Gorbachev na Gaeltachta: Agallamh le Pádraig Ó hAoláin

 [Gan Teideal]

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ar na mallaibh, labhair Pádraig Ó hAoláin lena chomh Thiobraid Árannach, Donncha Ó hÉallaithe. San agallamh tráchtann an Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, ar na hathruithe atá ar bun san eagraíocht fhorbartha agus admhaíonn sé nach rabhthas sách cúramach san am a caitheadh ó thaobh na Gaeilge de agus fostaíocht á cruthú sa Ghaeltacht. Leagann sé amach an cur chuige a bheidh aige féin i mbun na heagraíochta agus an dóchas atá aige gur féidir an taoille a chasadh arís. Déanadh eagarthóireacht ar an agallamh lena ghiorrú.

Donncha Ó hÉallaithe: Tá tú píosa maith i gConamara anois, céard a thug anseo tú an chéad lá?

Pádraig Ó hAoláin: Tá sé casta ar bhealach amháin agus sách simplí ar bhealach eile. Bhí mé tar éis roinnt blianta a chaitheamh i Sasana i ndeireadh na seascaidí agus chuir mé aithne ar go leor daoine as Conamara thall ansin.

Cé go raibh suim agam sa nGaeilge roimhe sin, níor casadh cainteoirí dúchais orm ina mbuíonta nó ina ngrúpaí agus caithfidh mé a rá gur tháinig sé aniar aduaidh orm daoine a chloisteáil ag caint Gaeilge, sa gcomhthéacs áirithe sin i Sasana agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhí mé ag obair ar an mbuildeáil, ag an am, ag saothrú airgid, ag iarraidh mo chéim san ollscoil a chríochnú. Dúisíodh mo shuim sa nGaeilge ar bhealach beo nár tharla roimhe sin. Ansin phós mé i Sasana agus bhí suim ag mo bhean chéile sa nGaeilge chomh maith agus thosaigh muid ag caint ansin dá mbeadh gasúir againn go dtógfadh muid le Gaeilge iad agus le scéal gearr a dhéanamh de, tháinig muid ar ais go Baile Átha Cliath.

 Pádraig Ó hAoláin.

Pádraig Ó hAoláin.

Bhí mé ag múineadh i gColáiste Belvedere ar feadh trí nó ceathair de bhlianta. Ag an am céanna bhí ár n-intinn déanta suas againne féachaint le theacht go dtí an Ghaeltacht leis na gasúir a thógáil le Gaeilge. Chuir mé isteach ar riar postanna i nGaillimh, níorbh fhéidir ceann ar bith a fháil. D'fhógair Gael Linn post lánaimseartha do mhúinteoir Gaeilge le haghaidh dianchúrsa nua a bhí forbartha acu do dhaoine fásta.

An mhaidin chéanna a thosaigh mé le Gael Linn, tháinig litir ó Phríomhfheidhmeannach Ghaeltarra Éireann, Cathal Mac Gabhann ag iarraidh orthu comhairleoir teanga a chur ar fáil don Ard Oifig sna Forbacha. Bhí cinneadh déanta ag an bpríornhfheidhrneannach go gcaitheadh chuile dhuine Gaeilge a fhoghlaim. Bhí sé ag iarraidh duine le ranganna Gaeilge a chur ar fáil istigh san oifig agus sna monarchana agus chun comhairle a chur orthu faoi chúrsaí aistriúcháin. Bhí go leor de na bundoiciméidí Boird i mBéarla, theastaigh uaidh é sin a athrú.

Tairgeadh an post domsa. Ghlac mé leis agus trí lá ina dhiaidh sin bhí muid ar an mbealach sa Volkswagen Beetle go Conamara ag iarraidh teach lóistín a fháil. Chuaigh muid caol díreach siar go Ros Muc agus chuartaigh muid timpeall an cheantair sin agus chinn orainn teach a fháil. D'oibrigh muid as sin aniar. Trí nó cheithre lá ina dhiaidh sin fuair muid teach i gCladhnach, siar beagáinín ó cheanncheathrú RnaG agus is ann a chaith muid an chéad trí bliana i gConamara. Caithfidh mé a rá gur ann a d' fhág mé coirnéilín beag de mo chroí, bhí muintir Chladhnaigh an-deas, an-lách, chuireadar an-fháilte romhainn agus ar ndóigh is Gaeilge a labhair chuile dhuine beo sa gceantar an uair sin, an chuid is mó acu i gcónaí. Gaeilge amháin a bhí sa siopa, Tigh Mhicil Faherty, agus chabhraigh sé sin go mór linn. Is i Ros a Mhíl a thosaigh Fionnuala, an cailín is sine againn ag dul ag an scoil.

D. Ó hÉ: Nuair a théimse abhaile go Tiobraid Árann agus nuair a chastar gaolta liom a d'fhás aníos leat, ní bhíonn siad ag cur ceiste orm faoi Phádraig ó hAoláin ach ag iarraidh a fháil amach cén chaoi bhfuil Paddy Hyland ag déanamh i gConamara. Inis dom faoi Phaddy Hyland?

P.Ó hA: Sea, Paddy Hyland atá orm i gCloch Siúrdáin, ar theorann Ua Fáile. Kilruane McDonaghs atá ar an bhfoireann áitiúil iománaíochta. D'imir mé leo ag aoiseanna éagsúla. Tá beirt deartháir agus deirfiúr liom thíos ansin i gcónaí agus colceatharacha. An chéad deich mbliana a chaith mé i gConamara, th'éis go raibh mé ag imirt leis an Spidéal, bhínn thíos ag mórán chuile chluiche a d'imir Kilruane McDonaghs. Tá teagmháil láidir agam leis an mbaile i gcónaí agus teagmháil réasúnta maith leis na daoine a bhí ar scoil liom. Tá cuid mhaith acu thart i gcónaí, ina measc mo iarmhúinteoir scoile féin, Roche Williams, is Gaeilge a labhair sé liom i gcónaí. Baile áithrid é Cloch Siúrdáin ó thaobh an phobail de mar tá chúig eaglais nó chúig chreideamh difriúil ann, rud atá neamhchoitianta. Plandáileadh é i rith réimeas na Banríona Eilis, baile Cromallach a deirtear a bhí ann i ndáiríre agus tá a rian sin ar go leor de ghnéithe de shaol an bhaile.

D. Ó hÉ: Is tú a chum amhrán aitheantais Chonamara - Cóilín Phádraig Shéamuis - amhrán a bhíonn á chanadh chuile áit a mbíonn muintir Chonamara bailithe le chéile. Céard a spreag tú chun an t-amhrán sin a chumadh?

P.Ó hA: An méid a chonaic mé thall - muintir Chonamara ag obair leo ar an mbuildeáil agus sna tolláin agus an pátrún leanúnach imirce. Sna chéad bhlianta a raibh mise i gConamara, bhí daoine fós ag imeacht ar imirce suas go dtí lár na seachtóidí, as sin a tháinig an inspioráid don amhrán. Rith sé liom go raibh sé sa gcinniúint ag muintir Chonamara, go gcaithidís imeacht, go raibh an bád bán ag fanacht leo ón lá a rugadh iad agus go raibh ar chuile Chóilín Phádraig Shéamuis imeacht agus na rudaí a raibh cleachtadh acu orthu, rudaí a bhí sa nádúr acu, idir an teanga, an fharraige, an portach agus saol dúchais na Gaeltachta a thréigean. B'as sin a tháinig sin.

 Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta.

D. Ó hÉ: Amhrán eile leat a chloistear go minic "Cumha" - shílfeá go raibh sé sin ag cur síos ar an gcineál fostaíochta a bhí curtha ar fáil ag an Údarás sna monarchana móra?

P.Ó hA: Ar bhealach is cineál tréigean an dúchais an téama atá ag an amhrán sin chomh maith. Ag tús ré na tionsclaíochta sa nGaeltacht ba rud coitianta monarcha a bhíodh ag fostú idir 100-200 duine. Tharla go raibh mé lá i monarcha áirithe. Bhí idir 150-200 ag obair ann, ag bínsí ar fud na háite gan caint ar bith ar siúl.

Rud é a bhuail faoin gcroí mé, nach raibh mórán sásamh le fáil san obair acu i gcomparáid leis an sásamh a gheobhadh go leor díobh roimhe sin amuigh ar an bhfarraige, nó ar an bportach - athrú saoil iomlán a bhí ann. Rith sé liom an lá sin go raibh an dúchas á thréigean nó dhá bhá ar mhaithe leis an tairbhe nua sin a bhí tagtha chun cinn.

D. Ó h É· Tháinig tú go Conamara i 1970 ag obair le Gaeltarra. Ar cheap tú an uair sin i 1970 agus tú tagtha ag múineadh Gaeilge san Ardoifig, go dtiocfadh an lá gur tú féin a bheadh i gceannas ar obair an tí seo?

P.Ó hA: Níor cheap ariamh. Níor tháinig an smaoineamh sin isteach i mo chloigeann ariamh. Bhain mé an-sásamh i gcónaí as an obair. Bhíodh go leor teagmhála ag na monarchana agus na pobail lena chéile an uair sin. Bhíodh comórtais idirmhonarchana i gceist, mar shampla - scéim iontach a thug na foirne as na tionscail éagsúla le chéile.

Tamall ina dhiaidh sin, tosaíodh an comórtas forbartha pobail - agus sin dhá rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar phobal na Gaeltachta. Bhí go leor rudaí ag tarlú comhthreomhar lena chéile a chothaigh ceangal idir na ceantair éagsúla Gaeltachta. Bhí coistí an-ghníomhach. Ní cuimhneach liom cloisteáil ariamh go raibh deacrachtaí ag coistí teacht ar dhaoine le dul ag obair go deonach. Is cuimhneach liom dul ag cruinnithe coistí agus pobail ar fud na Gaeltachta agus an líon mór daoine a bhíodh sna hallaí, bhíodh sé do-chreidte.

D. Ó hÉ: Ach bhí drochchaoi ar an áit, easpa áiseanna agus easpa mhór seirbhísí. Ní raibh uisce i mórán tithe ag an am.

P.Ó hA: Ní raibh uisce reatha sna tithe, bhí na bóithre go dona, bhí na ceangail teileafóin go dona - tá taifid istigh anseo san Ardoifig fós ar na deacrachtaí a bhí ag comhlachtaí suas go dtí deireadh na seachtóidí le teagmháil a dhéanamh lena lucht margaíochta agus custaiméirí thar lear agus an t-achar ama a thógfadh sé scéala a fháil ar ais uathu. Bhí easpa infheistíochta san infrastruchtúr agus sna seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, a d'fhág go raibh siad chun deireadh le hais áiteacha eile i réimse leathan seirbhísí. Bhí sé sin an-suntasach.

D. Ó hÉ: ln ainneoin na laincisí a bhí ann, d'éirigh le Gaeltarra go leor a dhéanamh, ó thaobh cruthú fostaíochta agus mar sin de?

P. Ó M: D'éirigh. Caithfidh mé rá an chinnireacht a tugadh ó thaobh fhorbairt na tionsclaíochta ag an am, bhí fís ag baint leis agus bhí sé thar a bheith dúshlánach, ag cur san áireamh na laincisí uilig a bhí ina n-aghaidh. Is iomaí áit ar tógadh an monarcha ar dtús agus an bóthar isteach chuige ina dhiaidh sin. Tógadh na heastáit, tógadh monarchana nach raibh tograí ná tionscail ann dóibh agus cuireadh daoine amach ag tóraíocht tionscail lena n-aghaidh. Cuid mhaith de na cinn a tháinig isteach, níor mhair siad i bhfad ach b'shin é an nádúr a bhain leis an gcéad ré. Theip ar chuid mhaith acu, d'éirigh le cuid acu, ach leagadh an dúshraith.

D. Ó hÉ: Anois agus infrastructúr i bhfad níos fearr sa nGaeltacht, tá an chosúlacht air go bhfuil sé i bhfad níos deacra postanna a mhealladh?

P.Ó hA: Tá. Tá an tír athraithe uilig le deich mbliana anuas. Ag féachaint siar ar thuarascáil bhliantúil an Údaráis 1995/96, ba léir dúinn go raibh an t-athrú ag teacht. Bhí lagú ag teacht ar an déantúsaíocht ar fud an domhain. Sin an uair a rinneadh cinneadh féachaint le tosú oifigí a thógáil seachas monarchana mar a bhíodh á dhéanamh roimhe sin, mar go gcaitheadh muid ár sciar féin den obair nua-aimseartha, an obair oifige, más mian leat a fháil.

Ní féidir a bheith ag súil le haon infheistíocht eile déantúsaíochta ach ar scála an-bheag. Chomh maith leis sin tá mianta fostaíochta níos airde ag daoine anois.

D. Ó hÉ: Is léir go bhfuil an-chuid fostaíochta curtha ar bun ag Gaeltarra agus ag an Údarás le 30 bliain anois ach gur ceann de na tionchair a bhí ar cruthú fostaíochta gur lagaíodh an teanga mar theanga pobail sna ceantair Ghaeltachta ar nós Chonamara Theas.

P.Ó M: Tá an argóint sin ann. Is dóigh go bhféadfar a rá nach rabhthas sách cúramach, sách goilliúnach faoin tionchar a bhí aige sin ar iompar teanga. Níl amhras ar bith ach gur thiomáin an riachtanas fostaíochta caiteachas agus fealsúnacht na heagraíochta cuid mhór.

Creidim féin go láidir agus tá sé curtha romham agam sna spriocanna atá leagtha amach agam don tréimhse seo romhainn gur sabháilte i bhfad é don Ghaeltacht ó thaobh fostaíochta de, ó thaobh buanadas de agus ó thaobh teanga de, díriú ar na tionscail bheaga agus ar acmhainní dúchasacha na Gaeltachta. Tá sé curtha romhainn againn féachaint le céatadán de na mionthionscail a fhostaíonn idir duine agus deichniúir a mhéadú suas go 60% den fhostaíocht iomlán sna cúig bhliana seo romhainn. Bheadh sé deacair dul mórán níos airde ná sin - agus fágann sé sin go mbeidh muid ag brath cuid mhór ar dhaoine áitiúla leis an bhfhostaíocht sin a chruthú agus is dúshlán an-mhór é sin ann féin.

D. Ó hÉ: Tá éagothromaíocht an-mhór ann faoin áit a bhfuil postanna cruthaithe agus infheistíocht déanta. Tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil lán-fhostaíocht i gCois Fharraige ach tá ceantair eile ann ar nós Ceantar na nOileán, Ros Muc, Iorras Aithneach agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán postanna cruthaithe iontu, go bhfuil líon na ndaltaí sna scoileanna ag titim chuile bhliain agus go mb'fhéidir nach bhfuil na pobail sin inmharthanach. Ag an am céanna, siad na pobail is láidre iad ó thaobh úsáid na Gaeilge de.

P.Ó hA: Tá sin fíor agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil sé curtha romhainn againn sna chúig bhliana seo romhainn, go bhfuil sé mar sprioc againn tosaíocht a thabhairt do na ceantair sin - agus tabharfar tús áite dóibh. Sa mbeartas forbartha a chuir mé os comhair an bhoird, ag an gcéad chruinniú den bhord nua an 29ú Aibreán na bliana seo, tá sé ráite go neamhbhalbh agus glactha ag an mBord leis go ndéanfar idirdhealú idir na hacmhainní forbartha a chuirfear ar fáil do na ceantair tearcfhorbartha, na ceantair atá scoite amach, agus na ceantair láidre. Bainfear acmhainní ó áiteanna eile le gur féidir linn é a dhéanamh, mar níl aon bhealach eile len é a dhéanamh.

D. Ó hÉ: Ach nach dtagann sé anuas go dtí seo: níl sibhse chun na postanna a chruthú sibh féin. Tá sibh ag brath cuid mhaith ar dhaoine eile leis na postanna a chruthú agus ag deireadh thiar thall, is iad na daoine sin a roghnóidh cén áit a bheidh na postanna á gcruthú. Tá gach seans ann go mbeidh siad ag iarraidh bheith gar do chathair na Gaillimhe ar chúiseanna an-mhaith. Ach ar féidir libhse deontas níos airde a thabhairt do dhuine a lonnóidh tionscail i Ros Muc seachas, mar shampla, é a lonnú sa Spidéal nó an bhfuil bhur lámha ceangailte?

P.Ó hA: Ní féidir! Seo ceann de na fadhbanna a bhaineann le treoirlínte cúnaimh an Aontais Eorpaigh. Is mar a chéile na deontais atá ar fáil i chuile áit ar fud reigiún an BMW.

D'fhéadfadh duine an deontas céanna a fháil i nDún Dealgan, i mBaile Shligigh, imeall Áth Luain, i mBaile an Chábháin is a gheobhadh sé thiar i Ros Muc. Táimid ag troid ina choinne sin le blianta, ach leis an leagan amach atá ar chúrsaí i láthair na huaire, ní féidir é a dhéanamh - an t-aon áit ar féidir linn rud breise a thairiscint do dhaoine ná an leagan amach atá ar chíosanna sna monarchana. Is féidir linn buntáiste a thabhairt do na ceantair 'laga' ar an mbealach sin. Tá sé sin taobh istigh d'ár smacht féin. Is féidir linn socruithe ar leith a dhéanamh maidir le cíos monarchan agus spás oibre sna ceantair sin. Tá rudaí eile ar féidir linn a dhéanamh ó thaobh tacaíochta breise do chomhlachtaí - ach ó thaobh leibhéal deontais ní féidir linn é a dhéanamh mar tá riail docht daingean ó thaobh an Aontais Eorpaigh a leagann síos nach féidir é a dhéanamh. Creidim, áfach, gur féidir linn a bheith seiftiúil, solúbtha maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin sna ceantair atá scoite amach.

D. Ó hÉ: Ceann de na lochtanna a bhíodh á fháil ag daoine ar cur chuige an rialtais maidir leis an nGaeltacht ná go raibh an iomarca eagraíochtaí ag plé leis an nGaeltacht. Nuair a tháinig Údarás na Gaeltachta ar an bhfód ceapadh go mbeadh cúraim cuid de na heagraíochtaí sin curtha ar an Údarás. Ní mar sin a tharla?

P.Ó hA: Is ceist í sin atá á plé agam leis an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív le bliain nó dhó anuas. Tá sé féin ag féachaint go grinn ar an gceist seo faoi láthair. Ag leibhéal amháin tá an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta agus tá Údarás na Gaeltachta, tá go leor ama caite againn le trí mhí anois ag plé leis an Roinn faoin gcur chuige aontaithe gur gá dúinn a bheith againn mar Roinn Stát agus mar eagras stát.

Ag an gcéad leibhéal eile ansin, tá Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus líon mór comhlachtaí páirtnéireachta ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta atá maoinithe ag ADM. Tá plé ar siúl faoi láthair faoi comhordú a dhéanamh orthu sin sa gcaoi gur faoi bhrat MFG go ginearálta a bheadh na páirtnéireachtaí.

D' fhágadh sé sin ar bhealach an Roinn, an tÚdarás agus MFG mar scátheagraíocht do na heagraíochtaí eile go léir. Nuair a théann tú síos go dtí an chéad leibhéal eile, tá go leor leor eagraíochtaí pobail, comharchumainn cuid acu, grúpaí áitiúla, eagraíochtaí áitiúla deonacha, eagraíochtaí ealaíona, tá timpeall is ceathracha díobh seo ann.

Feicfear domsa go mbeadh toradh agus tairbhe i bhfad níos fearr as an gcaiteachas stáit orthu siúd ach spriocanna soiléire comónta a bheith acu a bhaineadh le cúrsaí teangan, cúrsaí forbartha pobail, agus na cúrsaí sainiúla eile sin atá faoina gcúram féin. Más grúpa ealaíona iad, bíodh a gcuid spriocanna féin acu ach na mórspriocanna a bheith aontaithe ag an Údarás agus an Roinn leosan.

Ceann de na rudaí atá i gceist againn a dhéanamh agus tá an phróiséas tosaithe, ná spriocanna sonracha fostaíochta, soláthar seirbhísí, forbairt pobail agus teanga a leagan amach dóibh sin sa gcaoi is gur féidir linn athbhreithniú bliantúil a dhéanamh orthu sin agus tacaíocht dá réir chun iad sin a chuir i bhfeidhm - agus lena chois sin, caithfidh siad a 'speáint go bhfuil tacaíocht an phobail acu agus go bhfuil siad ag feidhmiú ar bhealach a fhágann's go bhfuil a fhios ag an bpobal céard tá ar siúl acu. Feicfear domsa, ach atheagar a chur ar an gcaoi a bhfuil muid á láimhséail sin, go bhféadfadh muid toradh i bhfad níos fearr a bhaint amach ó thaobh fostaíochta, ó thaobh seirbhísí don phobal agus go háirithe ó thaobh na teanga. Beidh muid ag súil go mbainfear amach torthaí áirithe agus go mbeidh sé sin chomh maith ag teacht leis an mbeartas forbartha atá leagtha amach ag an Údarás féin - go mbeidh siad sin ag feidhmiú ar son sinne ag an leibhéal áitiúil agus ó thaobh cothú a dhéanamh ar an ionannas Gaeltachta seo. Ba bhreá liom dá bhféadfadh muid teacht go dtí an staid nuair a d' aithneodh daoine óga Gaeltachta iad féin mar dhaoine Gaeltachta, gur cuid dá n-ionannas é go mbaineann siad leis an nGaeltacht, go mbeadh siad maíteach as, feictear dom gur féidir linn é sina bhaint amach ach an port sin a bheith ag na grúpaí áitiúla atá ag plé leis na pobail áitiúla.

D. Ó hÉ: Ó ceapadh tú i do Phríomhfheidhmeanach, is dóigh gur ceann de na rudaí is suntasaí atá le feiceáil ná go bhfuil beartas nua á chur i bhfeidhm agat san Údarás. Feictear dom go bhfuil athrú treo agus fís difriúil agus i bhfad níos mó béime ar chúrsaí teangan agus cultúir sa bheartas nua.

P.Ó hA: Ceapaim go bhfuil athruithe móra bunúsacha ann ón gcaoi a raibh muid ag feidhmiú roimhe seo. Beidh béim i bhfad níos mó feasta ar cheist na Gaeilge. Ceapaim go bhfuil uair na cinniúna buailte linn chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga, tá sí ag staid an-leochaileach sna pobail na bhfuil sí fós beo.

Tá ceantair ann nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail ar chor ar bith iontu agus is gá dúinn cur chuige difriúil a bheith againn sna ceantair sin. Is athbheochan a bheadh i gceist sna háiteanna sin agus ceapaim roimhe seo go mbíodh leisce orainn a admháil go mbíodh áiteanna ann nach raibh aon Ghaeilge iontu agus muid féin ag feidhmiú iontu - tá sé sin amhlaidh! Sna háiteanna a bhfuil an Ghaeilge beo, is neartú agus treisiú a theastaíonn sna ceantair sin is láidre.

Is dóigh thar rud ar bith eile go ndéarfadh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge bun agus barr a cuid fealsúnachta. Ní bheadh aon ghá le hÚdarás na Gaeltachta mura mbeadh aon Ghaeilge ann. Ní dhéanann sé aon chiall riaracháin, mar shampla, go mbeadh eagraíocht atá lonnaithe sna Forbacha ag plé le cúrsaí forbartha san 13 ceantair sin atá scaipthe ar fud na tire. Ó thaobh na teanga, déanann sé an-chiall.

Tá sé i gceist againn cur chuige ar bhunús gairmiúil. Tá atheagar á chur againn ar an leagan amach inmheánach agus tá rannóg láidir pleanála le bheith againn, freagrach don Phríomhfheidhmeannach. Sin é an t-inneall a thiomáinfeas na rannóga agus na gníomhaíochtaí eile.

Ó thaobh na teanga de, sílim gur cheart dúinn dul ar ais agus comhpháirtíocht a bhunú leis na pobail, rud a dhéanfar i rith na leathbhliana seo romhainn . Ceapaim go raibh cuid mhór den ghníomhaíocht a bhain le cúrsaí Gaeilge, ní amháin sa nGaeltacht ach taobh amuigh de, ar nós a bheith ag eitilt sa dorchadas. Ceapaim féin go dtabharfaidh sé an-ugach don phobal a bheith in ann a thuairisciú dóibh ó thráth go chéile go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh in áiteanna éagsúla agus an bunús atá leis sin. An bhfuil méadú ag teacht ar an líon daoine atá ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúir féin?

D. Ó hÉ: Is dóigh go bh'féadfaí a rá gur tusa Gorbachev na Gaeltachta agus go bhfuil Peristroika tosaithe agat san Údarás. Ghlac Gorbachev ceannas ar Aontas na Sóivéide agus leag sé roimhe an córas shóibhéadach a athrú ó bhun go barr. Tá an chuma ar an gcaoi a bhfuil tú ag caint go bhfuil tú ag iarraidh an tÚdarás a athrú ó bhun go barr chomh maith. An éireoidh leat?

P.Ó hA: Níl aon amhras orm. Tá mé an-tiomanta den obair seo agus tá mo shaol caite agam ag obair san Údarás agus ag obair sa nGaeltacht.

Creidim gur féidir leis an eagraíocht seo athruithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar an nGaeltacht - eagraíocht ar bith a bhfuil 40 milliún euro in aghaidh na bliana de bhuiséad aige, mura féidir leis athruithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar an bhfód sa limistéar ina bhfuil sé ag feidhmiú is bocht an scéal é. Is iomaí cineál athrú a theastaíonn ach, sílim go bhfuil athrú tagtha sa saol thimpeall orainn chomh maith. D'athraigh an saol forbartha agus an saol sóisialta go mór le deich mbliana anuas agus ceapaim go bhfuil sé riachtanach go n-athróidh an tÚdarás in oiriúint dhó sin.

Tá atheagar áirithe á dhéanamh againn ar na trúpaí faoi láthair, atheagar inmheánach á dhéanamh ar na rannóga, le gur féidir linn an t-athrú a chur i bhfeidhm agus tabhairt faoi na spriocanna ar bhealach difriúil seachas mar a rinne muid go dtí seo. Dá leanfadh muid ar aghaidh sna múnlaí céanna foirne, is ar éigean a bhainfeadh muid amach iad.

Creidim gur féidir sciar áirithe den talamh atá caillte a athghabháil. Creidim gur féidir tús a chur le hathbheochan na teangan i gceantair a bhíodh ina gceantair Gaeltachta roimhe seo agus go bhfuil an toil ann. Tá gá le cur chuige gairmiúil comhtháite. Tá sé i gceist againn 30 ionad buanaithe agus sealbhaithe teanga a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Tá fúinn pleanálaí gairmiúil teanga a fhostú agus tá fúinn pleananna teanga agus forbartha pobail a aontú leis na pobail áitiúla. Airím é ag dul thart ag casadh le grúpaí agus le daoine agus le pobail sna ceantair éagsúla le blianta beaga anuas, b'fhéidir níos mó ná aon rud eile mar tá an díospóireacht faoi chúrsaí teangan cothaithe ag rudaí éagsúla. Chabhraigh na conspóidí faoi chúrsaí pleanála. Chothaigh sé sin díospóireacht faoin nGaeilge, ba rud an-tairbheach é sin.

Bheinnse an-sásta dá bhfeicfinn ag deireadh na tréimhse seo, go bhfuil ag éirí leis na seifteanna leis an teanga a neartú sna háiteanna a bhfuil sí láidir faoi láthair agus go n-aireoidh na pobail sin go bhfuil siad á gcothú. Is gá dúinn ansin aghaidh a thabhairt ar an bpobal eile sin atá ina thromlach sa nGaeltacht faoi láthair - nach labhraíonn an Ghaeilge ó lá go lá. Tá spriocanna dúshlánacha leagtha amach againn. Is duine mise atá dóchasach ó nádúr. Creidim go láidir sa bhfealsúnacht seo agus creidim gur féidir an taoille a chasadh!

Cóilín Phádraig Shéamais


Ó saolaíodh thú is mairg a rá,
go raibh an long anonn i ndán duit.
Bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá,
I measc na n-imirceánach.
Níl maireachtáil ag baile dhuit,
Ní thusa féin is cáinte
Ach an dream a d' fhág tú thiar díomhaoin,
Ag stracadh leis an nganntan.

Pádraig Ó hAoláin

Cumha


Tá mo chomharsan im thimpeall ina seasamh ag binsí,
Trí chéad agus deichniúr ag saothrú a bpá,
Ag táirgeadh earraí nach fios cé le haghaidh iad,
Iad gualainn ar ghualainn is gan focal á rá.
Tá togha na n-amhrán is togha na scéalta,
Togha na cainte is fíorscoth an cheoil
Á ligean i ndearmad anseo i measc na n-inneall,
Is ag imeacht nós sneachta gan filleadh go brách."

Pádraig Ó hAoláin

Gorbachev na Gaeltachta: Agallamh le Pádraig Ó hAoláin