Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - Trumpa gan Teanga

Donncha Ó hÉallaithe.

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2002. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997-1999 ar an Aire Éamonn Ó Cuív, ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos le straitéis chuimsitheach réadúil leis an nGaeilge a shlánú sna ceantracha sin ina raibh sí fós in úsáid mar ghnáththeanga pobail. De bharr na stocaireachta sin, bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreán 2000, le Peadar Mac an Iomaire in Chathaoirleach air. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ina chathaoirleach ar Phléaráca ag an am. An alt seo, caitheann Donncha súil chriticiúil ar an tuarascáil 30 leathanach, a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i Márta 2002, tar éis dhá bhliain i mbun oibre.

Díomá

Tonn díomá a bhuail mé, an mhaidin a léigh mé i bhFoinse liosta na moltaí don Rialtas a chuir Coimisiún na Gaeltachta le chéile. Nuair a ceapadh baill an Choimisiúin agus nuair a léigh mé na téarmaí tagartha leathana a tugadh dóibh, bhí dóchas agam, go dtiocfaí aníos le moltaí fiúntacha praiticiúla, moltaí a dhéanfadh difríocht sa nGaeltacht dá gcuirfí i bhfeidhm iad. A mhalairt a tharla. Is é mo thuairim meáite, go bhfuil na moltaí thar a bheith easnamhach, go bhfuil na moltaí ró-ghinearálta, go bhfuil na moltaí ag cur béime ar nithe nach mbaineann, ach go tánaisteach, le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfuil na moltaí go mór faoi thionchar na fealsúnachta sean chaite a bhí taobh thiar de Ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge. Is é sin gurb é an phríomhaidhm ag deireadh an lae an Ghaeilge a chur á labhairt ar fud na tíre ó Reachlainn go Cléire agus ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid, in áit díriú ar an Ghaeilge a choinneáil beo sna ceantracha éagsúla Gaeltachta.

Cén chaoi a bhfuil sé easnamhach?

Sna téarmaí tagartha, iarradh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an mBille um Phleanáil agus Forbairt 1999 féachaint cén chaoi a b'fhéadfaí na forálacha sa mBille sin a fheidhmiú, maidir le “caomhnú teanga agus cultúir na Gaeltachta.” Deirtear linn sa tuarascáil gur chuir an Coimisiún moltaí “faoi bhráid an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúla”. Ach ní dheirtear linn céard iad na moltaí. Níl aon tagairt déanta i measc an 19 moladh do na riachtanais speisialta phleanála na bpobal atá ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo mar ghnáththeanga labhartha.

Níl ansin ach sampla amháin. Easpa eile a laghad atá ráite faoin gcóras bunoideachais sa Ghaeltacht. Tá ráiteas ginearálta faoi “tús áite” a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal sa Ghaeltacht, ráiteas a d'fhéadfadh a bheith i manifesto toghcháin páirtí ar bith sa Stát. I mo thuairimse tá beatha na Gaeilge sa Ghaeltacht ag brath thar aon rud eile ar bhuanú na Gaeilge mar chéad theanga labhartha i measc páistí óga na Gaeltachta ach níl aon mholtaí sonracha sa tuarascáil faoi seo, ná faoi go leor nithe tábhachtacha eile. Níl tada ar chor ar bith ráite faoi thábhacht na máithreacha sna Gaeltachtaí. Siad thar aon dream eile atá freagrach as an Ghaeilge a thabhairt ó ghlúin go glúin.

Moltaí Ró-Ghinearálta

Locht eile a bheadh agam ar mholtaí an Choimisiúin ná go bhfuil cuid acu i bhfad ró-ghinearálta, le go bhféadfaí gníomhú orthu. Sna téarmaí tagartha a tugadh don Choimisiún iarradh moltaí agus plean gníomhaíochtaí a chur le chéile a chlúdódh polasaí teanga “a bheadh dírithe ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na Gaeltachta a chinntiú." [Is liomsa an bhéim]. Bheinn ag súil go ndéanfadh an Coimisiún scagadh fuarchúiseach ar na seirbhísí ar cheart a bheith ar fáil trí Ghaeilge ón Stát sa nGaeltacht. Níor dearnadh é sin. Ina áit sin, moladh "go gcuirfí seirbhísí an Stáit ar fáil go héifeachtach i nGaeilge le cur lena hinbhuanaitheacht". Is cosúla an moladh seo le rún dea-chroíoch a rithfí ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge. Déarfadh daoine le tonn ciniciúlachta go mba bhreá an rud é dá bhféadfadh an Stát seirbhísí a chur ar fáil go héifeachtach i mBéarla, gan chaint ar aon teanga eile. Is é lomfírinne an scéil, mar a d'admhaigh iar-Rúnaí Roinn na Gaeltachta, Tadhg ó hÉalaithe uair, nach bhfuil foireann le Gaeilge ag an stát le go bhféadfaí seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Bhí Tadhg ina bhall den Choimisiún. Ba dheacair an moladh a chur i gcrích gan an Ghaeilge a dhéanamh riachtanach arís don té a bheadh ag iarraidh post a fháil sa státchóras. Ach níl a leithéid de mholadh déanta sa tuarascáil.

Ach céard faoi mholtaí a dhéanamh maidir le seirbhísí a bheith ar fáil sa Ghaeltacht? An amhlaidh nach féidir freastal ar na pobail a úsáideann Gaeilge go laethúil seachas freastal ar an Stát ar fad?

Meon na hAthbheochana

Cé gur iarradh sna téarmaí tagartha go ndéanfaí moltaí don Rialtas maidir leis an nGaeilge “a láidriú mar ghnáthurlabhra" sa Ghaeltacht, ní fheicim cén baint atá ag roinnt de na moltaí le cás na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar shampla: “Go mbainfí amach stádas mar theanga oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach".

Níl a fhios agam cén difríocht a dhéanfadh sé d'úsáid na Gaeilge mar theanga oibre i monarcha de chuid an Údaráis ar an Screabán nó thiar i gCasla, í a bheith ina teanga oifigiúil oibre sa mBruiséal. Tá dualgas bunreachtúil mar atá sé ar an Stát, de réir Airteagal 25.4.4 go mbeadh “tiontú oifigiúil” go Gaeilge déanta ar na Billí Rialtais go léir atá achtaithe ag an Dáil agus sínithe ag an Uachtarán. Ach deireann an Stát nach bhfuil a dhóthain aistritheoirí ar fáil le go bhféadfaidís an dualgas bunreachtúil atá orthu a chomhlíonadh. Agus tá gearáin le fada ann nach bhfuil dóthain aistritheoirí oilte ar fáil le bunthéacsleabhair scoile a chur ar fáil i nGaeilge, le hathruithe curaclaim a fheidhmiú go héifeachtach sna scoileanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid mar mheán teagaisc. Dá gcuirfí moladh Choimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm, chiallódh sé go mbeadh laghdú ar an líon beag aistritheoirí oilte atá ar fáil faoi láthair le hobair aistriúcháin atá tábhachtach a dhéanamh, mar go mbeadh cuid mhaith acu tógtha suas ag aistriú doiciméidí nach léighfí don Bhruiséal in áit a bheith ag aistriú téacsleabhar scoile!

Tionchar na nAthbheochanóirí is cúis leis an moladh míréadúil seo faoi stádas oifigiúil oibre a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eorpach.

Tá tionchar na nAthbheochanóirí le feiscint chomh maith ar mholadh 6 sa tuarascáil: “Go ndéanfadh an Rialtas polasaí Stáit a bheachtú a dhearbhóidh athréimniú na Gaeilge mar theanga náisiúnta.”

Tá an moladh seo ag iarraidh ar an Stát bréaga a insint. Is fada ó bhí sé mar pholasaí ag an Stát an Ghaeilge a athréimniú. Dá n-éireodh le Coimisiún na Gaeltachta a chur faoi ndeara don Stát a admháil nach é a pholasaí an Ghaeilge a athréimniú mar theanga náisiúnta bheadh rud éigin bainte amach ar son na macántachta. Ach níl ann ach cur i gcéill a bheith ag iarraidh ar an Stát seo a rá go bhfuil sé i bhfábhar na hathbheochana. Tréigeadh an ídéal seo tríocha bliain ó shin, le tacaíocht an phobail agus níor chuir mórán in aghaidh an tréigin. Bheadh rud éigin fiúntach bainte amach dá bhféadfaí dearbhú a fháil ón Stát go bhfuil sé mar pholasaí úsáid na Gaeilge mar gnáth-theanga labhartha a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tá faitíos orm gur baothchaint áiféiseach a bheith ag iarraidh ar an Stát ná ar phobal na tíre tacú le “athréimniú na Gaeilge”.

An Bille Teanga

Tá dhá mholadh éagsúil sa tuarascáil maidir leis an mBille Teanga atá geallta le os cionn 5 bliana anois ag an Aire Éamonn Ó Cuív agus ag an gcomhrialtas. Deireann Moladh a hAon go ndéanfaí an Bille a achtú “láithreach" rud nach féidir a dhéanamh gan dul trí phróiseas fada Oireachtais agus iarrann moladh 10 “go ndearbhóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla cearta an duine aonair ar sheirbhísí trí Ghaeilge". Ní fheicim locht air sin ach é seo. Tá sé le tuiscint as moladh 10 go bhfuil Coimisiún na Gaeltachta ag glacadh leis an bhfealsúnacht atá taobh thiar den bhille teanga a d'fhoilsigh an Comhrialtas roimh an toghchán, bille nach dtugann aon chearta breise don duine aonair sa Ghaeltacht atá ag iarraidh seirbhísí trí Ghaeilge seachas a bheadh ar fáil i gCeatharlach nó i mBaile Formaid. Bille ar bith a deireann go bhfuil na cearta céanna ag feirmeoir i Ros Comáin agus atá ag feirmeoir i Ros Muc, seirbhís a fháil i nGaeilge ón Roinn Talmhaíochta nó ó Theagasc, tá faitíos orm gur bille é nach gcuirfí i bhfeidhm i gceachtar den dá áit. Mura mbeidh dualgas soiléir ar eagraíochtaí stáit maidir le húsáid Ghaeilge agus iad ag déileáil le daoine i bpobal arb í an Ghaeilge teanga an phobail sin, ní bheidh mórán maitheasa sa bhille teangan don Ghaeltacht.

Ní bheinn ag súil go mbeadh Gaeilge ag chuile dhochtúir pobail ná ag chuile bhanaltra pobail sa Stát. Bheadh sin míréasúnach agus níl an pobal ag súil leis sin. Ach bheinn ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag banaltra nó ag dochtúir pobail a bheadh ag freastal ar phobal Gaeltachta.

An bhfuil rud ar bith maith sna moltaí? Níl mórán i mo thuairimse mar nach bhféadfadh baill an Choimisiúin fealsúnacht na hAthbheochana a scaoileadh uathu agus iad ag déileáil leis an mbunrud a d'iarr an Rialtas orthu a dhéanamh agus b'shin “moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta." Cén fáth go bhfuil siad ag iarraidh go mbunófaí córas don Phleanáil Teanga ar bhonn náisiúnta seachas ar bhonn Gaeltachta? Ní thuigim é sin. Tá acmhainní stáit an-teoranta. Cosnaíonn Pleanáil Teanga airgead. Más pleanáil teanga ar bhonn náisiúnta é, ní tharlóidh mórán seachas níos mó airgid a chur amú ar mhaithe le "cur chun cinn na Gaeilge." Siar sna seachtóidí bunaíodh Bord na Gaeilge le pleanáil teanga a dhéanamh ar bhonn náisiúnta ach is gearr gur iompaigh sé a dhroim leis an bpleanáil, le dul ag plé le dáileadh deontas. Cuimhnigh nach bhfuil mórán duine sa tír a bhfuil an scil ná an saineolas acu chun dul ag plé le pleanáil teanga. Níl, go bhfios dom, duine ar bith fostaithe ag Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta ná ag Roinn na Gaeltachta mar shaineolaí ar phleanáil teanga.

Bheinn ag súil go mbeadh Coimisiún na Gaeltachta ag iarraidh an méid saineolais atá ar fáil a dhíriú ar riachtanais na Gaeltachta i dtosach, in áit a bheith ag caint ar phleanáil teanga “ar bhonn náisiúnta". Dá mbunófaí córas pleanála teanga don mhéid den Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á húsáid ag sciar den phobal mar ghnáththeanga cumarsáide, b'fhéidir go bhféadfaí difríocht a dhéanamh agus spriocanna a bhaint amach agus deireadh a chur le meath na Gaeilge i nDeisceart Chonamara, in Iarthar Dhuibhneach agus in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Agus níl ann ach b' fhéidir.

Seans scaoilte le sruth

Tá rud amháin maith faoin tuarascáil. Deireann sé go neamhbhalbh go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeltacht má leanann an creimeadh leanúnach, atá ar bun ó bhunú an Stáit. Faraor, níl aon stráitéis curtha chun cinn ag Coimisiún na Gaeltachta a chinnteodh go gcuirfí moill ar an meath atá ag teacht ar úsáid na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra pobail sa Ghaeltacht. Ní fiú trumpa gan teanga an chuid is mó de na moltaí atá déanta i dTuarascáil an Choimisiúin. Tá liosta eile moltaí ag teastáil. Cé a chuirfidh le chéile iad?

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - Trumpa gan Teanga