí teanga Séamas Rúiséil.

An Feachtas i nGaillimh Thiar

"Is ar éigean a fuair muid cabhair dhá laghad, airgead ná eile, ó Ghluaiseacht oifigiuil na Gaeilge ná aon chuid dhe. I lár an toghcháin ba éard a bhí ag cur imní ar Comhdháil Náisiúnta naGaeilge "cé a bhí taobh thiar de Mhac an lomaire?" I leaba sputnik Rúiseach fuair siad amach gurb é an sagart áitiúil a d'ainmnigh é agus gur thug an sagart eile sa bparóiste an halla agus óstachas agus eile dúinn."

Máirtín Ó Cadhain, Comhar, Lúnasa '69

B'é an tAthair de Bláca, a bhí ina sheiplíneach ar an gCnoc ag an am, a d'ainmnigh Peadar Mac an lomaire agus chuir an sagart paróiste an tAthair Tadhg Ó Móráin, Halla na Tulaigh ar fáil don feachtas. Thug sagart eile an tAthair Micheál Ó Flannabhra, seiplíneach i dTír an Fhia ag an am, an-tacaíocht chomh maith don feachtas. Ghoill an tacaíocht seo ar Fhianna Fáil agus labhair siad leis an easpag nua ar Dheoise Thuama, an Dochtúir Ó Cuinneáin ach dúirt cuid de na sagairt leis an easpag ag cruinniú leis, go raibh Cearta Sibhialta ag iarraidh an pobal a shlánú agus go gcaithfidís tacaíocht a thabhairt dóibh.

Bhailítí gach tráthnóna tar éis canbhasála i Halla na Tulaigh. Bhíodh buzz íontach ann. Daoine ag roinnt scéalta ar a chéile. Daoine ag tuairisciú tacaíocht láidir i ngach ceantar, cathair na Gaillimhe san áireamh. Dóchas ag méadú go raibh seans ag Peadar an suíochán a bhaint de Johnny Geoghegan. An Taoiseach séimh, Jack Lynch i mbun camchuairt timpeall na tíre agus an feachtas "Let's Back Jack" ag bailiú nirt. Na sluaite roimhe chuile áit. Fine Gael i bponc mar nach bhfuil Labour sásta dul i gComhrialtas leo.

Nuair a tháinig Jack Lynch go Conamara ar an Aoine roimh an toghchán bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Fáilte croíúil roimhe i gCárna, i mbaile Johnny Geoghegan. Ach sa gCeathrú Rua bhí lucht Cearta Sibhialta roimhe ag iarraidh freagraí uaidh ar liosta ceisteanna, sar a dtabharfaí cead cainte do iarrthóirí Fhianna Fáil. "Cén fáth ar fhág 5,000 duine an áit ó 1956?" a bhí ar ceann de na ceisteanna agus "Cár cheap an Taoiseach a bhí an dream idir scór agus dhá scór bliain, i Sasana nó sna garrantaí?" a bhí ar cheann eile. Bhí telegram curtha roimhe sin ag Cearta Sibhialta chuig an Taoiseach ag iarraidh air seirbhís eitleáin saor in aisce a eagrú leis na daoine as Conamara, a bhí ar imirce i Sasana, a thabhairt abhaile le vóta a chaitheamh sa toghchán. Níor tháinig aon fhreagra ón Taoiseach ar an telegram. Níor fhreagair sé na ceisteanna a cuireadh air sa gCeathrú Rua agus níor tugadh cead cainte do iarrthóirí Fhianna Fáil.

 Stan Mac Eoin, Cinn Mhara, taobh amuigh den ionad vótála, Cill Rónáin, ag canbhasáil vóta do Pheadar Mac an lomaire.

Stan Mac Eoin, Cinn Mhara, taobh amuigh den ionad vótála, Cill Rónáin, ag canbhasáil vóta do Pheadar Mac an lomaire, ó Maggie Dirrane a bhain cáil idirnáisiúnta amach as a bpáirt sa scannán Man of Aran.

An Spidéal an chéad stopadh eile a bhí leagaithe amach ar sceideal an Taoisigh. Ach ar an mbealach aniar ón gCeathrú Rua, polladh boinn an Ford Zodiac le táirní felt a bhí caite d'aon turas ar an mbóthar, taobh amuigh de Halla na Tulaigh, ceanncheathrú Chearta Sibhialta. Ar nuacht Teilifís Éireann an oíche ní raibh Jack Lynch ag breathnú chomh cathréimneach is a bhí oícheanta eile is ag breathnú síos ar an mbonn pollta. Tuairiscíodh an eachtra ar chéad leathanach na nuachtán náisiúnta, an lá arna mháireach. Cé gur eisigh Cearta Sibhialta ráiteas ag cur in iúl nach iad a rinne na táirní felt a chur ar an mbóthair, is ar na "Civil Rights" a cuireadh an locht, ní nach ionadh. Sna laethanta deireannacha den feachtas b'fhacthas do na canbhasóirí nach raibh an oiread fáilte rompu is a bhí roimh eachtra na dtáirní. Dúirt Peadar Mac an Iomaire liom go gceapann sé gur chailleadh thart ar 1,000 vóta de bharr na dtáirní. Má chailleadh, fuarthas poiblíocht náisiúnta íontach maith, ar an dtaobh eile den scéal, don feachtas agóideach toghchánaíochta a bhí ar bun ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta naGaeltachta.

An oíche roimh lá an toghcháin, bhí Halla na Tulaigh beo leis an scéal go raibh an Teachta Dála ó Chárna, Johnny Geoghegan, th'éis báis go tobann. Cuireadh an locht ar Chearta Sibhialta faoin scéal bréagach a scaipeadh. Bhí ar Johnny é féin a thaispeáint ag an oiread bothanna vótála is a fhéadfadh sé, maidin lá an toghcháin, lena a chruthú don phobal go raibh sé beo i gcónaí. Tharla sé cheana i gConamara, le linn toghcháin 1948 gur bhásaigh an Teachta Dála Seán Ó Catháin, ón gCeathrú Rua, an lá roimh toghchán. Tá sé ráite gur coinníodh a bhás faoi rún go raibh na vótaí caite mar go ndúirt De Valera, dá dtoghfaí an fear básaithe go mbeadh Fianna Fáil in ann an fothoghchán a bhuachaint gan stró. Níor toghadh é ach fuair sé a dhóthain vótaí agus é os cionn clár, leis an éarlas £100 a shábhailt.

Comhaireamh na Vótaí

"Deire seachtaine amháin choinnigh muid siar na Béarlóirí acmhainneach le haghaidh na Galltacht agus chua an chuid eile, aos óg, ceol, Caitlín Maude agus na works ar fad, lán báid acu, leis na hÁrannachaí a bhulldózáil...Bhí ollchruinniú againn ar an bhFaiche Mhóir i nGaillimh ar an Satharn deire. Ba tour de force é.”

Máirtín Ó Cadhain, Comhar, Lúnasa '69

Osclaíodh na boscaí i mBeairic na Rinne Móire. Lá fliuch gaothmhar a bhí ann. Fuair Peadar Mac an Iomaire 1,522 (6.4%) vóta sa gcéad chuntas i nGaillimh Thiar. Bhí sé go maith chun tosaigh ar Michael D. Higgins a fuair 1,174 (4.6%). B'é Bobby Molly a bhí sa gcéad áit le 6,709 (28.3%) vóta. Bhí laghdú mór i vóta Johnny Geoghegan ón 6,982 a fuair sé i 1965 go 4,923. Nuair a d'imigh Peadar Mac an Iomaire as an rása bhí 1,738 vóta carnaithe aige.

Tá sé spéisiúl breathnú ar na háiteacha is mó tacaíochta a bhí ag Cearta Sibhialta sa toghchán. As an 1522 vóta fuair sé 500 i gcathair na Gaillimhe - toradh ar an deachanbhasáil a deineadh agus ar an bpoiblíocht a fritheadh le linn an fheachtais. Fuair Peadar Mac an lomaire 194 vóta ina áit dúchais ar an gCnoc agus 110 sa Spidéal, áit a raibh Seáinín Joe Johnny (Seán Ó Neachtain) ag obair dhó. Fuair sé 88 vóta ar an dTulach, 36 sna Forbacha; 40 i mBearna; 67 i Ros a'Mhíl; 14 i Leitir Mór. Caitheadh 94 vóta le Peadar sa gCeathrú Rua in ainneoin an agóid míbhéasach a rinne Cearta Sibhialta ann le linn cuairt Jack Lynch ar an mbaile. I dTír an Fhia fuair sé 188 vóta. Bhí beirt áitiúl ag tarraingt dhó ann, Joe Pheatsaí agus Michael Tom Ó Donncha agus chaith an séiplíneach áitiúil an tAth. Micheál Ó Flannabhra, cuid den lá taobh amuigh den scoil ag canbhasáil dhó. Chruthaigh Oileáin Árann thar chinn, an dá oileán bheag go mór mhór. Bhí 17 vóta ag Peadar in lnis Mór, 36 ar lnis Meáin agus 40 ar lnis Oírr.

Th'éis an Toghcháin

“An cruthú is fearr go ndeacha scéin iontu gur dearnadh dhá rúnaí pairliméid de theachtaí Fhianna Fáil, Íosagán in aireacht neamhurchóideach an Oideachais agus Geoghegan ina rúnaí páirliméid ar an dole."

Máirtín Ó Cadhain, Comhar, Lúnasa '69

Bhí idir áthas agus díomá ar Pheadar is a lucht leanúna leis an vóta a fuair sé. Bhí áthas orthu go raibh an seanmhúnla vótála i nDeisceart Chonamara briste acu agus go raibh cic sa tóin tugtha do Fhianna Fáil, a raibh neamart déanta acu ar an nGaeltacht. Bhí rúinne díomá orthu chomh maith mar gur chreid siad go raibh suas le 3,000 vóta le fáil murach eachtra na dtáirní ar an dTulach.

 Slua ag éisteacht le Jack Lynch ag labhairt le linn feachtais toghchánaíochta 1969 agus Billeogaí canbhasála Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.

Slua ag éisteacht le Jack Lynch ag labhairt le linn feachtais toghchánaíochta 1969 agus Billeogaí canbhasála Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.

Lean Cearta Sibhialta orthu ag eagrú is ag agóidíocht. Bunaíodh Saor Raidió Chonamara faoi Cháisc i 1970. Go míosúil foilsíodh Tuairisc, iris a raibh éileamh mór air. ln imeacht na mblianta ina dhiaidh sin géilleadh roinnt de na héilimh a bhí ag Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Gealladh Údarás na Gaeltachta. Athraíodh na comharthaí bóithre go Gaeilge. Bogadh an tOireachtas amach as Bhleá Cliath agus tugadh ag an nGaeltacht é don chéad uair. Tógadh an Calaphort lascaigh i Ros a Mhíl in áit Gaillimh.

Lean Peadar Mac an lomaire agus a lucht leanúna ag obair ar mhaithe leis an bpobal. Bhíodar gníomhach i mbunú Comharchumann Chois Fharraige agus i mbunú Comhchoiste Ghaeltacht Chonamara, eagraíocht a bhí ionadaíoch de na coistí pobail go léir sa cheantar. Ach nuair a tháinig an chéad toghchán eile i 1973, ní raibh siad ullamh lena aghaidh. Bhí sé curtha in iúl i bhfad roimhré ag Peadar Mac an lomaire nach mbeadh sé ag seasamh. Ag an noiméid deireanach cuireadh Joe Sheáinín Ó Tuairisg ar aghaidh ach ní raibh an fuinneamh céanna sa bhfeachtas is a bhí i '69. Ní raibh eagar ró-mhaith air ach an oiread. Agus ó thuaidh bhí deire tagaithe le agóidíocht na gCearta Sibhialta agus buamaí agus gunnaí tagaithe ina áit.

Cé nár éirigh le Cearta Sibhialta i dtoghchán 1973 ach leath den vóta a bhí ag Mac an lomaire a chruinniú, mar sin féin bhí marbhfháisc Fhianna Fáil scaoilte. Bhí muinín ag pobal Dheisceart Chonamara cur ar a shon féin agus ní thar am.

Buíochas: Tá mé buíoch do na daoine seo leanas a thug cúnamh dom leis an alt seo a scríobh: Peadar Mac an Iomaire, Colm Ó Donncha, Ruaidhrí Ó Tuairisg, Séamas Ó Tuathail agus táim buíoch chomh maith do Sheán Ó Tuairisg a chuir an ghrianghraf breá ar fáil de Mháirtín Ó Cadhain ag speecheáil.