Agallamh le Seosamh Ó Cuaig

 Seosamh Ó Cuaig ar Inis Meáin, ag cuartú vótaí le haghaidh thoghchán an Údaráis i 1994.

Seosamh Ó Cuaig ar Inis Meáin, ag cuartú vótaí le haghaidh thoghchán an Údaráis i 1994. (Pic: Bob Quinn)

Úna Ní Cheannabháin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Céard iad na haidhmeanna a bhí agat ar Bhord an Údaráis mar Ionadaí Pobail?

Is dóigh gurbh í an aidhm a bhí agamsa i gcónaí tuilleadh cumhachta a bhaint amach don Ghaeltacht agus féachaint leis na rudaí a theastaigh ón dream as ar fáisceadh mé féin – gnáthmhuintir na Gaeltachta, más féidir an focal sin a úsáid – a chur chun cinn. B'shin í an aidhm a bhí agam i gcónaí agus a bheas go deo ach níl a fhios agam cé chomh maith is a d'éirigh liom é sin a dhéanamh. Is dóigh nár éirigh sách maith liom nuair nár éirigh liom a ghabhail ar ais ar an Údarás arís.

An gceapann tú go dtuigeann siad siúd a bhfuil cumhacht acu san Údarás muintir Chonamara?

Déarfainn go bhfuil daoine ionraic nó díreach san Údarás ach cheapfainn go bhfuil beagán easpa tuisceana ann. An dream atá ar ardbhainistíocht an Údaráis, is as saol eile iad, seachas saol na ndaoine atá thart anseo. Cuid mhaith acu is dream iad a tháinig isteach. Fairplay dhóibh, d'fhoghlaim siad Gaeilge. Rinne siad iarracht mhaith í a fhoghlaim ar chuma ar bith ach tá go leor acu ina gcónaí istigh i nGaillimh. Sílim gur saol aicme áirithe daoine atá acu.

Bíonn sé deacair i gcónaí ag dream a thagann isteach go dtí an taobh seo an sórt cultúir atá sa taobh seo a thuiscint. B'fhéidir go bhfuil an dá thaobh ann agus go mbíonn deacracht againne iadsan a thuiscint. Bhí cruinniú amháin againn lá san Údarás agus bhí siad ag caint ar mhuintir na háite a chur i gceannas ar na comhlachtaí Gaeltachta agus chuir mé ceist amháin. D'fhiafraigh mé cé mhéid duine as an nGaeltacht a bhí sa ngrád is airde san Údarás. Chuaigh muid tríd na grádanna ar fad. An grád is ísle agus an dara grád is ísle bhí siad lán le muintir na Gaeltachta. Tá sé ghrád ann ach nuair a chuaigh tú suas go dtí an grád is airde is é an freagra a fuair mé nach raibh an oiread agus duine amháin as an nGaeltacht sa ngrád sin. Is fadhb mhór í sin.

An bhfuil fadhb chumarsáide idir muintir na Gaeltachta agus an tÚdarás?

Bhuel tá sé sin ann. Ach ansin aríst deireann muintir na Gaeltachta, "cén fáth a bhfaigheann na strainséirí deontaisí agus cén fáth nach bhfaigheann muide iad?" Tugtar go leor deontas amach do mhuintir na Gaeltachta freisin ach is deontais bheaga iad. Sé an fáth gur deontais bheaga iad mar nach mbíonn siad in acmhainn bualadh faoi rudaí móra Cuir ar an gcaoi'seo é, dá mbeadh dhá mhilliún punt agat seans go ngabhfadh tú soir ag an Údarás agus go bhfaighfeadh tú milliún eile. Ach, mura bhfuil agat ach airgead beag...cé mhéid duine as an nGaeltacht ar féidir leo monarcha a thosú?

Sé an rud a bhi mise ag iarraidh a dhéanamh scéimeanna beaga a thabhairt isteach do rudaí a bhfuil muintir na Gaeltachta ag plé leo. Mar shampla deontas na gcurach, rud fánach a bhí ansin chomh fada is a bhain sé le go leor daoine san Údarás, ach rud mór é don té ar theastaigh curach uaidh mar a thuigfeá. Ó thaobh cúrsaí iascaireachta dhe, bhí plé mhór agam leis na gliomaigh a chur chun cinn. Chuaigh mé féin agus daoine eile go Meiriceá, d'fhoghlaim muid céard a bhí ag tarlú i Maine agus thug muid ar ais an t-eolas agus tá an rud á dhéanamh anois. Tá gliomaigh á gcur amach. Sin rudaí a bhfuil baint ag muintir na háite leo. Ach choinnigh mé súil i gcónaí freisin ar na tionscail mhóra. Bhí baint mhór agam Ie Telemara ar an gCeathrú Rua a choinneáil oscailte, Cniotáil Ghaeltarra i dTuar Mhic Éadaigh agus Aer Árann.

An gceapann tú go bhfuil Conamara Thiar ag cailleadh mar nach bhfuil aon ionadaí Údaráis acu tar éis an toghcháin deireanach? An bhfuil sé sin go dona don áit?

Ní hé amháin go bhfuil sé go dona don áit ach tá sé go dona do na ceantair iargúlta ar fad. Má bhreathnaíonn tú ar an bhfostaíocht atá idir Gaillimh agus An Cheathrú Rua, tá roinnt mhaith ar bun ann. Tóg aníos ó Tigh Khit i nDoire Né go Cloch na Rón, ní hé an oiread sin atá ann agus tá na ceantair eile ar an gcaoi chéanna - ceantar na nOileán, cuir i gcás. Tá sé éasca a rá le tionsclóir monarcha a chur ar siúl in aice na Gaillimhe. Níl sé chomh héasca sin iad a mhealladh anoir go Ros Muc, go Cill Chiaráin ná go Cárna. Teastaíonn duine i gcónaí a chuirfeadh ina luí ar an dream atá i gceannas go bhfuil áiteachaí mar seo ann freisin.

Ach an chaoi a bhfuil sé faoi láthair tá an ceantar seo buailte, tá sé buailte gan duine ar an Údarás agus tá an ceantar buailte gan aon Chomhairleoir Condae. Bhíodh ionadaí poiblí sa taobh seo de Chonamara le os cionn céad bliain ach níl anois. Teastaíonn Comhairleoir Condae a chuirfeadh an ceantar seo ar bharr an liosta mar a chuireann comhairleoirí eile ag ceantair féin. Ó thaobh an Údaráis de teastaíonn uaim an rud a bhi mé ag iarraidh i gcónal a chur chun cinn. Tá súil agam go gcuirfear chun cinn ar bhealach eicínt é. Ní mise atá á chur chun cinn faoi láthair ach níl aon neart agamsa ar sin.

An rithfidh tú aríst?

Níl a fhios agam. Fanfaidh mé go mbeidh sé ann aríst agus feicfidh muid linn.

Tá tú anoís ag obair sa seomra nuachta i Raidió na Gaeltachta. An bhfuil dearcadh difriúil agat go háirithe ó thaobh bheith ag cur agallaimh ar bhaill den Údarás? Tá tú tar éis an dá thrá a fhreastal, mar déarfá.

Bhuel, ar an nuacht náisiúnta atá mé faoi láthair. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn mé ag déanamh agallaimh le lucht an Údaráis. Ach is cinnte dearfa nuair a bheas go mbeidh sé i bhfad nios éasca duine acu a thuiscint. Ní bheadh sé chomh héasca do dhaoine a bheith ag éalú ó na ceisteanna nuair a bheadh eolas agat. Ón taobh sin de cuidiú a bheadh ann. Ach i gcónaí nuair a bhínn ag cur agallaimh, chuirinn agallamh sách géar orthu, roimhe seo, sula ndeacha mé ar an Údarás ariamh. Dúirt siad féin go raibh mé féaráilte go leor leo. Tá tú in ann a bheith géar ar dhaoine agus a bheith féaráilte leo san am céanna. Bheinn féaráilte arís ach bheadh an t-eolas níos fearr agam leis na ceisteanna a chur.

Céard iad do thuairimí faoi Theilifís na Gaeilge?

Tabharfaidh sé obair do dhaoine óga. Sin rud maith agus obair mhaith a bheas inti agus tá súil agam go mbeidh an íocaíocht go maith. Ó thaobh na teilifise féin níl a fhios agam cén chaoi a mbeidh sé. Is maith an scéal go mbeidh sé ar an Tulach, go mbeidh an ceanncheathrú ansin, ach an imní mhór atá ormsa faoi na cúrsaí seo uilig, céard a bheas ann le cur air? Níl mórán cainte déanta faoi sin. Agus tá an Ghaeilge beagnach imithe. Níl mórán Gaeilgeoirí ó dhúchas ag teacht chuig na scoileanna. Is le Béarla atá 90% de na gasúir á dtógáil. Tá an Ghaeilge féin chomh tanaí agus chomh meascaithe leis an mBéarla nach fiú í a labhairt.

Is beag clár teilifíse i nGaeilge a bhfaigheann mise aon sásamh air. Mara mbítear á gcur i láthair i nGaeilge mhaith líofa níl mé in ann breathnú air, fiú amháin má bhíonn an t-ábhar réasúnta suimiúil. Má bhíonn droch-Ghaeilgeoir á chur i láthair níl mé in ann breathnú air. Bíonn fonn orm a rá "sé an trua nach labhraíonn an bastard Béarla". Tá faitíos orm go mbeidh dream ag obair ar Theilifís na Gaeltachta mar atá cuid de na daoine atá ag obair ar na cláracha Gaeilge ar RTÉ, agus go mbeidh orm é a chasadh as chomh luath is a thiocfaidh sé air.

 Seosamh Ó Cuaig, mar bhall de Bhord an Údaráis.

Seosamh Ó Cuaig, mar bhall de Bhord an Údaráis. B'é a bhrúigh scéim deontas na gcurachaí chun cinn agus é ar an mBord. (Pic:Bob Quinn)