Pádraig Mac Piarais: Laoch agus Scríbhneoir

[Gan Teideal]

Máire Céitinn

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1999. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Cuimhníonn Máire Céitinn ar an gceangal idir an Piarsach agus Ros Muc.

Ón am a bhí mé i mo ghasúr beag bhí cur síos á dheánamh ar Phádraig Mac Piarais i mo theachsa. Bhíodh mo mháthair agus mo athair agus mo mhuintir uilig ag inseacht scéalta faoin bPiarsach agus mar a dtug sé grá a chroí don dúiche seo Ros Muc agus dá mhuintir. Nuair a ghlac sé peann ar láimh chun scéalaíocht, is iad muintir Ros Muc a tháinig ina cheann nó mar a thug sé féin ar an áit 'Ros na gCaorach'.

Bhí an-ghrá ag an bPiarsach don Ghaeilge. Ní cainteoir ó dhúchas a bhí ann ach dúirt sé féin gur chuala sé Gaeilge á labhairt nuair a bhí sé an-óg ag duine de mhuintir a mháthar. Thosaigh sé ag labhairt Gaeilge nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois. Chuir sé Cumann Filíochta agus Béaloideasa ar bun nuair nach raibh sé ach seacht mbliana déag d'aois agus is é fhéin a bhí mar uachtarán ar an gcumann. Ghlac sé mórpháirt in imeachtaí Chonradh na Gaeilge agus bhí sé ina runaí ar choiste foilsithe na heagraíochta sin. Bhí sé ina Eagarthóir ar an bpáipéar ar a dtugtaí An Claidheamh Solais san mbliain 1903. Chaith sé sé bliana ag obair don phaipéar as a bhfuair sé £24 mar thuarastal san mbliain. Caitiliceach diaganta a bhí ann a dúradh, fear cúthail socair an cur síos a dhéanfá air. Deirtí gur tháinig Pádraig Mac Piarais trasna mar idéalaí, file agus aislingeach. Bhíodh cáil air a bheith ina aonarán agus nach raibh sé ró-mhaith ag meascadh le daoine.

Scríobh sé na línte seo a leanas ag cur síos ar fhéin :

"Pearse you are too dark in yourself, you do not make friends with the Gaels, you avoid their company."

Ach mar atá fhios againn ní mhair a chás mar sin go deo. Is léir ón bpíosa scríbhneoireachta seo go raibh coimhlint inmhéanach ag cur as don bPiarsach. Chuala mé Séan Bheartlín Ó Mainín (fear nach bhfuil sa bpobal seo níos mó) ag rá gur duine ciúin, réidh, séimh a bhí sa bPiarsach ach nuair a bhí sé ag traenáil na nÓglach lá i Ros Muc go gcloisfeadh tú ag béiceadh é ó Chnocán na Móna go dtí An Tamhnaigh Bhig agus is sin píosa fada portaigh. Bhí stad i gcaint an Phiarsaigh ach de réir mar a d'imigh na blianta d'fhás a fhéinmhuinín agus fuair sé níos láidre mar dhuine. Tháinig sé i láthair mar urlabhraí poiblí, misniúil, croíúil a chuir brí agus croí isteach ina chuid cainte - ar nós an lá úd a léigh sé Forógra na Poblachta i mBaile Átha Cliath, Domhnach Cásca 1916.

Cuireadh craobh de Chonradh naGaeilge ar bun i bparóiste Ros Muc agus ba é Colm Ó Gaora a ceapadh mar rúnaí ar an gcraobh. Bhíodh ranganna oíche acu i Scoil an Ghoirt Mhóir. D'fhoghlaim baill chraobh Ros Muc den Chonradh léamh agus scríobh na Gaeilge anseo. I measc irisí eile bhídís ag fáil An Chlaidheamh Solais. Bhí fógra sa bpáipéar sin go mbeadh scrudú ar bun chun daoine a cheapadh a bheadh feiliúnach mar mhuinteóirí Gaeilge. Chuir dhá dhuine dhéag acu leathchoróin an duine ar fáil le bealach scrúdaitheora a íoc as Baile Átha Cliath chun an scrúdú a chur.

 Teach an Phiarsaigh.

Teach an Phiarsaigh.

I 1903 a tháinig an scrúdaitheoir ó Chonradh na Gaeilge go Ros Muc, sé Pádraig Mac Piarais a bhí ann. Ní raibh sé ach trí bliana fichead d'aois. Thit sé i ngrá leis an áit agus na daoine. Thosaigh sé ag fiosrú faoi áit tí. Cheannaigh sé áit ó Jeainín Mhicil Ó Griallais in aice le Loch Eiliúrach (loch atá luaite san scéal 'Na Bóithre'). Máirtín Labhráis agus Tom Labhráis Ó Niaidh a thóg an teach dó, teach atá ann fós. Dhóigh na Black and Tans go talamh é cúpla bliain tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, chomh maith le teach Choilm Uí Gaora agus teach an Mháistir.

Tháinig an Piarsach go Ros Muc go rialta sna blianta 1903 go dtí 1915. Bunaíodh Óglaigh na hÉireannn Gaillimh i Samhain 1913. Chuir an Piarsach traenáil ar bun i Ros Muc thart ar na blianta 1914-1915. Bhí thart ar dhá scór fear óg as Ros Muc i láthair chomh maith le fir óga ón gCeathrú Rua, Leitir Móir agus na hOileáin. Is minic a chuala mé mo athair ag rá gur san teachín beag in aice le Loch Eiliúrach a déanadh go leor den phleanáil do Éirí Amach na Cásca 1916.

”D'fheil Teach an Phiarsaigh i Ros Muc go breá, sin in aineoinn an R.I.C a bheith trasna an locha uaidh. Bhí Tomás Ó Cléirigh agus Sean Mac Diarmada i Ros Muc, sin an bheirt a chinntigh go raibh Éirí amach ann. Bhí Tomás Mac Donnchadha ann agus Seosamh Pluincéad agus Éamonn Ceannt. Sílim gurbh é Séamus Ó Conghaile, cinnire ar an Arm Cathardha an t-aon duine den seachtar a bhfuil a n-ainmeacha le forógra na poblachta nach raibh i dteach an Phiarsaigh i Ros Muc agus nílim cinnte ar fad nach raibh seisean ann ach an oiread. Déarfainn gur féidir glacadh leis nach ag ól póitín nó ag siúl thart faoin áit a chaitheadar a gcuid ama ar fad".

(MacAonghusa-Ó Gaora 1992).

 Beairic Ros Muc agus ball den RIC.

Beairic Ros Muc agus ball den RIC.

Feiceann muid an Piarsach ag fás ina aigne thríd a chuid scéalta. Feiceann muid freisin cén sórt duine a bhí ann. Bhíodh trua aige don duine aonair, mar shampla Sean Mhaitias in Íosagán.

Bhí trua aige don té a bhí sean ar nós Bríd i Bríd na n-Amhrán. Chreid sé i maithiúnas Dé sa An Deargadaol. Thuig sé intinn an ghasúir, feiceann muid é seo in san scéal An Gadaí agus in Bóithre. Chreid sé in uaisleacht agus cneastacht an duine agus go mbeadh an bua ag an maith ag deireadh an lae. Luaigh sé muintir Ros Muc agus na bailte atá ann ina chuid scéalta, mar shampla Gairfeanach, Doire an Bhainbh, Cnocánna Móna, An Tuarlach, Snámh Bó, An Tuarlach Beag, lnbhear, An Gort Mór, Cill Bhriocáin, Cill Eoin, Gleann Chatha, Eiliúrach agus Cnocán Feacha.

Scríobh mé faoi Phádraig Mac Piarais mar dhuine, laoch agus mar scríbhneoir tuisceanach, greannmhar, bríomhar. Thug seisean meas do mhuintir Ros Muc nuair a luaigh sé iad agus an áit. Léirigh sé iad mar ghnáthdhaoine nach raibh gan smál, ach mar dhaoine ar nós an chuid is mó do dhaoine a rinne a ndícheall déileáil leis an saol chomh maith is a bhí siad in ann. I mo shúile is laoch é atá beo i gconaí in anam na ndaoine trína chuid scríbhneoireacht agus polaitíocht. Cuimhníonn mé fós ar a chuid scéalta a léigh mé. Scéalta iad a bhí feiliúnach do chuile aois ghrúpa agus i mo thuairimise is sin rud speisialta i scríbhneoir. Is léir ón méid a chuala mé faoi an bPiarsach gur fear uasal, macánta, oilte a bhí ann, fear a bhí faoi dhraíocht ag pobal áirithe Gaeltachta agus már thugann sé Ros na gCaorach ar an áit is léir gurb é Ros Muc a bhí i gceist aige.

Óró sé do bheatha 'bhaile
Óró sé do bheatha 'bhaile
Óró sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tSamhraidh.
B’fhearr liom thú ná céad bó bhainne
B’fhearr liom thú ná céad bó bhainne
B’fhearr liom thú ná céad bó bhainne
Anois ar theacht an tSamhraidh.

P. Mac Piarais

Mairfidh a ainm go brách i gcroí agus anam mhuintir Ros Muc, sa stair agus trí a chuid litríocht. Thug an áit agus na daoine ionsparáid dó chun tosnú ag scríobh agus is iontach an onóir é sin de phobal Ros Muc.