Eagarfhocal 2005: Cúigear Ros Dumhach

[Gan Teideal]

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is beag a cheap éinne nuair a cuireadh cúigear fear as Ros Dumhach, Co Mhuigheo i bpriosún i dtús an tSamhraidh de bhrí nach raibh siad sásta cloí le hurghaire cúirte a chuir an comhlacht Shell i bhfeidhm orthu, go mbeidís fós sa bpriosún faoin am a bhfuil an iris seo ag dul i gcló. Tá ós cionn cheithre scór lá déanta i bpriosún anois ag Micheál Ó Seighin, Uinsionn Mac Craith, Philib Mac Craith, Willie Cordubh agus Breandan Philibín agus gan aon chosúlacht fós air go bhfuiltear chun iad a scaoileadh saor.

Níl aon choir déanta ag na fir seo, níor ghoid siad aon ni, níor bhuail siad ná níor mharaigh siad aon duine. An t-aon rud atá déanta acu ná iarracht a dteaghlaigh féin, a gcuid talún agus tithe a chosaint trí gan cead a thabhairt do chomhlacht ollmhór idirnáisiunta Shell a bpíblíne gáis a chur ró-ghar dá gcuid tithe. Níl na fir seo ag iarraidh an gás a stopadh ag teacht tríd a gceantar, tá siad ag iarraidh go ndéanfaí scagadh ar an ngás amuigh ag farraige, chun nach mbeadh an oiread contóirte ag baint leis dá dtarlódh timpist do na píopaí ar talamh.

Sin an fáth gur Shell To Sea an teideal atá ar an bhfeachtas atá ar bun, ó cuireadh na fir sa bpriosún, chun aird a tharraingt ar a gcás agus chun brú a chuir ar Shell agus na polaiteoirí teacht ar réiteach a scaoileadh na fir seo amach. Nuair a labhrann gaolta nó lucht tacaíochta na bhfear, deir siad nach bhfuil an cúigear chun tabhairt isteach, is cuma cén t-achar a bheidh orthu a chaitheamh sa bpriosún. Tá Shell ag rá an rud céanna, nach bhfuil siadsan chun an urghaire cúirte a scaoileadh. Tá ceisteanna dlí agus polaitíochta fite fuaite ins an scéal seo chomh maith mar go bhfuil sé ráite ag an ngrúpa agóidíochta nach raibh cead faighte ón tús an phíblíne gáis a chur san áit a bhfuil sé dá chur i dtír ag Shell. Go deimhin, tá ceist mhór faoin socrú iomlán a rinne airí rialtais le Shell maidir leis an ngás seo a thabhairt i dtír. Breathnaíonn sé gur ag Shell atá an bhrabach iomlán as an acmhainn nádúrtha náisiúnta seo agus nach bhfuil ciste na tíre seo chun aon bhuntáiste a dhéanamh as Tobar Gáis na Coiribe. Is mór an difríocht idir socrú den chineál seo agus margaidh a rinne rialtais in Albain agus san Iaruaidh nuair a bhí siad féin ag déanamh socraithe le comhlachtaí a gcuid gáis agus ola a thóigáil.

Is léiriú atá ann arís ar an gcaoi a ndéantar socraithe ag ardléibhéil sa tír seo agus nach smaoinítear ar an dtionchar a bheas ag na socraithe ar an ngnáthdhuine.

Idir an dá linn tá cúigear fear Gaeltachta ag seasamh a gcás taobh thiar de bharraí an phriosúin. Tá na hargóintí agus na díospóireachtai ag dul ar aghaidh, tá cruinnithe agus máirseáileacha dá reachtáil, tá polaiteairí de chuile chineál ag tabhairt cuairt ar na fir sa bpriosún ach fós níl aon réiteach ar an gcás. Is iontach an rud é nuair a chuimhníonn tú ar an méid airgid atá ag Shell agus an chumhacht atá ag an rialtas nach bhfuil siad in-ann réiteach a fháil ar an gceist seo agus na fir a ligean arais go dtí a gcuid mná agus páistí i Muigheo. Tá bac curtha ag cúigear ar chomhlacht chumhachtach idirnáisiúnta Shell agus íobairt mhór dá dhéanamh acu. Tá sé in am ag polaiteoirí na tíre sea a gcloigne a chur le chéile agus fuascailt a fháil ar an scéal.

Agus ná habraíodh siad nach bhfuil sé ar a gcumas sin a dhéanamh.

Pé deireadh a bheas leis an scéal seo, ni dhéanfar dearmad ar Chúigear Ros Dumhach, go háirithe nuair a bheifear ag síniú conarthaí arís le comhlachtaí príobháideacha. Ní dhéanfar dearmad orthu ach oiread nuair a bheas toghcháin ar bun, go háirithe i gCo. Mhuigheo.